Dé Máirt, Nollaig 15, 2009

M2009.12.04

Dúshlán Uí Chionga. Cuid a haon.

Níl photoshop agam. Mar sin níl an clár saor in aisce atá agamsa cumhachtach a dhóthain an téacs céanna a aimsiú nó an téacs a athrú srl.


Seanfhocal a haon:

Tá sceach i mo scornach .i. tá tor ar lasadh i mo scornach.
Nuair a bhíonn an tor ar lasadh i do scornach caithfidh chuile dhuine .i. Iosraeilítigh .i. do chairde, caithfidh siad éisteacht leat agus na rialacha á leagtar síos. Ní mór duit iad á dtreorú as an bpub ina bhfuil sibh.


Seanfhocal a dó:

Tá sceach i mo scornach .i. Caint raiméise .i. Táthar ag caint seafóide i ndiaidh an iomarca dí .i. ar deargmheisce.
Ní luíonn aon ní a deirtear le ciall má tá an sceach seo sa scornach.
Cailltear cumas teanga.
(Féach: "Tá Palin i mo Scornach" leis)

Ceann níos dáiríre! Más féidir dáiríre a thabhairt air?

3 comments:

Dennis King said...

Is fíor-mhaith liom Sceach a Dó ag gáire linn taobh thiar de theanga an Tíogair! Is greannmhar an íomhá é sin, is cuma cén t-adhmad a bhaintear as!
:-)

Dubhaltach said...

Chuireas ceann eile thuas, ag seachaint m'iarracht de ghreann.

aonghus said...

Bhain an céad dís cairt gáire asam. Maith thú!