Dé Céadaoin, Samhain 18, 2009

M2009.11.13

Má dhéantar clónáil díom, an ionann mo chlón agus mise?
Mura bhfuil an phearsantacht chéanna ag an gclón mar atá agamsa an ionann muide? Fiú má tá m-ainm aige!

Seans go mbeadh an cuma díreach chéanna air agus atá ormsa, seans go mbeadh cuma beagáinín níos fearr, ach an ionann muide mura bhfuil an t-ábhar nó spioraid céanna ionainn?

Rith na smaointe seo liom agus mé ag léamh "Foinse" sa siopa ar maidin.
Bhí cuma air gur Foinse a bhí ann, tá an tAire Gaeltachta ar an chéad leathanach, rud a bheifí ag súil!
Monuar, nuair a bhreathnaítear isteach ann, isteach in anam an nuachtáin, ní fheicfear aon ní ann a chuirfeadh le fios duit gur aiséirí Foinse atá i do lámh.

Gan Cathal Mac Coille, Seán Tadhg Ó Gairbhí, Póilín Ní Chiaráin, Ar Son na Cúise, An Speallaire, Mártan Ó Ciardha, Dara Ó Cinnéide srl, srl, srl, srl, (le roinnt acu a lua) ní Foinse atá i do lámh, ach rud éagsúil ar fad. Foinse Nua cinnte, ach ní Foinse.

Do dhaoine m'aoise, 29 mbliana d'aois, le spéis i gcúrsaí reatha agus a leithéidí, ní fhéadfainn a rá go raibh aon ní ann le mo spéis a mhúscailt, níl aon alt téagartha ann a chuirfeadh lón machnaimh ar fáil dom nó a chuirfeadh rud nua .i. nuacht nó anailís os mo chomhair.
Rud a dhéanfadh an sean-Foinse a raibh aithne agamsa air.

Gné eile faoin "aiséirí" seo ná an méid poiblíochta atá ar fáil don nuachtán ó TG4 agus RnaG. Táthar ag déanamh caca ina dtreabhsair le ríméad go mbeidh "150,000" cóip de "Foinse" á léamh timpeall na tíre.
Mise féin, b'fhearr liom dá mbeadh an sean-4,000 cóip á léamh dá gciallódh sin go mbeadh sean-caighdeán Foinse i mo ghlac.

Ar ndóigh tá sé go luath sa bpróiseas seo, agus seans ann go meallfaidh an nuachtán níos mó iriseoirí agus scríbhneoirí mar a bhogann sé ar aghaidh agus feicfear feabhsú ann de réir a chéile.
Ach, mar a sheasann sé faoi láthair níl i gclón Fhoinse ach Foinse Nua do dhéagóirí agus múinteoirí scoile.

Agus mar fhocal scoir, deireann Dáithí Ó Sé go ndéanfaidh sé an aimsir beo ar TG4 lom-nocht, agus i mBéarla, má bhuann Jedward an X-Factor!
Jedward Abú.

9 comments:

Cailliomachas said...

Feictear dom go bhfuil clónáil riamh ann nó sin a thuigimse le cúpla comhionann. Ní cúpla comhionann an dá Fhoinse - is léir sin ón méid a deir tú. Níl a fhios agam mar sin an mbrisfidh mé prionsabal saoil agus an indo a cheannach a mhaithe le tús lag a léamh.

John M O Donoghue said...

Aontaoim leat a Dhubaltach, saghas "Foinse Lite" atá ann.Bheadh sé níos fearr an ghnáth costas nuachtáin a ghearradh air agus paipéar ar doigh a chur amach.

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Aontaím, ní raibh mórán ann. Ní cheannaím an Indo agus bheadh sé deacair orm 1.80 euro a íoc, ar bhonn rialta feasta, as an méid a bhí le feiceáil i bhFoinse inniu!

Dubhaltach said...

Ní bhrisfidh mé an prionsabal sin go fóill a Chailliomachais.
Seans go mbeadh sé níos fearr an tseachtain seo chugainn.

Foinse an-lite go deo a bhí ann a John.
Ach b'fhéidir go mbeidh iriseoirí sa bhreis ag scríobh ar na leathanaigh le moladh na bpolaiteoirí amach anseo.

Tagaim leat go hiomlán a Phroinsias. Tá sé ró-chostasach le haghaidh €1.80.
Cuireann sé ionadh an domhain orm go gceannaíonn níos mó ná 150,000 duine an Indo ar an bpraghas sin. Níl ann ach cac.

Concubhar said...

Lucht an ghearáin i gcónaí ag geonaíl faoi 'Foinse' lite.
Má tá nuachtán trom uaibh, cén fath nach bhfoilsíonn sibh ceann sibh féin?

Dubhaltach said...

Ceal airgid?

Concubhar said...

Mar sin má tá an Indo sásta airgead a chur ar chúl nuachtán Ghaeilge - agus is léir go bhfuil - cad é an fath go bhfuil sibh ag gearán.

Dúirt mé roimhe, dá mba rud é go raibh míle Gaeilgeoir sásta €1,000 a chur ar fáil le h-aghaidh ciste €1m chun nuachtán Gaeilge neamhspleach a bhunú go mbeadh nuachtán brea ann. Chuir mé tairiscint €1,000 ar fáíl mé féin, an duais a bhuaigh mé ag an Oireachtas le mo bhlag. Ach níor tháinig ach dornán agaibh chun tosaigh le tairiscint d'aon tsort.

Agus seo sibh ag gearán mar gheall ar dhream atá ag cur nuachtán ar fáíl dibh saor in aisce nach mór. Ochón agus ochón ó. Nach sibhse na lúdramáin....

Dubhaltach said...

Tá muid ag gearán toisc nach Foinse atá ann. Cinnte tá Foinse mar ainm ar an bhforlíonadh, ach ní Foinse é.

Thaitin do smaoineamh liom faoi €1,000 ó mhíle Gael chun nuachtán neamhspleách a bhunú. Ní shílim go bhfuil a Leithéid d'airgead ag daoine le caitheamh ar aon ní mar sin.
Ag an am a mhol tú é sin mhol mé gur chóir do Ghaeil rud atá níos luachmhaire ná €1,000 a thairiscint, sé sin a gcuid ama. Uair nó dhó in aghaidh na seachtaine le hailt a scríobh do nuachtán neamhspleách atá ann cheana .i. Nuacht24.

Tugaim mo chuid ama don nuachtán sin agus chaith mé cúpla uair aréir ag scríobh alt a bheas le feiceáil ann Dé hAoine.

Google+ said...

D'fhéadfá a bheith ag iarraidh carr nua a cheannach, bainise a íoc nó gnó nua a thosú - is cuma cad é an chúis atá agat le hiasacht a thógfaimid le breathnú ... glaoigh ar +1 443 345-9339, atlasloanfirm.bloogspot.com