Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 20, 2010

M2010.10.17

Íomhá ó Wiki d'ollstailc 1926 sa Bhreatain a mhair 10 lá.

An bhfuil seans níos fearr d'ollstailc sa Bhreatain ar an nuacht ar maidin go mbeidh ciorruithe de €94 billiún agus caillteanas de thuairim is leathmhilliún post acu?

Is annamh a bhíonn ollstailc acu thall, cúpla ollstailc lae thar na blianta.
Agus cosúil linne féin is ceannairí den eite dheis ceannairí a gceardchumainn, a bhíonn drogall orthu bheith ag cur as do lucht caipitil agus na margaí le héilimh na n-oibrithe! Ná bac leis an gcóras éagórach féin a chur ar ceal.
Chomh maith leis sin níl an tuiscint bhunúsach ann i measc an lucht oibre inniu faoin ghá le hollstailc, agus nílid réidh don choimhlint dhian atá ag teastáil sa choimhlint seo an stát leasa a chur de dhroim an tsaoil.

Ach caithfidh go bhfuil ceannaireacht na bhFrancach le mí anuas ina hábhar misnigh do lucht oibre na hEorpa go léir?

Tá anailís iontach ar an teoiric agus stair a bhaineann le hollstailc ar fáil san alt seo ón pháirtí Sóisialach i Sasana agus Breatain Beag. Is fiú é a léamh.

2 comments:

Fearn said...

Is mór idir Breatain 1926 agus 84 bhliana ina dhiaidh.

Tá ré an Olldéantúis ann thart agus scrios Taitsear na ceardchumainn 30 bliain ó shoin.

Níl ann ach lucht sodar an tsaint. Ní théann siad ar stailc!

Dubhaltach said...

Nach spreagfadh an t-athrú saibhris ón phobal go dtí mionlach saibhir tuiscint as an nua i measc an lucht oibre?

Agus cinnte, is é laige na gceardchumainn an dris chosain is mó faoi láthair in aghaidh cur le chéile agus éirí amach i gcoinne na héagóra. Thall agus abhus.
Tá níos mó na 1.5 milliún oibrithe anseo gan ceardchumainn! Tá sé chomh dona anseo anois go bhfuil David Begg ceannaire an ICTU ag teacht amach ar an raidió is ag rá nach bhfuil na magairlí ag lucht oibre na hÉireann teacht amach agus agóidíocht a dhéanamh amhail na Francaigh!
A leithéid de cheanndánacht ó dhuine nach nglaonn stailc mura bhfuil sé ag iarraidh cainteanna a thosnú leis an rialtas.