Dé Céadaoin, Nollaig 22, 2010

M2010.12.22


Íomhá reatha den tír reoite a bhuíochas le NASA.
Sheachain na Déise agus chuid mhaith de mhuintir an Chláir aon sneachta!

Nílim ag súil le mo thiomáint abhaile le haghaidh Nollag amárach trasna na tíre go Connachta.
De ghnáth tógann sé 3.5 uaire, ach táim ag súil le 6+ uaire an t-am seo thart..

4 comments:

aonghus said...

Bí cúramach! Beidh tú ag taisteal i rith an lae, tá súil agam.

Dubhaltach said...

Beidh go deimhin. Ag fágáil ar maidin ionas go mbeidh an chuid is mó de sholas an lae agam.
Ba chóir go mbeadh sé ceart go leor chomh fada agus a thiomáinim go mall cúramach.
Thógfainn an traein ach go bhfuil an carr ag teastáil uaim!

Dennis King said...

Mar a dúirt Aonghus! Agus go raibh maith agat as an ngrianghraf!

Dubhaltach said...

Tá íomhá níos fearr ag an Mhet inniu:
http://www.met.ie/news/display.asp?ID=97