Déardaoin, Deireadh Fómhair 07, 2010

M2010.10.07

an t-eagrán reatha den Bhratach Dhearg i mo ghlac; lán eolais, léirmheasanna agus ábhar machnaimh mar is gnáth leis.

Tá léirmheas spéisiúil ag an eagarthóir ann, faoin leabhar "The Lost Revolution" scéal brónach na "Sticky bastards" siúd!

Fágann sé na focail is cumhachtaí le haghaidh na bhfocal scoir, nó don leathanach deireanach ar aon nós. Cáineann sé -ní don chéad uair- eagrais an eite chlé, inniu agus inné, a leanann córas srathaithe ó thaobh eagair de.
Is é sin le rá córas eagraíochta le ceannairí agus lucht leanúna fúthu. "Ní sóisialach aon saghas eagrais a bhfuil roinnt ag ceannaireacht agus an chuid eile á leanúint." "Tá an scoilteadh bunúsach i sochaí aicmeach idir smaoineamh agus déanamh. Tá na daoine a dhéanann obair an domhain ag an mbun, agus na daoine a dhéanann an cinneadh cén obair atá le déanamh ag an mbarr."

An bhfuil an móramh (sna heagrais shóisialacha) ag fágáil na gceisteanna móra mar fadhb na gceannairí amháin, agus a n-intinní féin a dhíriú ar a bhfadhbanna féin? a cheistítear.
Agus cé mhéad dá gceannairí céanna a chruthaigh struchtúir san eagras a chinnteodh go mbeadh sé amhlaidh?

Ceist bhunúsach do aon eagras sóisialach cinnte, agus nach macalla é don thír uilig leis?

Murach alt beag Phádraig Uí Shnodaigh ní bheinn ar eolas faoi dán Mháirtín Uí Dhireáin darbh ainm "Séamus Ó Conghaile".
Fágadh an dán ar lár sa duanaire Dánta 1939-1979 a foilsíodh i 1980, ach tháinig sé ar ais san ath-eagar is nuaí Na Dánta.
Más mall is mithid:
Dá n-abraíodh neach leat maidin an lae úd
Go mbeadh daoine an tráth seo ar fud do thíre
Bheadh bocht is nocht, gan a gcoinne le haon rud
Ach anró is call, is iad beo ar dhéirce...

Ach is trua le n-aithris an scéal atá amhlaidh
Fiche bliain is cúig ó thit tú go calma;
Fir mhóra láidre is a ndroim le balla
Is ocras is fuacht ar bhean is ar leanbh.

Lucht maoine is rachmais suite go daingean;
Iad suite, báite i bpléisiúir shaolta;
Iad seascair, caomhnaithe i dtithe teolaí...

Ach caithfidh Gaeil feasta choíche
An córas mallaithe a bhriseadh is a réabadh;
A chreach ó thús a chuir in ísle bhrí sinn...

2 comments:

Fearn said...

Beidh deireadh seachtaine maith léitheoireachta agat, a Dhubhaltach.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat a chara, bhí.