Dé Máirt, Nollaig 22, 2009

M2009.12.10

(brú ar an íomhá)

Alt tráthúil ó Seán Ó Riain san IT ar maidin.
"Agus seo á scríobh tá suas le 30,000 duine i dtrioblóid lena gcuid morgáistí agus iad i mbaol a ndíshealbhaithe. Is ar na bancanna éadrócaireacha a thóg áit na dtiarnaí talún an locht. Soláthraíonn na cúirteanna na reithí batair. Tá eitleáin na n-eisimirceach éifeachtach is tapa.
Tá stair ghránna s'againn á hathdhéanamh.

Mura bhfuil na bainc féin agus na hiasachtóirí morgáistí ag feidhmiú mar thiarnaí talún sa lá atá inniu ann tá an gnáthÉireannach féin toilteanach amhlaidh a dhéanamh agus an ról sin a líonadh.
Má bhí fadhb ag an Éireannach le córas na dtiarnaí talún tráth, ní fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil fadhb dá laghad aige leis an gcóras sin anois.
Nach raibh brabús maith le saothrú as daoine óga le cíos ró-ard agus praghsanna níos airde ar tithe le linn Ré na Sainte, ar baisteadh "An Tíogar Ceilteach" air!
Cosúil le seadáin lofa ag fás i gcorp folláin rinneadh chuile iarracht an méid is mó a bhaint as teaghlaigh óga sa tír seo. Bhí níos mó ná 52% de chuile infheistíocht in Éirinn déanta ar réadmhaoine le cúpla bhliain anuas. Bhí timpeall is 30% de dhaoine ag ceannach tithe in Éirinn le cúpla bhliain anuas ina n-"infheisteoirí" .i. daoine (a bhíonn níos sine agus sábháilteacht a mbaile féin acu) ag infheistiú i réadmhaoine bunaithe ar an bprionsabal go mbeadh praghsanna ag ardú toisc go mbeadh baile ag teastáil ag teaghlaigh óga amach anseo.
Cosúil leis an dtiarna talún ón am atá caite táid ag feidhmiú mar seadán, ag sú fuinnimh as an gcorp.

Beidh fadhb mhór seo na ndíshealbhaithe ag éirí i bhfad Éireann níos measa i 2010.
Níl an fhadhb ach ina tús.
Tá cásanna ag teacht chun na hArd-Cúirte chuile lá anois maidir le daoine á ndíshealbhú as a dtithe, in ainneoin gealltanas bréagach gan onóir na mbanc go dtabharfaidís cosaint do dhaoine agus a mbailte. Feidhmeoidh na cúirteanna ar son na gcaipitlithe i gcónaí, fiú i mbéal na Nollag agus leanaí faoi mhíchumas i gceist.

Mar sin, cad é an difríocht idir na híomhánna thuas sa bhlagmhír ó "Dún Uí Allmhúráin" i Lios Bairrinn le linn díshealbhuithe Lúbán Díge i gContae an Chláir agus díshealbhuithe sa lá atá inniu ann?
Níl aon difríocht go sóisialta, ar chor ar bith.
Luíonn an difríocht le freagairt na ndaoine don bhagairt, agus freagairt an phobail leis.
Tá géarghá againn anois cíbe fearg atá ann (agus deirtear go bhfuil á lán ann!) a úsáid i gcosaint fhoréigneach amhail mar a ndearna na Gaeil sna pictiúir thuas le linn díshealbhuithe Lúbán Díge 1887, mar shampla.

Tá an ceart ag Ó Riain, bail ó Dhia air;
"Dá dtiocfadh na daoine atá i mbaol ó bhagairtí na mbancanna le chéile agus dá ndéarfaidís “má tá mo theach-sa ag teastáil uaibh, caithfidh sibh teacht agus mé a chaitheamh amach as”. Ansin ní bheadh dul as ag na bancanna ach fios a chur ar an sirriam agus ar na báillí. Thiocfaidís san ag an gnátham, go luath ar maidin. Tacaíocht acu ón Gharda Síochána, ar ndóigh. Bheadh pictiúir ghránna le feiscint ar an teilifís ar fud an domhain. Náireofaí na polaiteoirí, thuigfeadh siad cuid den bhfearg atá ar dhaoine. Bheadh orthu a gcéad dualgas a chomhlíonadh, sé sin, cúram ceart a dhéanamh de ghnáthmhuintir na tíre."
Lig do na bainc fios a chur ar na sirriamaí, lig dóibh teacht, lig dóibh fios a chur ar na "Gardaí Síochána" .i. Gardaí Shell.

Má tá baile teaghlaigh uathu ba chóir dóibh íoc as go daor lena bhfuil féin.

Ba chóir don phobal tacú leis na teaghlaigh atá i dtrioblóid, go díreach mar a tharla in Éirinn le linn chogadh na talún. Lig dúinn na híomhánna siúd a scaipeadh, timpeall an domhain, le taispeáint gurb é seo an rud a dhéanfaidh na bainc do na daoine céanna atá ag dul i mbannaí orthu.

No comments: