Dé Domhnaigh, Nollaig 27, 2009

M2009.12.11

N'fheadar cén fáth sa Diabhal go mbeadh éinne ag súil le "Nollaig bhán". Níl ach crá croí ag baint le sioc agus sneachta in Éirinn. Cinnte bíonn cuma bhreá ar an dtírdhreach. Tá cuma ar na sléibhte is na páirceanna go bhfuilid in high defination.
Ach, leis an méid síor-reo agus síor-choscairt le déanaí phléasc na píopaí uisce, caithfidh muid dul go dtí an tobar reoite síos sna goirt anois le huisce a fháil chun cac na hoíche aréir a ghlanadh ón leithreas nó aon ní eile a dhéanamh.
Ag dul síos go dtí an tobar dom thosaigh spideog do mo leanúint an bealach ar fad, ní raibh faic agam le tabhairt dó, an créatúirín ocrach. Nuair a tháinig mé ar ais le bia dó ní raibh mé in ann é a aimsiú. Tá súil agam gur aimsigh sé an bruscar aráin a d'fhág mé i mo dhiaidh.
(síor-reo agus síor-choscairt le feiceáil go dtí an tobar)

Ghlan mé agus mo dheartháir muide féin sa bhfarraige inné nuair a bhí muid ag surfáil! Thóg strainséirí grianghraif dínn agus dúirt siad go raibh muid as ár meabhair. Ní mór aontú leo.
Tá na bóithríní timpeall na háite ina n-oighear-rinc ceart chomh maith. Contúirt nach beag atá ann don té le fonn cuartaíochta air.
Tá mo chailín agus a muintir sáinnithe ina dteach ó dheas i ngeall ar chontúirt na bóithre ina dtimpeall. Tá siúlóid fhada ar shioc agus oighear i ndán dóibh más mian leo bainne don tae a fháil. An t-ádh leo gur Nollaig atá ann agus an teach lán le bia.
Tá bainis mo sheanchara ar siúl Dé Céadaoin agus le níos mó sneachta agus seaca geallta dúinn le linn na seachtaine, idir -5 agus -7 céimC anocht! Beidh le feiceáil cad a tharlóidh.

"I'm dreaming of a white Christmas". Dheabhail!

9 comments:

aonghus said...

Baineann an rómáns a luaitear le sneachta le tíortha dea eagraithe, a bhfuil cumas acu plé leis, agus a bheith réidh do aimsir eisceachtúil.

Rudaí go breá anseo thoir, go fóill. Súil agam go dtagann sibh slán tríd.

Dennis King said...

Pergelation? Caithfidh gur cuireadh na píopaí isteach le linn na tréimhse idiroighrí is déanaí. Nó le linn na boilgeoige tithíochta?
:-\ Coraggio!

Dubhaltach said...

Tiocfaidh muid slán tríd gan amhras, ach ní rud pléisiúrtha é.

Ceart agat faoi chaoi nach bhfuil muid eagraithe i gceart chun plé le haimsir eisceachtúil mar seo. Deirtear anseo nach bhfuil a dhóthain grin ag an chomhairle contae anseo nó i Maigh Eo.

Dubhaltach said...

@Dennis
Bhí fadhbanna againn leis na píopaí céanna sa chuid sen den pharóiste seo roimhe. Anois táid ag maíomh go bhfuil a lán de na feirmeoirí ag fágáil sconnaí ag rith timpeall na háite ionas nach reofadh a bpíopaí féin agus tá sin ag cruthú fadhbanna dúinn le heaspa uisce sa chóras!

Dennis King said...

Sin rud a rinne mé an mhí seo caite nuair a chuaigh an teocht síos go 15F anseo. Ach ní raibh ach sconna amháin sa gharraí i gceist agus ba leor sileadh an-mhall leis an bpíopa a chosaint.

Dubhaltach said...

Smaoineamh maith, ach ní shílim gurb é sin bun na faidhbe atá againn anseo. Dá mbeadh easpa uisce sa chóras bheadh an fhadhb le chuile dhuine. Táid siúd sa sráidbhaile fós le huisce. Is léir go raibh pléasc ar áit éigin sa líne agus níl a fhios acu cén áit, agus gan fonn ar bith orthu a dhul ar a thóir. Go dtí go bhfuil a laethanta saoire thart ar aon nós.

Míshásta said...

Níl aon rud nádúrtha fé Nollaig Bhán sa chuid is mó den oileán seo, go mórmhór sa chósta theas agus sinn fé thionchar teólaí Sruth na Murascaille. Níl aon cumha againn i ndiaidh Sasana Nua agus a gcuid sléanna agus clingchloig agus castáin rósta.

Nollaig Bhog atá uainn.

Dubhaltach said...

@ Míshásta
Tá Sruth na Murascaille ag déanamh a ghnó fós go deimhin. Bhíos ar an trá inniu agus bhí sioc ar an trá suas go dtí an t-uisce. Tá an sruth ag coinneáil an tseaca ón uisce.

Nollaig bhog fhluich dhoracha atá uainn go deimhin.

Google+ said...

D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com