Dé Sathairn, Nollaig 18, 2010

M2010.12.18

Chuir blagmhír Eoin rud éigin a dhúirt an manach Búdaíoch Thích Nhất Hạnh i gcuimhne dom, rud a léigh mé i leabhar Rosenstock, Dialann Anama:
Ní mór dúinn a bheith i dtiúin le hiontais na beatha. Tá siad sin ionainn agus timpeall orainn, gach aon áit, gach aon uair.... An gá dúinn an-iarracht a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as áilleacht na spéire goirme? An gcaithfear dian-chleachtadh a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as an áilleacht sin? Ní hea, bainimid taitneamh aisti agus sin sin. D'fhéadfadh gach soicind, gach nóiméad sa saoil seo a bheith mar sin. Pé áit ina mbeifeá, uair ar bith, tig leat taitneamh a bhaint as an ngrian, as comhluadar a chéile, fiú amháin as a bheith ag análú.
Is dóigh liom gur minic na laethanta seo go ndéanann muid dearmad taitneamh a bhaint as an áilleacht atá ionainn agus timpeall orainn. Tá muid ró-chleachta leis an áilleacht sa chaoi nach bhfeictear a thuilleadh é. Mar a deireann an Róisinstocach faoi fhealsúnacht Thich Nhat Hanh: "soiscéal simplí suairc é seo ach tá na milliúin á shéanadh mar shoiscéal agus an domhan ar fad thíos leis ó lá go lá"
Cuireann an sneachta athrú ar an áilleacht atá romhainn ionas go bhfeiceann muid arís é, ach bhí sí ann i gcónaí, le taitneamh a bhaint aisti, chuile lá beo.

Tagaim le TNH, ní gá dúinn "dian-chleachtadh a dhéanamh chun taitneamh a bhaint as an áilleacht", ach is fiú cleachtadh éigin a dhéanamh chun sonas agus síocháin a bhaint as áilleacht an dhomhain, agus ár meas ar a háilleacht a mhéadú.

7 comments:

aonghus said...

Is fíor dhaoibh.

Dennis King said...

Cén slíabh é sin? An tusa a thóg an pictiúr?

Is trua go bhfuil spuaic chiotach na heaglaise sin ag gobadh aníos ann!
;-)

Bíonn áilleacht agus neamh-áilleacht le feiceáil sa saol seo. Braitheann “áilleacht” ar an duine agus ar an am. Deirtear gur chuir sléibhte agus foraoisí scanradh ar dhaoine sa mheánaois agus nár bhraith siad aon áilleacht iontu ar chor ar bith. D'athraigh an meon sin faoi dheireadh le teacht na Rómánsaithe. Is solaoid mhaith den athrú seo an pictiúr seo, Der Wanderer über dem Nebelmeer (1818).

aonghus said...

Néifinn, más fíor ainm an phictiúir!

aonghus said...

(is breá liom ealaín Friedrich)

Dubhaltach said...

Néifinn atá ann. Mar a dúirt Aonghus.

Tagaim leat faoi túr an tséipéil má bhreathnaítear ar mar thúr séipéil amháin. Ach domsa is dóigh gur comhartha baile atá ann níos mó ná comhartha creidimh.

"Deirtear gur chuir sléibhte agus foraoisí scanradh ar dhaoine sa mheánaois agus nár bhraith siad aon áilleacht iontu ar chor ar bith."

Breathnaím féin ar shléibhte go díreach mar an gcéanna, tuigim an contúirt a bhaineann leo (Néifinn ach go háirithe), ach is féidir a n-áilleacht a aithint gan an tuiscint sin ag cur as dom.
Bheadh amhras orm, leis, mura bhfuil mé in ann dánta nó scéalta Gaeilge ó aimsir na meánaoise a aimsiú ag moladh áilleacht na gcoillte agus na sléibhte.

Dubhaltach said...

Thóg mo dheartháir an ceann seo agus muid i mbun siúlóide ina gceantar dúchais.

ormondo said...

Cheap mé ar dtús gurb ón Tibéid nó áit mar sin a bhí an grianghraf.

Andúchasachas Búdaíoch i gContae Mhaigh Eo!

B'fhéidir go ndéanaimid dearmad go ró-mhinic air go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa saol ná na drochscéalta as gnáthog comónta chruinne na meán agus na polaitíochta.

Agus is go ró-mhinic a chuireann na scéalta siúd ár meanma ag bá sa domlas a ghineann siad ionainn, rud nár chóir a tharlú i bhfianaise a laghad tionchair a bhíonn againn i gcúrsaí an tsaoil mhóir.