Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 20, 2010

M2010.10.16

Cén fáth go bhfuil Fianna Fáil/na Glasaigh ag tarraingt na gcos le 13 bliana anuas maidir le reifreann ar chearta leanaí?

Anailís ar ILR.

18 comments:

aonghus said...

Toisc go gcosnóidh sé airgead ar Stáit a bhfuil sé cruthaithe go minic gurbh é sin an cloch is mó ar a bpaidrín.

Sin an chúis go raibh an féidearthacht ann go mbeadh na scannail a nocht Ryan ann - agus atá anois ag teacht chun solais i leith áras Bethany.

Agus an iliomad cás mar é.

Ach dá mbeadh foráil sa Bhunreacht, ní bheadh an Stát in ann éalú as a ndualgais mar atá. Go háirithe agus é i gceist cur go mór le dualgais an Stát (rud nach bhfuilim iomlán ina fhabhar)

Dubhaltach said...

Ceart agat a Aonghuis.

Dubhaltach said...

Cad atá i gceist agat "cur go mór le dualgais an Stát" nach bhfuil tú ina fhabhar?

Nár chóir dom stát a dhualgais maidir le cearta leanaí a chomhlíonadh?

aonghus said...

Ach ní thagaim go hiomlán leis an alt (is dócha gur cuid den "anti choice lobby" mé)

Bhí deis ag an FSS deireadh níos luaithe a chuir leis an gcás ciorrú coil i Ros Comáin. Is léir go raibh - nó go mba cheart go mbeadh - an t-eolas acu a ligfeadh dóibh an cás ard chúirte a bhí ann a throid agus a bhuachan.

Ní dhearna siad é. Rinneadh tréan iarracht ag an am an milleán a leagan ar "right wing catholic organisations" - ag deireadh an lae tháinig sé chun solais nach raibh i gceist ach go dtug seanbhean amháin tacaíocht don mháthair sa chás an cás a throid.

Dá mbeadh a gcuid oibre déanta ag an FSS ní bheadh deacracht dá laghad acu an chás a bhaint - bhí fianaise soiléir acu ó na múinteoirí go raibh faillí á dhéanamh sna leanaí.

Tá sé thar a bheith éasca labhairt faoi "right wing catholic organisations" agus "anti choice lobby". Sílim áfach go bhfuil breis agus a dóthain fianaise ann nach bhfuil an FSS ag baint feidhm cheart agus na cumhachtaí atá acu, agus nach é an Stát is fearr i mbun cúram leanaí.

Tá gá le tacaíocht ar an dtalamh, seachas foinse nua airgeadais do dhlíodóirí!

aonghus said...

Nár chóir dom stát a dhualgais maidir le cearta leanaí a chomhlíonadh?

Cinnte. Ach céard é an Stát? I dtús báire is ar thuistí agus gaolta na leanaí atá na dualgais: is ceart don Stát tacú leo. Má tá faillí á dhéanamh sna dualgais, is ceart don Stát iad a ghlacadh chucu féin - ach go drogallach, cúramach.

Tá sé éasca cásanna gáifeacha (Móin na gCaor, Ros Comáin) a úsáid chun cumhachtaí gan freagracht a bhronnadh an institiúidí Stáit. Sin a tharla leis na "cruelty men" fadó - agus féach an iarmhairt a d'fhág sin againn.

Dubhaltach said...

Feictear dom gur luadh an "anti choice lobby" toisc gurbh iad an t-aon dream a rinne aighneachtaí in aghaidh cearta breise do leanaí lasmuigh dá gcearta sa teaghlach.

Is dóigh go mbreathnaíonn siad ar chearta nua sa bhunreacht do leanaí mar ísliú stádais don teaghlach mar bhunchloch an stáit.

Má thagann tú leis an dtuairim sin is dóigh gur chuid den lobby thú!

Ach lasmuigh den phointe sin díríonn an t-údar an milleán go léir ar an FFS.

"Tá gá le tacaíocht ar an dtalamh"
Sílim go bhfeidhmíonn oibrithe sóisialta mar thacaíocht ar an dtalamh. Agus sin ceann de príomhargóintí an ailt. Dá mbeadh oibrithe sóisialta oilte go dtí ardchaighdeán againn bheadh a lán déanta ó thaobh cosaint leanaí.

aonghus said...

Agus an rud atá á mhaíomh agamsa ná go bhfeadfaí é sin a dhéanamh, anois, gan leasú ar an mbunreacht.

Níl, agus ní raibh aon chosc sa bhunreacht ar an Stát gníomhú sna cásanna a luaigh mé. Bhí an t-eolas acu. Ní dhearna siad faic - toisc nach raibh na daoine ar an dtalamh.

Ach uair amháin cearta níos leithne ag an Stát, is deacra iad a shrianadh - ná a cheistiú!

Féach ar an mí úsáid a bhaineann an FSS as an riail "in camera", atá ann chun leanaí a chosaint, chun aon cheistiú nó fiosrú ar a mhí éifeacht fhéin a cheilt, mar shampla.

Dubhaltach said...

Maidir le "cearta níos leithne ag an Stát, is deacra iad a shrianadh - ná a cheistiú!"

Nach ceist daonlathais í sin? Níor cheart go mbeadh easpa freagrachta institiúidí stáit mar dhris chosain in aghaidh cearta leanaí.

Feictear dom go bhfeidhmeodh cearta bunreachtúla do leanaí mar uirlis chun an FFS a fheabhsú. Bheadh dualgas bunreachtúla acu (seachas dualgas morálta) níos mó infheistíochta a dhéanamh ar dhaoine ar an dtalamh.

aonghus said...

Tá an dualgas sin orthu cheana, faoi Airteagal 42, alt 5.

I gcásanna neamhchoiteanna nuair a tharlaíonn, ar chúiseanna corpartha nó ar chúiseanna morálta, nach ndéanaid na tuistí a ndualgais dá gclainn, ní foláir don Stát, ós é an Stát caomhnóir leasa an phobail, iarracht a dhéanamh le beart oiriúnach chun ionad na dtuistí a ghlacadh, ag féachaint go cuí i gcónaí, áfach, do chearta nádúrtha dochloíte an linbh.

Tá tuairisc in ndiaidh tuairisc foilsithe le déanaí a léiríonn go bhfuil an FSS ag sárú an dlí reatha.

Dubhaltach said...

Feictear domsa go luíonn an fhadhb sin leis na focail "tuistí" mar a thuigeann an stát é. Nó mar a thuigeann an cúirt é ar aon nós.
Is é sin le rá tá cearta leanaí mínithe trí chearta an teaghlaigh le tuistí pósta.
Níl cearta leanaí sainmhínithe mar mar cearta iad féin .i. cearta do pháistí is cuma cé cruth atá ar an teaghlach.
Dhéanfadh athrú sa bhunreacht cinnte de go mbeadh cosaint, i súile an stáit agus a chóras dlí, don leanbh lasmuigh agus laistigh den phósadh.

Ní bhaineann sin leis an FFS, agus táim ag ceapadh gurb é sin an fáth go bhfuil fadhb agat le hathrú don bhunreacht!

Feicim ón tríú tuarascáil um an Leasú Bunreachta maidir le Leanaí go bhfuil go leor cásanna cúirte ina raibh idirdhealú reachtaíochta idir leanaí a chónaíonn i dteaghlach pósta agus neamhphósta.
Ní foláir fáil réidh leis an éiginnteacht sin.

Néidí said...

Aonghus Mura bhfuil an stát is fearr i mbun cúrám leanaí, cé atú?

aonghus said...

Aontaím go mba cheart fáil réidh le hidirdhealú idir an saghas tuiste atá i gceist, cé go bhfuilim go mór i bhfabhar tús áite a thabhairt do thuistí, a bhfuil gealltanas sollúnta tugtha acu don bpobal go bhfuilid toilteanach feidhmiú mar thuistí (i. tá siad pósta)

Táim i bhfabhar fíor chearta leanaí a chosaint agus a neartú; táim i gcoinne cearta feidhmeannaigh a neartú agus cur i gcéill ann gurbh iad cearta leanaí atá á chosaint.

Thug mé sampla thuas - tá an FSS ag baint feidhm as cearta "in camera" maidir le cásanna leanaí faoi chúraim chun a bhfaillí féin a cheilt.

Agus pé casadh a chuirtear i gcrích - beidh baint aige leis an FSS, mar is iad a bheidh á chuir i gcrích.

Maidir le cé ba cheart cúram a thabhairt do leanaí: na tuismitheoirí ar dtúis (an bheirt acu!). Má theipeann orthu, is gá don Stát féachaint chuige (mar atá leagtha amach sa Bhunreacht reatha) go dtugtar an cúram cuí dóibh - i measc a ngaolta, más féidir. Ach ní mór a bheith iomlán cinnte go bhfuil freagracht soiléir leagtha ar dhuine seachas ar maorlathas.

Dubhaltach said...

@ Aonghus.

Aontaithe.

Ach le fáil réidh maorlathas mar seo ní foláir córas níos daonlathaí a chur i bhfeidhm (Daonlathas sóisialach .i. daonlathas díreach) Agus ní fheicim é sin ag tarlú.

Fiú i dtíortha amhail Veiniséala ina bhfuil páirtí sóisialach radacach i gcumhacht agus ag oibriú in aghaidh an mhaorlathais (ag dhul tharstu agus ag tabhairt freagracht agus cúram do na daoine i gcomhair scoileanna/oideachas, dáileadh airgeadais sa cheantar, ospidéil agus leigheas, córas iompar etc) tá fadhbanna ollmhóra acu ag éalú uaibh.

aonghus said...

A t-imní atá orm ná go lagófaí seasamh an teaghlach sa mBunreacht, gan aon fíor feabhas a chuir air chearta leanaí - seachas an cheart d'fheidhmeannaigh cuir isteach ar theaghlaigh a chuir ar fáil.

Rud a bhfuil mí úsáid bainte as thar lear, chun dearcadh idé-eolaíochta a chuir i feidhm ar theaghlaigh.

Dubhaltach said...

Is dóigh go bhfuil tú ag labhairt faoi chásanna ó thar lear, cásanna nach bhfuil ar eolas agamsa.

Ó méid den athrú atá molta ní fheicim aon rud a bhaineann ó sheasamh an teaghlaigh le tuistí pósta sa bhunreacht.

An bhfuil tú aon chaint faoi bhaol gan choinne nach mbeimis ag súil leo a thiocfadh as breith bhreithimh éigin, ag am éigin, i gcás éigin amach anseo?

aonghus said...

Where the parents of any child fail in their responsibility towards such child, the State as guardian of the common good shall, by proportionate means, as shall be regulated by law, endeavour to supply or supplement the place of the parents,

Sin doras sách leathan!

Dubhaltach said...

Seo mar a deireann sé faoi láthair:
where the parents of any child for physical or moral reasons fail in their duty towards such child, the State as guardian of the common good, by appropriate means shall endeavour to supply the place
of the parents.

Ní fheicim sa leagan nua atá molta ach sainmhíniú faoi ról an stáit laistigh den dlí.
Ní baol don theaghlach i súile an stáit é nó na bunreachta ach an oiread.

aonghus said...

Thug mé an alt ar fad thuas.

Tá "I gcásanna neamhchoiteanna" bainte as acu sa leagan molta.