Dé Céadaoin, Samhain 11, 2009

M2009.11.07

Is maith liom an líne seo ó Comhar na míosa seo ag Máireád Ní Chinnéide; "Ní bheidh focal fúthu (Buaiteoirí Liteartha an Oireachtais) sna meáin Bhéarla agus i láthair na huaire ní hann do aon nuachtán seachtainiúil Gaeilge."

Ní shin an chéad uair a rinne an bhean chéanna faillí do nuachtán i nGaeilge. Is cuimhin liom nuair nach ndearna sí trácht ar Lá Nua roimhe, agus é fós ar an bhfód, nuair a tháinig sé chun alt a scríobh sí faoi nuachtáin na Gaeilge go léir, ón Chlaidheamh Soluis suas go dtí ár linne féin. Luaigh sé Foinse ar ndóigh, ach ní raibh trácht ar bith ar an aon nuachtán laethúil Gaeilge a bhí ag pobal na Gaeilge ariamh.

San am sin níor chreid mé ar feadh soicind nach raibh a fhios aici go raibh Lá ann, agus an t-am seo thart ní chreidim ar feadh soicind nach bhfuil a fhios aici go bhfuil Nuacht24 á fhoilsiú go seachtainiúil ar feadh bliain go leith gan cúnamh stáit ar bith, saor in aisce ar an idirlíon, nó trí shíntiús. Agus go bhfuil an nuachtán sin ag iompar an tóirse a thit le Foinse agus .

I ndáiríre is cuma liom cad a cheapann iníon Uí Chinnéide, ní scríobhann sí aon ní a chuirfinn féin spéis ann, agus ní deirim é sin le mailís ar bith. Ach cuireann sé isteach orm go gceannóinn an iris sin agus go bhfaighim romham, i ndiaidh €4 a chur amú air, an cineál iompair pháistiúil shuarach seo a b'fhearr liom a sheachaint ar fad.
Tá an sórt meoin bréan seo ar fáil go forleathan i measc Gaeilgeoirí, agus i mBaile Átha Cliath ach go háirithe.

2 comments:

Dennis King said...

Maidir le Comhar, cén bhail atá air i láthair na huaire? Ní féidir liom cóip de a cheannach i siopa anseo le fáil amach dom féin.

Dubhaltach said...

Bíonn alt nó dhó spéisiúil go leor ó am go ham!
Tá cuma leamh air fós, agus tá roinnt de na hailt cosúil le dialannaíocht, nó blagadóireacht mar a dúirt Aonghus leo.