Dé Luain, Nollaig 21, 2009

M2009.12.09

Bhí an t-ádh orm an sár-scannán "Dances with Wolves" a fheiceáil arís ag an deireadh seachtaine sula bhfaca mé an scannán nua ó James Cameron, Avatar.
Chuala mé, nó léigh mé, léirmheastóirí anseo is ansiúd ag déanamh comparáid idir an dá shaothar, agus thuig mé cad a bhí i gceist acu nuair a chonaic mé aréir é.

Cosúil le Dances with Wolves (DwW) tá an scannán seo ar fheabhas ar fad.
Ní féidir liomsa locht mór a fháil air. Seachas lena rá nach sroicheann Avatar na mothúcháin céanna is a bhain DwW amach, agus lena rá go bhfuil sé beagán áiféiseach go gceapfadh duine daonna go bhfuil coimhthíoch gorm atá 10 dtroigh in airde, go gceapfadh an duine go bhfuil an coimhthíoch sin tarraingteach go gnéasach!
Ach is cuma faoi sin óir seo an scannán is galánta agus is fearr a raibh sé de phléisiúir agamsa breathnú air le fada.
Tá sé 2 uair 40 nóiméad ina iomláine, sách fada, ach bheinn féin toilteanach agus go hiomlán sásta 2 uair eile a chaitheamh ag breathnú air.
Oibríonn an 3D thar cionn ar fad agus cuireann sé go mór leis. Molaim go mór an ceann seo a fheiceáil sa phictiúrlann. Tá cuma an-réadúil ar an mbeochan, agus fiú ag rá an focal beochan ansin is deacair a chreidiúint go bhfuil beochan i gceist leis an gcuid is mó den scannán.

Ar ndóigh ní thaitneoidh an scannán le chuile dhuine. Go háirithe ní thaitneoidh sé leo siúd a chreideann go ndearna George Bush jab maith sa teach bán, nó go ndéanfadh Sarah Palin jab níos fearr. Nó éinne a chreideann nach bhfuil i gcaint maidir le téamh domhanda ach caint san aer le hairgead a bhaint as tíortha móra an Iarthair agus caighdeán maireachtála amhlóirí an Iarthair a laghdú, nó a chreideann go raibh an ceart ag Blair faoin ionradh ar an Iaráic srl.
A leithéid ar gach taobh den Atlantach.
Tá teachtaireachtaí le haimsiú anseo faoi chogaí le haghaidh acmhainní nádúrtha, agus teachtaireachtaí faoin timpeallacht go forleathan an dtuigeann tú.
Agus ní thaitníonn teachtaireachtaí láidir mar sin i scannáin le daoine áirithe. Ar leibhéal pearsanta sílim gur thaitin an scannán seo níos mó liom toisc go bhfuil teachtaireachtaí ann chomh maith le siamsaíocht den chéad scoth. Cad is scéal ann gan teachtaireacht?

Chuir na scannánóirí an-bhrú orthu féin leis an gceann seo leis. Ní hamháin ag forbairt teicníochtaí scannánaíochta nua ach ag forbairt teanga nua do na Na'vi (sin na dúchasaigh ar an bpláinéad). Bhí an ceart acu é sin a dhéanamh mar gan an teanga nua seo ní bheadh an sórt réalachais atá ag teastáil le fáil i scannán atá go hiomlán neamhréalaíoch.
Tá cleacht le foghlaim arís ag scannánóirí ar an ábhar sin. Ábhar na teangeolaíochta i scannáin. Bhain Mel Gibson caighdeán ard amach i scannáin cosúil le Apocalypto agus Passion of the Christ ag baint úsáide as teangacha a labhraíodh sna tréimhsí ina bhfuil na scannáin lonnaithe chun an réalachas tábhachtach sin a chruthú. Rinne Kevin Costner amhlaidh le DwW ar ndóigh ag baint úsáide as teanga na Sioux. Oibríonn sé anseo do Avatar freisin.
An bhfuil sé ró-dhéanach don scannán nua sin faoi Bhriain Bóirmhe atá ar na bacáin?
Ó na haisfhreagraí a fuair mé ó léiritheoirí "Freedom Within the Heart" ní bheidh an Ghaeilge á húsáid ina scannán. Béarla a bheadh i mbéil na nGael!

Avatar; 9 as 10 (i mo thuairim)

3 comments:

Dennis King said...

GRMMA as an léirmheas seo: tuisceanach, suimiúil, pearsanta. Chomh maith le rud ar bith atá le léamh sna mórmheáin!

Maidir leis an teanga nua a chum Paul Frommer, níl mórán eolais agam fúithi fós, ach tá áthas orm go bhfuil ejectives, aka glottalized stops (tx, kx) inti. Tá conlangs ar fud na háite ar an idirlíon, ach maireann 99.8% díobh gan fhios don saol. Alt greannmhar faoi seo anseo.

Scannán eile (agus ceann fada eile i riocht an director's cut ar an diosca Blu-Ray) a bhfuil teanga neamhghnách in úsáid ann ná The New World. Bhí ar an teangeolaí a bhí ag obair le Terrence Malick, bhí air an teanga, Virginia Algonquian, a atógáil. Bhain sé úsáid as cúpla liosta focal ón seachtú haois déag chomh maith le teangacha Algonquian eile atá beo fós leis an teanga seo a chur i dtoll a chéile arís.

Dubhaltach said...

GRMA as an mholadh, agus mílte fáilte romhat leis.

Thaitin an New World go mór liom chomh maith. Caithfidh mé breathnú ar an gceann sin arís.

Seo thíos alt maith maidir le teanga na Na'vi.
http://www.vanityfair.com/online/oscars/2009/12/brushing-up-on-navi-the-language-of-avatar.html

Tá sé spéisiúil nach bhfuil sé bunaithe ar aon theanga ar leith. Ach is cinnte go bhfuil na Na'vi féin bunaithe ar Dhúchasaigh-Mheiriceá

Google+ said...

D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com