Dé Máirt, Nollaig 21, 2010

M2010.12.20

Ag leanúint as blagmhír Róislín tá taighde idirlíne déanta (as Béarla ar ndóigh) ag na saoithe maithe thar ar Chaoirigh ar Foluain faoin ainm a thugann muintir na hÉireann, na hAlban, na Breataine Bige, Oileáin Mhanainn agus Shasana ar an fhear mór a bheireann bronntanais.

Is spéisiúil an taighde simplí é óir tá "Athair na Nollag" chun cinn ag Gaill agus "Santaí" chun cinn ag Gaeil!

Cén fáth go bhfuil "Santa" againn in áit "Father Christmas"? Ní chuimhin liom, ag fás aníos dom, "Athair na Nollag" a chlois. Santa a bhí againn i gcónaí!

11 comments:

aonghus said...

Baint aige leis an gCreideamh, is dócha.

Santa < Santa Claus < St Nicholas

(Tá Daidí na Nollag le fáil i leabhra do pháistí as Gaeilge; ní cuimhin liom "Santaí" a fheiceáil iontu)

Dubhaltach said...

Á, tuigim.
Ach cad faoi Ghaeil na hAlban atá ina n-dubhPhrotastúnaigh? ;)

aonghus said...

Cad atá acu siúd?

(Rinne Cromail a Nollaig a chuir ar ceal)

aonghus said...

Níl tagairt dá laghad sna garbhchríocha ar ar léarscáil úd!

Dubhaltach said...

"Santa" de réir na léarscáile.

Dubhaltach said...

Is é. Tá an teolas gann ó na Garbhchríocha.

Mise Áine said...

Santy a bhíodh againne...

Míshásta said...

Cé gur eascair an t-ainm Santa Claus ó Shan Nioclás trí Ollainnis Nua Eabhrac, tháinig sé annall chugainn os na Stáit trí mheán an Bhéarla. N'fheadar an raibh aon Father Christmas ag na Gaeil mar a bhí ag na Sasanaigh. Ní théann traididiún Santa sa tír seo ach siar go dtí tús an chéid seo chaite go bhfios dom.

Dubhaltach said...

B'fhéidir gur tháinig an íomhá reatha de San Nioclás chugainn ó chultúr Mheiriceá, ach más duine naofa i gCríostaíocht é gan amhras tháinig sé chugainn i bhfad roimh an íomhá tomhaltach mar a thuigeann muid inniu é.
An bhfuil aon rud sna lámhscríbhinní Gaeilge a luann San Nioclás? B'fhéidir go bhfuil a fhios ag Dennis?
Nó an raibh na Gaeil, i ndáiríre, dall ar an nósmhaireacht áirithe Nollag sin go dtí deireadh an domhain Ghaelaigh.

aonghus said...

Rud nua abhus atá ann; baineann a lán nósanna le ceiliúradh na Naoimh ar an Mór Roinn nach raibh nó nár mhair anseo de bharr na Péindlíthe.

Tá na patrúin anseo, gan amhras. Ach is naoimh Gaelacha is mó atá siúd ceangailte, seachas an cheiliúradh a déantar ar an Mór Roinn ar Shan Nioclás (ar an 6ú Nollaig) nó San Máirtín (11 Samhain).

Seachas Lá San Séain (24ú Meitheamh, atá gar don Ghrianstad) ní heol dom nósanna mar iad a bheith abhus do naoimh "idirnáisiúnta".

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat arís a Aonghuis.