Dé Luain, Deireadh Fómhair 04, 2010

M2010.10.02

Mura bhfuil sé cloiste agat cheana mholfainn éisteacht. Cuireann Mac Uilliam tréas in aghaidh Fhianna Fáil/na nGlasach faoi Anglo Irish, agus ní mó ná sásta a bhí Hanafin leis.
Bíonn an fhírinne searbh.

(Trascríbhinn ar fáil anseo)


Ar ndóigh ní hé seo an chéad uair a luadh an focal tréas in aghaidh an rialtais. Mhaígh Éamon Gilmore go hoscailte sa Dáil é an Márta seo caite.
D'iarr sé ar an Thaoiseach an lá sin na daoine a bhí ag brústocaireacht ar son Anglo roimh ráthaíocht 2008 a ainmniú, na doiciméid agus comhairle a bhí curtha ar fáil don rialtas a eisiúint, tabhair seans na leabhair sa bhanc a fheiceáil, agus míniú éigin a thabhairt faoi cén fáth a raibh an ráthaíocht stáit tugtha don bhfofhiach.
Níor thugadh a iarradh.

Ba léir ansin sa chaoi cheannann chéanna a bhfuil sé soiléir dúinn inniu nach bhfuil aon réamhshampla ar domhan don a leithéid de ráthaíocht ariamh roimhe.
Mar sin, má bhreathnaítear ar chinntí an rialtas agus "na bunaíochta" go dtí seo ní féidir ach teacht ar an thuiscint bhunúsach, agus is simplí, go raibh, agus go bhfuil an rialtas ag gníomhú ar son leas eile lasmuigh de leas an phobail.

Agus sin tréas in aghaidh an stáit.

Ar ndóigh sa phoblacht bhanana seo ní tréas é, is éard a deireann an Bunreacht in airteagal 39:
"Is é amháin is tréas ann cogadh a chur ar an Stát, nó cabhrú le stát nó le duine ar bith, nó saighdeadh faoi dhuine, nó bheith i gcomhcheilg le duine, chun cogadh a chur ar an Stát, nó iarracht a dhéanamh le harm nó ar mhodh fhoréigneach eile ar na horgain rialtais a bhunaítear leis an mBunreacht seo a threascairt, nó páirt nó baint a bheith ag neach lena leithéid sin d'iarracht, nó aon duine a shaighdeadh nó bheith i gcomhcheilg leis chun a déanta nó chun páirt nó baint a bheith aige léi."

(Molaim athrú don bhunreacht a chuirfeadh tréas eacnamaíochta in airteagal 39.)

Is cuma le meisceoir Cowen cad a deir tráchtairí ar an raidió faoi, nó cad a chuireann ceannaire an fhreasúra ina leith. Ní féidir lámh a chur air. Agus mura bhfuil sé sásta leis na meáin dá cheistiú (Ursula Halligan/Vincent Brown ó TV3) cuirfidh sé in iúl dóibh -trína ghiolla Gaeltachta .i. Eoghain "Giolla an Mheisceora raimhre" Ó Neachtain- nach bhfuil fáilte rompu i dTeach Laighean. Is le Fianna Fáil é an dtuigeann tú?

Ní féidir liom moladh níos fearr a shamhlú d'iriseoir ar bith ná cantal agus fearg ó rialtas truaillithe i do leith! Agus déarfainn go bhfuil ríméad ar lucht TV3 leis an mholadh nach bhfuil fáilte rompu ag lucht gaimbín.

Mura bhfuil fáilte roimh roinnt de na meáin chumarsáide ní déarfainn gurb amhlaidh le Gaelscéal.
Lean Páidí Ó Lionáird ag treabhadh ar aghaidh lena fheachtas aonarach in aghaidh dul chun cinn Pháirt an Lucht Oibre sna pobalbhreitheanna leis an píosa deas thíos ag bun a ailt an tseachtain seo:
"Tá sé deacair é a chreidiúint ach táimse den tuairim go bhfuil an ceart ag Alan Shatter a dúirt go bhfuil an Lucht Oibre ag fágaint an dorais chomhrialtais oscailte d’Fhianna Fáil. Cás eile fós ina bhfaigheadh pobal na hÉireann rialtas NÁR iarr siad!"

Ar dtús fuair pobal na hÉireann an rialtas a d'iarr siad. Vótáil an tromlach ar son lucht gaimbín agus mar sin fuair siad lucht gaimbín. Má dhéantar amhlaidh arís agus vótálann siad ar son lucht gaimbín gheobhaidh siad an rialtas a d'iarr siad, bíodh sin Fianna Gael nó Fáil.

Sa dara dul síos tá sé ráite, athráite, ríomhráite agus ráiteráite go sollúnta ag Páirtí an Lucht Oibre nach mbeidh siad ag dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil i gcás ar bith. Mhaígh Gilmore amhlaidh arís ar líomháin Shatter. Rith Páidí le ráiteas Fhine Gael mar sin féin.

16 comments:

aonghus said...

Bhuel, dúirt Dick Spring mórán an rud céanna, tráth dá raibh.

Dubhaltach said...

Is fíor sin ach ní fheicim aon chiall in "anailís" Pháidí go mbeadh fonn dá laghad ar aon pháirtí dul i gcomhrialtas le Fianna Fáil mar a sheasann siad inniu i súile an phobail.

Tá seans níos fearr de Rialtas Náisiúnta idir an dá pháirtí gaimbíneacha ós rud é go bhfuil a pholasaithe ó thaobh cáin agus ciorruithe etc mórán mar an gcéanna

aonghus said...

Sin é.

Doiligh a rá cén toradh a bheadh ar toghchán.

Níos doilí cinneadh a déanamh cé dó/di a chaithfidh mé vóta an chéad uair eile.

Fearn said...

Maith thú, a Dhubhaltach, as an ainilís bhreá seo. Cionn is nach bhfuil mé in Éirinn, níor chuala/léigh mé mórán.

Ach rith coir an tréis liom. Trua nach bhfuil dul air ó thaboh na bunreachta.

Ach, san Íoslann, táthar ag iarraidh an dlí a chur ar an PhríomhAire a bhí ann de dheasa mheargántacht an gheilleagair. "Faillí" atáthar a chur ina leith, más fíor.

Sílim gur dual "loitiméireacht" a chur i leith fobróirí talún agus polaiteoiríní.

Ní ceart a gcos a ligint leo, óir beidh fhios ag gach rachmasaí agus a ghiollaí polaiteoireachta go ligfear a somhaoin leis chóiche agus go dtabharfar a chailliúint isteach ag an gnáthcháiníocóir

aonghus said...

Ach dlíodóir glic a bheith ag duine, d'fhéadfaí rud éigin a dhéanamh leis an nath úd thuas maidir le foréigean a imirt ar an Stáit.

Feictear domsa go ndearnadh dúmhál ar an Rialtas ag lucht ceannais na mBanc.

Sin foréigean.

Dubhaltach said...

Cad saghas dúmháil a Aonghuis?

aonghus said...

Sceon a chuir orthu: Go dteipfeadh ar an gcóras baincéireachta tré chéile mura ndéanfaí de réir mian na mbaincéir.

Dubhaltach said...

B'fhéidir go raibh sin i gceist cinnte, go dtí pointe, ach tugann sin le fios go luíonn an locht leis na baincéirí amháin.
Bheinn den thuairim go bhfuil an rialtas féin ag iarraidh rudaí a cheilt. Níor mhaith leo Anglo a bheith curtha faoi ghlacadóireacht toisc go dtaispeánfadh sin don tír agus don dhomhan a ngníomhaíochtaí féin agus gníomhaíochtaí lofa na bunaíochta in Éirinn lena mbanc príobháideach.

An dúmhál é sin má tá an dá choirpeach ag cosaint a chéile? .i. ní déarfaidh muid aon ní mura ndeir sibh aon ní!

Dubhaltach said...

@ Fearn:
"Ní ceart a gcos a ligint leo, óir beidh fhios ag gach rachmasaí agus a ghiollaí polaiteoireachta go ligfear a somhaoin leis chóiche agus go dtabharfar a chailliúint isteach ag an gnáthcháiníocóir"

Bhuel tá a gcos a ligint leo.
Níl aon rud foghlamtha nó athruithe sa tír seo. Bhí, agus tá, an pobal ró-phatuar ruaig a chur ar an dream a chruthaigh an phraiseach, mar a rinneadar san Íoslainn.
Tá seilbh na cumhachta fós i láimhe na ndaoine ar chóir a bheith os chomhair breith an phobail.

Dubhaltach said...

"Níos doilí cinneadh a déanamh cé dó/di a chaithfidh mé vóta an chéad uair eile."

Ní cinneadh ar chóir glacadh go réchúiseach.

aonghus said...

Ceist mhaith.

Ach is foréigean fós é fiú má bhíonn coirpeach thíos leis.

Sílim mar sin go bhféadfaí tréas a fheiceáil sna geáitsí seo.

Fearn said...

@Dubhaltach

"Bhuel tá a gcos a ligint leo.
Níl aon rud foghlamtha nó athruithe sa tír seo. Bhí, agus tá, an pobal ró-phatuar ruaig a chur ar an dream a chruthaigh an phraiseach, mar a rinneadar san Íoslainn.
Tá seilbh na cumhachta fós i láimhe na ndaoine ar chóir a bheith os chomhair breith an phobail."

Tá muintir na hÉireann ceannaithe ag airgead, an saol bog agus a chuid camailéileachta fhéin. Is rógairí a chuirfeadh rógairí i gcumhacht.

Maidir le hÍoslann, ní gan troid a éirigh leo tabhairt ar an dlí gníomhú agus níl an chúirt i bhfeidhm go fóill. Ach bhí tréith acu nach bhfuil ag an Éireannach sa lá inniu, chuaig siad le fearg, léirsigh siad is thug siad ar a bpolaiteoirí gníomhú nó bata is bóthar a thabhairt dóibh seachas an maithiúnas coitinn a thugtear do gach pholaiteoirín agus forbróir talún in Éirinn.

Is feall fulaingt an Éireannach gan a leigheas a lorg.

Dubhaltach said...

@ Fearn.

Tiomáineann eagla an tÉireannach. Níos mó ná aon rud eile.

Chonaic muid gach oíche cad a bhí ag tarlú san Íoslainn. Bhí míreanna ar an nuacht agus cláracha eacnamaíochta ag taispeáint dúinn cad a bhí ag titim amach thall.
Thuig muid go raibh seans acu vótáil i bpobalbhreitheanna faoi cad a dhéanann siad le fiacha eachtrannacha agus na bainc lofa, thuig muid gur tháinig siad amach in aghaidh a rialtais le ruaig a chur orthu.

Ach gach lá bhíodar ann, leis, na saineolaithe, na polaiteoirí, na tráchtairí sna meáin is iriseoirí tuairimíochta ag bolscaireacht leis an Éireannach go raibh an Íoslannach focáilte i gceart anois toisc gur thug sé dúshlán na margaí!
Chuirfeadh múineadh orthu!
Níl aon rogha eile againn!
Is fearr a bheith dea-bhéasach, íoc suas, caith siar, cas thart, dún do shúile, éist do bhéal agus ansin bheadh gach rud togha.

Ní fhéadfadh a leithéid a tharlú ach do chine iar-choilínithe gan tuiscint nó meas ar a gcultúr féin.

Fearn said...

@Dubhaltach

"Tiomáineann eagla an tÉireannach. Níos mó ná aon rud eile. "

M'anam, sin tuairim nár rith liom agus b'fhéidir go bhfuil an ceart agat.
Toradh eagla leitís mharfach.

Shíl mé riamh go raibh an tÉireannach riamh ar son gan freagracht a ghlacadh le go bhféadfadh sé an locht a chur ar daoine eile as a n-easnaimh fhéin .i. An Sasanach, an Eaglais, an aimsear, 7rl.

Níl fhios agam an bhfuil morán Éireannach cumasach ann a bhfuil ionraic agus toilteanach beart a dhéanamh.

Fearn said...

@Dubhaltach

Tá mé ar aon fhocal leat, sílim, ó thaobh drochiarsmaí an chóilíneachais

Seán said...

Galánta! Maith thú, David!

Sceon a chuir orthu: Go dteipfeadh ar an gcóras baincéireachta tré chéile mura ndéanfaí de réir mian na mbaincéir.

Sin é. Bhí rud céanna ann i mí Dheireadh Fómhair 08 abhus anseo. Beart Mhaifia atá ann.