Dé Luain, Nollaig 20, 2010

M2010.12.19

An ghaoth anoir bíonn sí tirim, ach ní i gcónaí.
Sheachain an chuid is mó d'oirthear na tíre an chuid is mó den sneachta trom atá ina luí ar Ulaidh, Connachta, agus Mumhna inniu. Níor shroich bannaí troma sneachta an Atlantaigh lár tíre amach sular bhris siad síos, caite agus ídithe.
Ach cosúil le coicís ó shin tá Muir Éireann ag cruthú na gcoinníollacha cuí le haghaidh comhiompair tráthnóna.
Tá teas na farraige thoir ag iompar uisce suas san aer agus an t-uisce céanna ag titim ar ais i mBaile Átha Cliath mar sneachta anois.
Bíonn an titim seo an-logánta ar fad agus ag brath go huile agus go hiomlán ar treo na gaoithe anoir féin.

Beidh na bóithre an-shleamhain anocht, mar tá an chathair faoi bhrath trom bán arís.

Focal scoir:
Tá míniú ar fáil anseo faoin aimsir fhuar gheimhriúil (thar mar is gnách) atá againn, agus cén fáth.
Le sonraí ó shaotharlann taighde NOAA ag taispeáint aer fuar ag bogadh ó dheas ón Artach i ngeall ar an ardbhrú neamhghnách atá ina luí ann.
Tuairimítear go bhfuil seans ann anois gur aershreabhadh nua é seo cruthaithe ag athruithe (leá) sa mhuiroighear!
Published with Blogger-droid v1.6.5

11 comments:

Dennis King said...

Go raibh maith agat as an nasc!

Dubhaltach said...

Fáilte romhat. Bíonn sé deacair labhairt le duine faoi théamh domhanda agus tú i dtroigh sneachta!

Anonymous said...

Cad é an tuairim atá agat ar seo?

Dubhaltach said...

Fuar, te, fuar te, fuar...
Is dóigh go bhfuil tionchar ag timthriallacha áirithe ar an aimsir ar leath thuaidh an domhain, ar aon chaoi: El Nino, El Nina, bolcáin etc.
An-suimiúil, go raibh maith agat a Sheáin.
Sin ráite is léir go bhfuil an duine a chur le chéile é ag breathnú go roghnach ar cheannlínte nuachtáin le linn blianta áirithe agus an aimsir a bhí acu.

Bíonn a lán athraitheachta agus athruithe le feiceáil ar an gcóras aeráide idir blianta agus deich mblianta. Ach, monuar, tá an treo teochta fós ag dul in aon bhealach amháin. Suas.

Anonymous said...

Bhí an graf ón 2009 Old Farmer's Almanac in éineacht leis an alt le Joseph D’Aleo. Bhí an graf agus an t-alt don ghnáthdhuine, go cinnte, ach tá an eolaíocht dáiríre.

Ach, monuar, tá an treo teochta fós ag dul in aon bhealach amháin. Suas.

Tá mé in amhras ar sin. Tá barraíocht eolaíochta ann a leithéid de dhearbhú a bréagnú, dar liom. Déan iarracht ar an quiz seo.

Dubhaltach said...

Níl a fhios agam cá bhfaigheann tú do chuid eolais ar eolaíocht aeráide ach tá an "quiz" sin ag maíomh go bhfuil fuarú domhanda ag tarlú!

Nílim chun argóintí a dhéanamh in aghaidh an mhaímh sin ach le rá go bhfuil na heolaithe aeráide go léir, ó gach chúinne an domhain, lucht aimsire Joseph san áireamh (An American Meteorological Society), ar aon fhocal faoi athrú aeráide agus an t-ardú i dteocht go domhanda.

Dream aimsire (ní aeráide, ná déan dearmad faoi sin óir tá difríocht ollmhór eatarthu) atá san AMS; a shéanann seafóid D'Aleo amach is amach agus a chreideann go hiomlán cad atá an eolaíocht ag taispeáint dóibh. Níl aon eolaíocht ann a bhréagnaíonn an eolaíocht. Ach tá frith-eolas agus bolscaireacht ann a dhéanann iarracht é sin a dhéanamh, ach, arís, ní eolaíocht é.

Chomh maith leis sin tá tú ag meascadh suas an aimsir le haeráid. Fiú má tá sé fuar in áiteanna áirithe de bharr athruithe sa chóras aeráide (an ardbhrú san Artach) tá sé níos teo arís sa chuid eile den domhain agus bhí 2010 an bliain is teo ar na taifid ar fad.

Mar shampla, fiú má tá sé fuar (le linn an gheimhridh) sa leath thuaidh den domhain tá sé níos teo ná riamh san Artach agus san leathsféar theas.

Arís maidir le D'Aleo, ní eolaí aeráide é ach fear aimsire, ní amháin sin ach oibríonn sé don bhrúghrúpa SPPI. Grúpa a fhaigheann na milliúin ó chomhlachtaí ola is gáis chun athrú aeráide a "bhréagnú"
leis an "mbarraíocht eolaíochta" a luaigh tú!
Tá a fhios againn go beacht go bhfuair SPPI thar $1,300,000 ó ExxonMobile amháin ó 1998.

Dubhaltach said...

An bhfuil tú ag magadh a Sheáin?

Chuir tú nasc chuig Fox News suas, maidir le hathrú aeráide agus téamh domhanda!
Ba chóir an t-eagarfhocal seo san LA Times a léamh ar dtús sula gcreideann aon "Nuacht" a thagann as an stáisiún sin ( a bhfuil cáil domhanda air as a chlaonta polaitíochta agus idé-eolaíochta).

Agus ní eolaí aeráide an duine sin a chuir an blag eile le chéile! Ní shílim go bhfuil aon cháilíocht in eolaíocht aeráide aige!

Maidir leis an ráiteas a dhein mé, tá sé an-éasca é a chruthú, an-éasca ar fad.
Tá a lán taighde déanta ar an ábhar.
Féach an ceann is nuaí anseo.
Táid (98% acu ar aon chaoi) go bhfuil teocht an domhain ag ardú agus go bhfuil gníomhaíochtaí an chine dhaonna cionsiocair leis.

Seo an suirbhé ón bhliain roimhe.

Dubhaltach said...

coigeartú: "Táid aontaithe"

Anonymous said...

Chuir tú nasc chuig Fox News suas, maidir le hathrú aeráide agus téamh domhanda!

Ní dheánaim neamhshuim de rud ar bhonn foinse ina aonar. Scrúdaím an t-ábhar. Maidir le Fox News, roghnaigh mé na suíomh siúd go fánach agus ní amharcaim ar Fox News. Ach thig le duine ar bith claonadh a thuigbheáil as do nasc fosta, m.sh., ag baint úsáide as an fhocal denialists/denier. Cuireann siad an argóint ar sceabha ní amháin ó ciontacht comhcheangail (m.sh., an tUileloscadh) ach deánann siad talamh slán den cheist chomh maith.

Agus ní eolaí aeráide an duine sin a chuir an blag eile le chéile!

An bhfuil tú in do eolaí aeráide? Mise? Téann sé i gcomhairle le sonraí, cosúil leat.

Táid aontaithe (98% acu ar aon chaoi) go bhfuil teocht an domhain ag ardú agus go bhfuil gníomhaíochtaí an chine dhaonna cionsiocair leis.

Dáiríre?

U. S. Senate Minority Report: More Than 650 International Scientists Dissent Over Man-Made Global Warming Claims

Claims such as ‘2,500 of the world’s leading scientists have reached a consensus that human activities are having a significant influence on the climate’ are disingenuous

Seo an suirbhé ón bhliain roimhe.

2009: "With 3146 individuals completing the survey, the participant response rate for the survey was 30.7%."

Comhdhearcadh?

2010: "Our dataset is not comprehensive of the climate community and therefore does not infer absolute numbers or proportions of all CE [convinced by the evidence] versus all UE [unconvinced by the evidence] researchers. We acknowledge that there are other possible and valid approaches to quantifying the level of agreement and relative credibility in the climate science community, including alternate climate researcher cutoffs, publication databases, and search terms to determine climate-relevant publications."

Tá mé in amhras air, sin uile.

Dubhaltach said...

Go raibh maith agat as na naisc, ach is sean-nuacht anois iad, agus táid taispeánta mar bhréaga amach is amach.
Mar shampla tapaidh, chuir sé gan chead ainimheacha eolaithe ar an liosta. Eolaithe aeráide a bhí ann, dar leo, nach n-aontaíonn leis an teoiric go bhfuil CO2 cruthaithe ag gníomhachtaí an chine daonna cionsiocair le iarmhairt cheaptha teasa.
Tháinig na heolaithe aeráide ar ais ag bagairt an dlí orthu as ucht a n-ainimheacha a úsáid gan chead.

Bhí cuid mhaith eile den 400 ina bhfir aimsire, ní eolaithe aeráide.

I bhfocail eile bhí an achainí sin chomh bhréagach agus an iarracht a rinneadh chun caimiléireacht a chur i leith pobal na heolaíochta aeráide leis na ríomhphoist siúd.

Dubhaltach said...

Tá níos mó faoin taighde agus plé eile faoi na rudaí luaite agat sa nasc a leanas:
http://www.skepticalscience.com/global-warming-scientific-consensus-intermediate.htm