Ar an Aoine seo caite bhí agóid ag tuairim is 8,000 Íoslannach lasmuigh den Dáil s'acusan le fáilte Uí Chonghaile a cur roimh na polaiteoirí ag teacht ar ais i ndiaidh a laethanta saoire. (Sin 8,000 as daonra de 318,000!) Bhí ar na polaiteoirí éalú tríd an gcúl doras ag fágáil na Parlaiminte.
Caitheamh droch-uibheacha, cáis bhréan, trátaí níos bréine, péint agus eochracha carr orthu. Lasadh tinte cnámh. Lámhachadh tinte ealaíne orthu.
Chur agóidí na nÍoslannach ruaig ar a rialtas den eite dheis anuraidh.
Vótáladh isteach rialtas den eite chlé i ndiaidh sin, ar an ndóchas go ndéanfadh sé difríocht éigin. Tá an tÍoslannach ag foghlaim nach bhfuil fonn ar dhaonsóisialaithe amhail páirtí Jóhanna Sigurðardóttir daonlathas buirgéiseach a thréigean ach an oiread, ná bac le caipitleachas féin a chur ar ceal.
Leasanna beaga suaracha a dhéanamh ar an chóras, anseo is ansiúd, ach sa deireadh fágtar an neamhionannas mar atá sé agus tíorántacht na gcaipitlí ar an mhóramh sochair sábháilte. Tiocfaidh siad i bhfóirithint ar an mhionlach saibhir i gcónaí.
Beidh sé ar na hÍoslannaigh vótáil níos faide clé an chéad uair eile más mian leo athrú fiúntach radacach a fheiceáil!
Feictear dom go bhfuil sé ag foghlaim ag tapaidh nach bhfuil aon athrú i ndán dóibh mura n-athraítear an córas.
"Cur Caipitleachas chun báis" nó "Maraigh Caipitleachas" a léann an comhartha thíos
Tá níos mó le léamh agus le feiceáil ar an mblag iontach seo . (Ceann don Googlereader)
An mbeadh Poblacht na nOibrithe níos éasca a bhunú i dtír le daonáireamh beag agus lucht oibre eolasach?
Déarfainn go mbeadh.
Tá fonn láidir orm Íoslainnis a fhoghlaim anois!
9 comments:
Coinneoidh mé súil fhuarintinneach ar an tír sin agus ar an Venezuela, dhá thír an-éagsúil lena chéile, amach anseo.
Dála an scéil, cad é do bharúil ar an Danmhairg?
MO ghreidhn an tIoslannach.
Níl sé ach timpeall 20 bliana ó cheadaíoch tithe tabhairne sa tír sin. Bhí siad in éirinn leis na cianta. Seans nach bhfuil réidhchúis an tigh tabhairne dult i gcion orthu go fóill!!
Níl mórán cur amach agam ar an Danmhairg leis an fhírinne a rá.
Ní mór dom níos mó a léamh ina leith ar dtús.
Cad chuige ar luaigh tú an Danmhairg?
Is breá liom an grianghraf ar an bhlag nasctha leis an gcomhartha a léann "Helvítis Fokking fokk" .i. ifreann focain foc!
Sin fearg duit!
Agus mar gheall ar an fhearg seo tá an rialtas thall ag méadú buiséad nGardaí Círéibe faoi 45%!
@ Fearn
Cén fáth an cosc ar thithe tábhairne roimh 20 bliain ó shin?
@tithe tabhairne.
Ní raibh nós na dtithe tabhairne ann riamh.
Nuair a tháinig an teilifís isteach i dtosach, shíl an tIoslannach go ndéanfadh sé dochar, mar sin, ní raibh craoltaí ann, ach dhá oiche nó trí sa tseachtain, agus ar feadh m'eolais, níor tháinig sé isteach go dtí 1970 nó mar sin.
An aimsir úd, bhí an Ioslainn ar an gcúilráid
Easpa dí mheisciúil, easpa boscaí amadán!
Cad a déarfadh Huxley?
Bhal, rinne siad a n-ólachán sa bhaile. Ní raibh cosc ar an deoch láidir.
Sílim nach raibh i mbeart na mboscaí mbómánta ach deimhniú nach mbeadh an Ioslainnis thíos leis an nuatheicneoileacht.
Tá an Ioslainnis ar chois láidir anois cé nach bhfuil ach 250 000 lucht a labhartha
Cad chuige ar luaigh tú an Danmhairg?
Íocann siad cáineacha an-arda agus faigheann siad a lán “social benefits” (níl mé cinnte den Ghaeilge air sin). Saghas sóisialachais atá ann, nach ea? Sin é an fáth ar luaigh mé an tír sin.
Post a Comment