Dé Céadaoin, Nollaig 16, 2009

M2009.12.05


(Teachín mo mhuintir le linn na 1830daí le feiceáil thuas)

Táim ag baint an-tairbhe go deo le cúpla seachtain anuas as na sean-léarscáileanna a chuir Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ar a suíomh idirlín le déanaí.
Is féidir léarscáileanna a bhreathnú ó 1824 ann. D'fhéadfaí comparáid idir na sean-léarscáileanna sin agus na grianghraif nua a dhéanamh. Is uafásach na hathruithe atá le feiceáil ó Éire Ghaelach go dtí Éire Inc. an lae inniu.
Tá an tír lán le coilm ghránna ó ré an Tíogair Cheiltigh .i. ré an bhréag-rachmais, agus beidh siad ann go dtí an chéad oighearaois eile.

Chomh maith leis sin tá suíomh maith ag an Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta le haghaidh séadchomharthaí i do cheantar.

2 comments:

Dennis King said...

Maidir le tírdhreach na hÉireann, ar mhaith leatsa níos mó foraoisí a fheiceáil, nó an maith leat na cnoic bhána atá ann anois? Céard faoi dhair, etc. in áit Douglas fir? Tá an cineál giúise seo ar fud na háite anseo, ach tá an fir seo (nach fíor-fhir) dúchasach don Phacific Northwest.

Dubhaltach said...

Bhuel tá go leor de na cnoic clúdaithe le foraoisí faoi láthair, foraoisí péine mar atá a fhios agat.
Ní shílim go bhfuil gá iad a chlúdach níos mó. Go háirithe leis na crainn phéine. Tá na coillte siúd ionann is marbh.

Ach, go cinnte ba bhreá liomsa níos mó coillte de chrainn dhúchasacha a fheiceáil. Faoi láthair deirtear go bhfuil rud éigin ar nós 7% den tír clúdaithe le crainn. Céatadán an-íseal go deo i gcomparáid leis an gcuid eile den Eoraip. Tá an uimhir sin suas ó 2% nuair a bhí an tSuirbhéireacht Ordanáis ag déanamh a chuid oibre le linn na 1820daí agus 30daí, ach arís, sin suas 5% le crainn neamhdhúchasacha gan mhaith i gcoillte atá ró-chúng agus rú-dhorcha. Níl iontu ach coillte gan anam atá ann díreach chun brabús a dhéanamh as an talamh d'infheisteoirí.
Ag fágáil na talún céanna ró-aigéadach gan mhaith ina ndiaidh.

Seachas a bheith ag díriú ar na cnoic fhéin ba chóir díriú ar na gleannta agus roinnt portaigh (nach bhfuil faoi chosaint) le hathchoilltiú chun ár gcoimitmint de 17% den tír a bheith faoi chrainn roimhe 2035.

Nuair a tháinig na Glasaigh isteach i rialtas bhíos ag súil go mór le níos mó ar an ábhar seo. Ós rud é go raibh sé mar chuid dá bhforógra. Ach níl aon ní cloiste agam ina leith go dtí seo.