Dé hAoine, Deireadh Fómhair 22, 2010

M2010.10.19

Bhí an Móránach cineálta a dhóthain a chuid rámhaille pinn a roinnt linn an tseachtain seo arís. Cosúil le beagnach gach uile sheachtain eile in ailt dá chuid caillim an pointe atá sé ag iarraidh a chur trasna.

Ach sheas rud éigin amach an tseachtain seo gur chóir, sílim, blagmhír a thabhairt dó.
Is é sin:
"Tá muid bancbhriste, tá muid bancbhriste…”
Is oth liom a rá go bhfuil an scéal chomh lom leis sin. Níl aon airgead sa tír, níl aon airgead ag an rialtas agus mura nglacann muid le pé rud a chuireann Brian Lenihan os ár gcomhair..."
Tá an ceart aige nach bhfuil an t-airgead ag an rialtas, ach má thuigtear é sin ní foláir an cheist a chur; cén fáth san?
Tá an tír seo, dar leis an Phríomhoifig staidrimh, an dara tír is saibhre san Aontas Eorpach, fós. (Déan machnamh ar an mhaíomh sin!)
Tá ár n-olltáirgeacht intíre OTI (an figiúr sin is breá lena leithéid úsáid a bhaint as go han-mhinic) níos mó ná 30% níos airde in aghaidh an chinn thar an meán leibhéal san Eoraip.

Mar a sheasann sé tá costas de €50 billiún againn chun cúrsaí sa tír a reáchtáil .i. ospidéil, briogáidí dóiteáin, an Garda Síochána, scoileanna etc. Tá ár gcaiteachas ar na rudaí seo 10% níos lú ná an meán san Eoraip. Monuar, níl ach teacht isteach ó cháin de €30 billiún againn. Ergo easnamh ollmhór sa bhuiséad, cáinaisnéisí crua agus cacamas amhail an t-alt seo ó lucht gaimbín.
Ní luíonn locht ár "bhféimheachta" le caiteachas ró-ard ach le cáin ró-íseal.

Cuireann an tír seo í féin i láthair mar thír le cáin íseal, agus feidhmíonn sé mar sin. Tá ár dteacht isteach cánach ar cheann de na leibhéil is ísle ar domhan, ná bac le hEoraip!.
Agus faigheann an státchiste beagnach 50% dá teacht isteach ó chánachas indíreach .i. na rudaí a cheannaíonn tú srl. Tá sin ar ceann de na leibhéil is airde ar domhan le haghaidh cánachas indíreach.
Fiú leis an gcáin chorparáide íseal (12.5%) atá againn tá comhlachtaí in ann an méid beag sin a sheachaint, go dleathach, ag baint úsáide as an "Double Irish".

Níl cothromaíocht sa chóras.

Tá níos mó ná 110 buntáiste cánacha ar fáil, go sonrach, do lucht an tsaibhris in Éirinn. Tuairimíonn Dr Michael Collins -eacnamaí le coláiste na Tríonóide agus ball den Choimisiún um Chánachas- go gcailleann an tír seo €11 BILLIÚN in aghaidh na bliana, gach bliain go deo, de bharr na mbuntáistí seo!
Tá 33,000 il-mhilliúnaithe sa tír inniu freisin, a fuair €20 Billiún i mbuntáistí cánacha ó phobal na hÉireann ó 2005 i leith.

anailís iontach déanta ar thuarascáil Bhank of Ireland ‘Wealth of the Nation’ thall ar ILR, a thaispeánann go bhfuil €121 billiún de shaibhreas acu fós i 2010.
Agus mar a deirtear san alt; dá gcuirfeadh an rialtas cáin rachmais de 1% orthu (mar atá i mórán gach tír san Eoraip) bheadh teacht isteach de €1.2 billiún ar fáil dúinn ón bheart sin amháin i 2011.

Tá go leor airgid sa tír. Is bréagach agus aineolach a mhalairt a mhaíomh.

8 comments:

aonghus said...

Ach tá sé ag na daoine míchearta....

Dubhaltach said...

Is cuma cé hiad i ndáiríre, ach is mícheart ar fad é nuair atá níos mó ná 40% den saibhreas sa tír i seilbh 3% den daonra.
Agus an saibhreas sin cruthaithe ag an 97% eile.

aonghus said...

Ach is mar sin atá an dáileadh ioncam i mórán gach sochaí.

Sochaí comharchumannach atá de dhíth! Mar is deacair saibhreas ag ghiniúint gan níos mó na scil daonna amháin.

Dubhaltach said...

Is fíor duit a chara!

ormondo said...

Sa Ghearmáin tá 3.8% na socmhainní ag an 50% is boichte sa tír agus 46.8% na socmhainní ag an 10% is saibhre.

Tá an scoilt ag dul de shíor i ndoimhne.

Is amhlaidh go bhfuil na daoine siúd leis an rachmas mor ag maireachtaint sa tsochaí seo againne san Iarthar mar a bheadh siad i bparthas.

Agus ós rud é go bhfuil an córas ina bpóca acu, cheapfá go mbeadh aitheanta acu nach rachadh sé chun a leasa dá bpléascfadh an tsochaí atá ag cothú an chórais sin.

Anonymous said...

Coinnigh i gcuimhne go dtig an Tíogar as an fhealsúnacht airgeadaíochta chéanna a dhearna an cliseadh fosta. Measaim gur seo an robáil is forleithne gnáthdhaoine ar a laghad ar bith sa ré iarthionsclaíoch, agus tá na daoine i seilbh oifige ar na cosa de na bainc. Is gá dúinne neamh-chomhoibriú síochánta forleathan, dar liom.

Dubhaltach said...

@ormondo
Ní shílim go dtagann "sochaí" isteach sa chothromóid dóibh. Níl uathu ach carnadh caipitil níos mó, agus a seilbh ar an gcaipitil sin a dhaingniú.

Tugann géarchéimeanna rialta an chaipitleachais an deis sin dóibh amhlaidh a dhéanamh.
Is cuid lárnach an chórais é.

Agus ní ionann sochaí agus an córas. Is cuma faoin sochaí chomh fada agus a mhaireann an córas a chinntíonn dúshaothrú timpeallachta agus daoine ar son bhrabús príobháideach,an daonlathas lag neamhdhíreach a chinntíonn nach féidir cur as don chóras de charnadh caipitil.

Dubhaltach said...

@Seán
Ba mhór an gníomh aon chur le chéile neamhbheartaithe ar scála ollmhór ag an lucht oibre chun an córas a thréigean.