Dé hAoine, Samhain 20, 2009

M2009.11.14

Deacair a chreidiúint go bhféadfadh duine amháin dul chun tosaigh ar na baincéirí, polaiteoirí is an aimsir ar scála fuatha na nÉireannach, le bos a láimhe clé chinntigh Anraí go mbeadh chuile dhuine sa tír feargach leis, thar aon bhithiúnach eile.

Thosaigh gach nuachtán sa tír inné le híomhá an fhill ón gcluiche, tá sé fós ar roinnt acu ar maidin.
Bhí clár Uinsionn de Brún dírithe go hiomlán ar an ábhar aréir, bhí Prime Time Special déanta ar an ábhar faoi Chothrom na Féinne i sacar agus spóirt go ginearálta.
Thosaigh na príomh-chláracha nuachta leis an scéal mar phríomhscéal.
Ní raibh seónna raidió Matt Cooper agus George Hook ag plé aon ní ach feall Anraí.
Is amhlaidh ar maidin ar an raidió.
D'ardaigh an Taoiseach an cheist san Eoraip le huachtarán na Fraince.
D'eisigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ráiteas ag tacú le seasamh Chumann Sacair na hÉireann, sheol an Roinn spóirt litir chuig FIFA ag éileamh athimeartha.
Thosaigh Fianna Fáil achainí ar a shuíomh idirlín ag éileamh athimeartha, leis!
Ní féidir bualadh le duine sa tír inniu gan an cheist a phlé.
Ní féidir siúl ar an tsráid gan plé ar an cheist a chloisteáil.
"B'shin ár seans éirigh as an gcúlú seo" a chuala mé ó bhean a bhí sa siopa inniu. "Bhí an bua sin uainn mar chine" arsa fear in aice liom ar an Luas ar maidin.
Tá Éireannaigh ag déanamh baghcait ar earraí ón Fhrainc, agus sobal bearrtha Gillette!

Mar a bhí Rónán Mac Aoidh Bhuí ag magadh faoi, ba chóir dúinn "Sceallóga Francach" a athainmniú "Sceallóga Saoirse". Agus ""Arán Ceartais" nó rud éigin mar sin a bhaist ar "Arán Francach", go díreach mar a rinne na Poncánaigh nuair nach raibh na Francaigh toilteanach fir a sheoladh chun na hIaráice le tacú i gcogadh mídhleathach Bush.

Deacair a chreidiúint, ach chaill muide an focain plot ar fad.

9 comments:

aonghus said...

Bhuel, mar a dúirt an té a dúirt, ní ceist bás agus beatha sacair - tá sé níos tábhachtaí go mór ná sin.

Níor chaill muid an plota. Ní raibh sé ag an gcuid is mó againn riamh.

Panem et Circenses, agus tá pan ag éirí gann!

Dubhaltach said...

goa, maith thú a Aonghuis :)

Dubhaltach said...

Á, gabh i leith, tá friggin agóid á beartú amárach ag 12:30 taobh amuigh den ambasáid na Fraince i nDroichead na Dothra!

aonghus said...

A leithéid de bhrilléis.

Bhí lán cheart ag an scríbhneoir litreach san Irish Times inniu a dúirt, ach é bheith ann, go mbeadh corn an domhain san olagóin bainte againn.

Dennis King said...

Tá athchóiríu ar siúl againn anseo. Chuala mé an t-ailtire ag míniú an hand ball sin do na tógálaithe inné. Ní raibh a fhios acu céard a bhí i gceist, dáiríre. Is ó lár na tíre iad beirt agus níor imir siad sacar riamh, is dócha.

Mise Áine said...

'Ní ceist bás agus beatha sacair!'

Ó, a fheara! Ná habair é sin le na sluaite plotcáillteacha - ní bheidís in ann ag an drochscéal sin sa mhullach ar fheall an fheallaire fhrancaigh...

Cailliomachas said...

Is maith liom é sin, a Mhise Áine: plotchailleadh. Tá sé fós á chailleadh. Féachaigí seo a chairde mar chuid den spraoi:

http://www.youtube.com/watch?v=Jf9fx4ipF4Q

Dubhaltach said...

"Chuala mé an t-ailtire ag míniú an hand ball sin do na tógálaithe inné"

Is scéal mór é seo má tá ailtire ag míniú a leithéid do tógálaithe ar an dtaobh eile den domhan!

An raibh sé ar an nuacht ansin Dennis?

Google+ said...

D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com