Dé Luain, Deireadh Fómhair 11, 2010

M2010.10.08

Ó tharla Áine ag scríobh faoi fógraí teilifíse sa bhlagmhír dheireanach s'aici, chinn mé go roinnfinn an ceann thíos libh.

Sraith fógraí atá ann a thaispeánann cruthaitheacht agus acmhainn grinn iontach chun earraí a dhíol, dar liom.



Agus más acmhainn iontach bholscaireachta an fógra teilifíse atá cruthaitheach tá an cruthaitheacht chéanna in ann níos mó ná earraí amháin a dhíol.



Sa chás seo oibríonn sé mar frithbholscaireacht thar a bheith cliste in aghaidh roscaireacht ghránna amaideach Nuacht an tSionnaigh i SAM. Agus ní mó ná sásta atá mo dhuine leis. Molaim breathnú air anois sula mbaintear ón idirlíon é, mar de réir dealraimh "bhí fuath ag Walt Disney do cheannairí na gceardchumainn" toisc go rabhadar ina gCumannaigh; agus is bolscaireacht shóisialach an físeán thuas an dtuigeann tú leat mé!

Sílim go bhfuil sé ar fheabhas ar fad, agus scanrúil, an chaoi a dtarraingíonn an cruthaitheoir ár n-aird don chaoi a bhfuil roinnt mhaith den lucht oibre thall sna Stáit ag leanúint gan cheist reitric na "shock jocks" den eite dheis.

4 comments:

Fearn said...

Polaitíocht an eagla faoi scramh grinn é, dar liom!

Dubhaltach said...

Gan amhras, tá eagla nach beag orthu roimh fhoréigean an Phanda álainn!

Is é eagla roimh fhoréigean a choinníonn muid go léir sochar ciúin ó thaobh ceannairce de. Sílim go bhfuil cliste, agus greannmhar, an eagla chéanna a úsáid chun rudaí a dhíol linn.

Fearn said...

Eagla roimh athrú, sílim, a choinníonn "stuaim" agus "guaim" ar dhaoine.

Dubhaltach said...

Sílim go bhfuil athrú ag teastáil ón Éireannach.
Ach tá eagla air roimh cheannairce an t-athrú a éileamh toisc go bhfuil cead ag an stát aon cheannairce a d'athródh aon rud a chur síos le foréigean.
Mar sin fanfaidh sé le haghaidh olltoghcháin chun a fhearg a chur in iúl agus an t-athrú atá uaibh a éileamh.
Monuar, is beag athrú a bheas le feiceáil i ndaonlathas buirgéiseach.
Tá sé imithe chomh fada sin in olcas anois go bhfuil "rialtas náisiúnta" á phlé nó "chomhaontú traspháirtí" a chruthú faoi na beartais dhéine a chuirfear ar an Éireannach sna ceithre bliana atá roimhe chun déithe na margaí a cheansú.

Fiú sula gcaitear a vóta níl cumas ar bith i nguth an Éireannaigh.
Níl scéal níos brónaí ná scéal an Éireannaigh!