Dé Luain, Nollaig 07, 2009

M2009.12.02

Tá sraith cláracha fíor-spéisiúil á chraoladh ar Discovery faoi láthair.
"Cérbh É Íosa?" an t-ainm atá air. Déanann sé iniúchadh ar chúinsí sa Tír Bheannaithe le linn ré Mhac Dé.
Cúinsí polaitíochta agus eacnamaíochta atá i gceist sa tsraith seo agus ní teagasc an Fear féin go díreach, fiú má tá A teagasc le fáil iontu.

Ba réabhlóidí sóisialach É a rugadh beo bocht taobh amuigh de phósadh (peaca mór do-ghlactha i súile na nGiúdach ag an am). Duine a mhaígh go raibh saol eile i ndán dúinn sna flaithis, go háirithe dóibh siúd a bhí thíos sa saol seo.
Teachtaireacht a thaitin go mór leis na bochtáin a lean É agus a choinnigh an teachtaireacht sin beo ina dhiaidh.
Bhí Sé, i measc daoine eile ag an am, ag seasamh suas in aghaidh na héagóra geilleagrach agus sóisialta a bhfaca siad.
Lean Íosa teachtaireacht Eoin Baiste a mhaígh nach raibh gá le teampaill chun Dia a adhradh.
Bhí gluaisteacht láidir ag an am ar siúl ón eaglais a bhí ag éirí níos saibhre, níos cumhachtaí agus níos scoite amach ón chos mhuintir.
Chaill Eoin Baiste a chloigeann mar gheall ar a sheanmóireacht taobh amuigh den eaglais bunaithe. Seanmóireacht a chleacht Íosa agus a chur Sé leis i ndiaidh d'Eoin Íosa a aithint mar Mhac Dé.

Feictear domsa go bhfuil an eagraíocht atá ann inniu a éilíonn gurbh eaglais Íosa atá ann, feictear dom nach mbeadh spéis, nó meas, dá laghad ag Íosa mac Dé inti ach an oiread.

Cumhacht agus maoin agus conas iad a chosaint is ea an chloch is mó ar phaidrín na heaglaise sin.
Dá mbeadh Íosa Féin ann inniu déarfainn go mbunódh sé eaglais nua ós rud é nach bhfuil mórán difríochta idir an Eaglais Chaitliceach sa lá atá inniu ann agus eaglais na nGiúdach mar a bhí le linn A ré.

Who was Jesus? ar Oíche Domhnaigh, ar Discovery.

6 comments:

John M O Donoghue said...

Níl aon amhras nách bhfuil tuiscint dá laghad ag an Éaglais inniú ar an gcos muintir agus an tslí atá siad ag deileáil le Turascáil Uí Mhurchú.

aonghus said...

Tá níos mó i gceist leis an Eaglais ná an cliarlathas. Agus fiú i measc an dáréag a roghnaigh Íosa É Féin bhí argóintí faoi cé aige a bheadh an chéad áit; rinne Peadar é a thréigean, agus Iúdás é a bhraith.

Beidh cogal i measc arbhar Chríost go dtí Lá an Luain, faraor. (Féach Matha 13:24-30)

Ar a laghad anois tá scagadh á dhéanamh.

Maidir leis na cláracha seo faoin "Íosa Stairiúil", bíonn leagan nua den Íosa stairiúil ann gach caoga bliain nó mar sin. Is mó a insíonn na léamha seo faoin sochaí ag an am sin ná faoi Mac Dé.

Dubhaltach said...

@ Aonghus

B'fhéidir go bhfuil sé fíor go mbíonn leagan nua d'Íosa gach uile chaoga bhliain, n'fheadar mé. Tá íomhá ghreannmhar ina leith ar bhlag an Chiongaigh ar aon chaoi.

Is fíor go bhfuil an clár dírithe go príomha ar an sochaí ar mhair Sé ann, ach nach dtugann iniúchadh níos doimhne ná an Bíobla deis dúinn A mheon a thuiscint agus cad a spreag É seasamh suas in aghaidh na n-údarás .i. Impireacht na Róimhe agus a cánacha agus an Eaglais Bhunaithe saibhir san Iarúsailéim.

Ní leabhar staire an Bíobla, mar sin is deacair a thuiscint uaibh cén sórt cúlra a bhí taobh thiar de na scéalta.

Mholfainn go mór an clár má tá Discovery agat.
Seans go mbeidh an clár faoi óga an Fhir, agus A Misean craolta le linn na Nollag arís. Tá A laethanta deiridh le craoladh ag an deireadh seachtaine.

Dubhaltach said...

Matha 13:24-30

má tá fiailí i gceist, an gciallaíonn sé sin go bhfuil gortghlanadh iomlán ag teastáil ón mbarr anuas.

aonghus said...

Bíonn gortghlanadh síoraí de dhíth. Ach ná dearmad an rud a dúirt an Fear É Féin - go bhfuil baol ann an arbhar a scrios má baintear na fialaí ró luath.

Maidir leis an cás reatha abhus; aon Easpag nó aon duine a cheil coir go comhfhiosach, ba cheart dó éirí as oifig. Agus ba cheart triail a chuir air faoin Dlí.

Aoinne atá ciontach as faillí faoi Dlí na hEaglaise, ba cheart triail Eaglasta a chuir air.

Aoinne atá ciontach as faillí faoi Dlí na tíre, ba cheart triail - coirúil nó sibhialta, mar is cuí, a chuir air.

Maidir le meon Chríost a thuiscint bunaithe ar léamh staraí comhaimsirthe ar an tréimhse inár mhair Sé. Ní thig é sin a scaradh ón gCreidimh go hiomlán. Más Mac Dé É, beidh meon eile aige tosic nadúr Dé a bheith ann, agus a bheadh ag gnáth duine a múnlaíodh ag an tréimhse. Sin gan calontuairimí an Staraí a chuir san áireamh chor ar bith!

Ceist íogair, chasta.

Google+ said...

D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com