Déardaoin, Nollaig 17, 2009

M2009.12.07

Tá éadóchas orm faoi Éireannaigh. Níl a fhios agam cén áit le tosnú agus dá dtosóinn níl a fhios agam an bhféadfainn stopadh leis an racht!

NAMA ar dtús is dóigh. Chreid na hÉireannaigh, bhuel, chreid siad na bréaga á n-insint dóibh ó Airí lofa amhail Martin Mansearagh, Briain Lenihan, Briain Cowen, Willie O'Dea agus a leithéidí.
Mhothaigh Karl Whelan go raibh gá cúpla fíric a chur os comhair lucht léitheoireachta an IT. Ach ní chloisfidh nó ní léifidh an gnáthÉireannach na focail siúd. Níor chuala nó níor éist siad roimhe, beag an baol go ndéanfaidh siad amhlaidh anois.

Níl aon airgead saor in aisce le baint as an mBanc Ceannais Eorpach le NAMA, agus ní chinnteoidh NAMA iasachtú arís ó na bainc dócmhainneacha sa tír seo. Cinnteoidh NAMA go mbeidh fiach ollmhór agus caillteanais airgid de €30 billiún orainne agus ar na glúinte le teacht.

Is dóigh go raibh na hÉireannaigh lán-toilteanach glacadh le NAMA toisc go gcreideann siad an méid a bhfuil á rá leo ag polaiteoirí truaillithe agus iriseoirí laga sna meáin.
Cosúil leis an chaoi ar chreid siad na bréaga faoi Chonradh Liospóin agus poist nua nó feabhsú geilleagrach.
Nó an chaoi chéanna ar chreid siad nach raibh aon rogha eile ar fáil sa gcáinaisnéis ach ciorruithe troma leasa sóisialaigh a chuir i bhfeidhm ar na daoine is boichte agus is leochailí in Éirinn .i. daoine faoi mhíchumas, na daill, daoine dífhostaithe srl

Tháinig an nuacht amach inniu (pdf) go raibh fás OTI 0.3% sa cheathrú a d'imigh tharainn, ach tá seo ann mar gheall ar bhrabús na gcomhlachtaí móra ilnáisiúnta atá anseo toisc nach bhfuilid ag íoc mórán cánach de bharr ár ráta cánach corparáide. Ní rachaidh ach céatadán beag bídeach den bhrabús sin ar leas Éireannach, agus ní rachaidh sé ar leas an phobail go coitianta ar chor ar bith.
Chomh maith leis sin bhí titim suntasach de 1.4% san olltáirgeacht náisiúnta OTN arís!
Ní réitítear aon ní má chuireann muid an dallamullóg orainn féin i gcónaí.

Cad é faoi na hÉireannaigh? Ag croitheadh láimhe agus ag déanamh comhbhróin le fear a ciontaíodh as ionsaí gnéasach a dhéanamh ar bhean!

Maidir le hionsaithe gnéis, sagairt agus a leithéidí. Murach náire an Phápa féin ní bheadh aon Easpaig a bhí ról acu ag ceilt gníomhachtaí péidifileach san Eaglais Chaitliceach ag éirí as. Donal Murray sa chás seo, Easpaig a raibh lán tacaíocht aige ó Éireannaigh thíos i Luimneach. Éireannaigh nár léigh tuairisc Murphy gan amhras!

Agus má chreideann na hÉireannaigh go raibh airgead saor le theacht as an Eoraip de bharr NAMA chun ár mbainc a shábháil sílim go bhfuil sé níos náirí fós go bhfuil dream Éireannach a chreideann go bhfuil cumhacht saor le fáil óna meaisín síor-ghluaisne, fós. Creideann an dream seo go bhfuil céad-dlí na teirmidinimice sáraithe acu!
Braithim brón do na hinnealtóirí Éireannacha atá ar an bhfís sin ag maíomh go bhfuil an dlí sin briste! Braithim brón do na daoine (Éireannaigh an chuid is mó gan amhras) a chuir €8 milliún isteach sa chamscéim seo! Braithim brón do na hinnealtóirí Éireannacha a chreideann go bhfuil rud éigin aimsithe acu seachas mótar leictreach éadrom, lag agus moill ach atá an-éifeachtach!
In ainm Dé más saor-chumhacht atá ann ní bheadh aon ghá leis an gcadhnra.

No comments: