Déardaoin, Deireadh Fómhair 21, 2010

M2010.10.18

Ag leanúint blagmhír John.

Mar sin seo a leanas mo thuras saol trí na seoltaí inar chónaigh mé:
(D'fhág mé tithe inar chónaigh mé le linn na samhraí as an áireamh .i. tithe cónaithe i gcéin agus in áiteanna eile timpeall na tíre, nó pubaill!, inar chaith mé 3 nó 4 mí iontu.)

Mo chéad bhaile! Bhuel níl an carbhán beag ann a thuilleadh, ach sin an áit a mbíodh sé. An cíos is saoire ar fad déarfainn!

Nuair a tháinig mo dheartháireacha bhí sé in am dúinn bogadh isteach chuig teach le níos mó spáis! N'fheadar an raibh an teach go léir ar cíos againn, sílim go rabhamar á roinnt le teaghlach eile, ach is cuimhin liom ag rith thart agus ag súgradh amhail is gur linne amháin é.

Mar sin bhogamar amach as an áit sin go dtí an áit seo. Ní rabhamar á roinnt le teaghlach eile.

Thógamar ár dteach féin cúpla bliain ina dhiaidh sin, agus bhí deireadh leis na tiarnaí talún (an aicme súmairí áirithe sin) i saol mo thuismitheoirí. Monuar níl íomhá de ar fáil ar GoolgeMaps, mar sin tá mo bhaile ceart as an áireamh anseo freisin. Is dócha nach raibh an misneach ag tiománaithe an Google-charr an bóithrín pollta chuige a thriail!

Le feiceáil thuas tá mo chéad teach i gcoláiste, i gCorcaigh. £25 in aghaidh na seachtaine le haghaidh seomra. Chónaigh mé ann le gealt as an Spáinn, gealt as Beanntraí agus gealt eile as Contae na Gaillimhe. Is cairde liom fós iad.
Bhí aerfort Chorcaí lasmuigh den teach, mar sin bheadh an áit ag crith amhail is go raibh crith talún ag tarlú gach uair a bheadh eitleán ag tuirlingt.

Bhog mé go dtí an áit seo le bheith níos cóngaraí don choláiste. Chónaigh mé sa seomra atá san áiléar (sin an fhuinneog ag an bharr). Bhí radharc iontach uaibh de ghleann Chathair Chorcaí .i. Cnoc na hAoine, Cnoc an Chuilinn etc.
Bhí sé go deas, leis, a bheith istigh ann oíche stoirmeach agus an bháisteach ag clagarnach ar an díon.

Bliain nó dó de sclábhaíocht gan mórán pá i gcathair Chorcaí bhogas go Baile Átha Cliath ag lorg oibre, amhail spailpín! Agus bhogas isteach chuig an mbloc árasán seo ina gcónaíonn sclábhaithe pá eile.

Bhogas amach as an áit sin go dtí áit nua beagnach bliain ó shin. Níl radharc de ar fáil ar léarscáil Google! Mar sin fágfaidh mé íomhá den teach seo a fheicim chuile mhaidin. Tigh Shéamuis Uí Chonghaile. Córas na dtiarnaí talún i mbailte.

2 comments:

John said...

Ní fhaca mé do thuras síos conair na cuimhne go dtí seo. An-mhaith. Go háirithe an carbhán ag a tús! Is maith liom an fhuinneoigín bheag sin i seomra an áiléir. Tá go leor feicthe ag an bhfuinneog sin déarfainn.

Dubhaltach said...

Dar fia,go leor!