Déardaoin, Nollaig 17, 2009

M2009.12.06

Seod beag a bhaistfinn ar leabhar gearrscéalta nua le Orna Ní Choileáin darbh ainm Canary Wharf. Fuair mé de thimpiste é le haghaidh €5 i siopa athláimhe i lár chathair Dhubhlinne. Caithfidh mé a admháil go raibh drogall orm an leabhar seo a cheannach ar dtús, fiú agus €5 air, síos ó €15 toisc go raibh sé léite cheana.

Is dóigh go raibh drogall orm roimhe toisc roinnt de na léirmheasanna a léigh mé ina leith.
Bhí an iomarca cainte faoi "nua-aimseartha", "cool", "focail nua", "fóin phóca" "daoine óga" srl. Agus bhíos ag ceapadh go raibh sórt Sex in the City lag, as Gaeilge, a bheadh ann. Tháinig smaointí chugam faoi chúrsaí mná, caife le cairde, siopadóireacht, buachaillí agus a leithéidí. Dia idir mé agus mo €5, na Hills ó MTV a bhí ann, a bhíos ag ceapadh.
Ní foláir a admháil go luíonn an locht sin liomsa, agus liomsa amháin.
Thug mé mo bhreithiúnas ar an leabhar de bharr a chlúdaigh. Is cinnte go mbaineann na scéalta faoi shaol na cathrach sa lá atá inniu ann, ach bhí an bhreall ar fad orm faoi mo réamhthuairimí.

Thaitin cuid mhór de na scéalta liom, roinnt acu go mór. Ní raibh mé ró-thógtha le ceann nó dhó, ach bheifí ag súil leis sin i gcnuasach.
Tá cumas nach beag ag Ní Choileáin carachtair a chruthú agus scéal a thógáil go slachtmhar ina dtimpeall laistigh de chúpla leathanach. Bua atá ag teastáil ón ghearrscéalaí is dóigh, chomh maith le clisteacht agus cumas smaointeoireachta ar leith freisin. Tréithe atá le fáil sna 10 ngearrscéal sa leabhar.
Ceapaim go dtaispeánann an t-údar tuiscint iontach ar na hábhair atá faoi chaibidil aici, leis, bíodh sin trí thaithí pearsanta nó taighde cuimsitheach. Chabhraigh an méid sin na scéalta is na carachtair fhicsin seo a chreidiúint.

Tá na scéalta scríofa go soiléir agus i nGaeilge shaibhir, ach ní Máirtín Ó Cadhain saibhir, mar sin sílim go dtaitheodh an leabhar seo lena lán daoine um Nollaig.

Costasach go leor ag an ngnáthphraghas €15, ach sílim gur fiú é.

1 comment:

Dennis King said...

Máirtín-Ó-Cadhain-saibhir
Seo comhfhocal nua a thaitníonn go mór liom! Sheas, agus seasann, an saibhreas céanna idir an Cadhnach agus an iliomad (bhuel, cúpla dosaen ar a laghad) léitheoirí. Ach ní nuacht é seo.