Dé hAoine, Samhain 06, 2009

M2009.11.06




Bhí cúpla nóiméad le spáráil agam agus mo thacaíocht a thabhairt don mhórshiúl i mBaile Átha Cliath inniu.
Chas mé le cairde ann. An chéad ní a dhúirt ceann acu liom "Ó sea, cén fáth go bhfuil tusa anseo, le clocha a chaitheamh orainn an ea?" ag magadh, ach le roinnt fírinne le cloisteáil ina glór freisin.
Bhí a fhios agam gur magadh a bhí ann i ndáiríre, ach, fós, bhain sé geit asam.
Feictear dom go bhfuil saghas cogadh cathartha ar bun, nó tá an meon sin ann ar aon chaoi. Go háirithe i measc na ndaoine ar chas mé leo. Earnáil phoiblí in aghaidh na hearnála príobháidí dar leo.
N'fheadar an ea go bhfuil a fhios acu go bhfuil ciorruithe pá curtha orm agus cairde eile dár gcuid agus go mbraitheann siad ciontach as a bheith ag clamhsán faoi cáin bhreise lena bpinsin a íoc srl.
Nílim ag rá gur chóir dóibh a bheith ag brath ciontach, a mhalairt.
Agus bhíos ann le tacú a thabhairt.

Ní cheapann ach an oiread go dtuigeann éinne, nó 99.999% díobh, a bhí ann go bhfuil an tír seo bancbhriste go huile is go hiomlán. Ní thuigtear nach bhféadfaí na billí a íoc a thuilleadh gan iasachtú ollmhór in aghaidh na seachtaine a dhéanamh.
Nó b'fhéidir go dtuigeann siad ach níl fonn orthu é a admháil.

Easpa ceannaireachta ón rialtas is ea an fhadhb, agus polasaithe mímhorálta, leis. Ní chreidtear go bhfuil cothrom na féinne á fháil, agus an ceart ag an té a cheapann é.
Aréir chonac an Taoiseach ag rá go bhfuil €54 Billiún dár gcuid airgid á chaitheamh ar shócmhainní na mbanc ionas "go bhféadfadh an rialtas córas bhaincéireachta fholláin a chinntiú"
Dúirt sé é amhail is a chreideann sé é sin. (Ní mór cuimhneamh go bhfuil beirt fhear dlí ag rith na tíre seo). Faraor dúinne, an pobal, ba í Miriam Ó Callaghan a bhí á cheistiú agus is beag tuiscint atá ag an mbean bhocht sin ar aon ní eacnamaíoch. (N'fheadar cén fáth go bhfuil sí sa phost sin fós ach an oiread). Mar sin chaill sí an deis an cheist a leanas a chur air, "más rud é go bhfuil córas bhaincéireachta fholláin ag teastáil ón rialtas cad chuige a bhfuil airgead an cháiníocóra á chaitheamh ar bhainc ar nós Anglo Irish agus Irish Nationwide? Cad chuige a bhfuil sócmhainní lofa Anglo Irish agus IN á dtabhairt faoi NAMA?" "Ní bheidh an dá bhanc mharbh sin ag iasachtú do ghnólachtaí nó dhaoine in Éirinn ariamh arís, agus ní dhearna siad amhlaidh nuair a bhí siad folláin fiú!"
Ansin deireann an fear céanna le daoine go mbeidh sé orthu ciorruithe pá a ghlacadh agus cáin breise a íoc!

3 comments:

John M O Donoghue said...

Aontaoim leat, easpa ceannaireachta agus droch cinneadh déanta faoi Anglo agus IN.Tá an dearcadh ag an cosmhuintir gur ar a ngualainne féin atá an úalach go léir ag titim cé nárbh siúd a tharraing an praiseach orainn go léir.Tá sé in am fáil réidh le Comhainn ach tá Ó Cionnaith níos measa.In am an ghatair cá bhfuil ár nÓbama, goidte ag NAMA is dócha.!!!!

Dubhaltach said...

Tá an rialtas seo chomh dona sin, nach bhfuil a fhios agam cá dtosóinn ag taispeáint a n-easpa cheannaireachta.

Bhíos lán dóchais le Cowen ar dtús, ach n'fheadar an é an Taoiseach is laige a bhí ag an tír ariamh.

Dubhaltach said...

Agus is iad na Glasaigh an dream is dochreidte díobh!

Conas go mbeadh páirtí a bhí in ainm is a bheith i dtreo an eite chlé vótáil ar son NAMA? Ní luíonn aon ní le ciall a thuilleadh.