Dé hAoine, Nollaig 17, 2010

M2010.12.17

Trí rud spéisiúil a bhfaca mé le dhá lá anuas:

Léirmheas cuimsitheach ar leabhar nua O'Toole.
Agus is léir ón léirmheas go bhfuil na laigí chéanna le fáil i gach ní a scríobhann O'Toole. Easpa plé faoi chríochdheighilt na tíre, agus drogall an "S-focal" a lua, agus Poblacht Shóisialach a mholadh .i. An t-aon saghas poblachta a d'fheadfadh mianta s'aigsean a fhíorú.

-------------


Bhí an clár aréir de chuid "Cé a chónaigh i mo theachsa" an-spéisiúil.
Thug Manchán Magan cuairt ar Chaisleán Ellen i mBaile Átha an Rí, i gcontae na Gaillimhe. Teach saoire Edward Carson a bhí ann, agus é ina óige. Faigheann Mag Annaidh amach gur iománaí a bhí i gCarson. Agus go raibh sé páirteach i gcluichí iománaíochta i gColáiste na Tríonóide. "Tírghráthóir Éireannach agus Aontachtaí a bhí ann" de réir dealraimh!
Ba spéisiúil freisin go raibh aithne aige ar Oscar Wilde óna thréimhse i gCnaT, agus b'fhéidir óna óige freisin. Tá sé spéisiúil toisc, níos déanaí ina saol, throid Carson in aghaidh Wilde, mar abhcóide, ar son Marquess of Queensberry sa chás cáiliúil sin.

-------------

Gníomhaíochtaí frithdhaonlathach SAM chun rialtas Chavez a tharraingt síos. A bhuíochas le Wikileaks.
Curtha le chéile agus tuairiscithe ag Eva Golinger.
Lasmuigh d'áiféis éigin faoi theaghlach ríoga na Breataine, nó baoth-scéal Bertie faoi Shinn Féin agus banc áirithe, nó líomhaintí in aghaidh urlabhraí Wikileaks is beag aird a thug na meáin (iontas na n-iontas) ar "thaidhleoireacht" "thaidhleoirí" SAM in Veiniséala.

5 comments:

aonghus said...

Agus sin an baol.

B'fhéidir go mbeidh openleaks níos fearr chuige, má tharraingíonn siad isteach eagraíochtaí seachas na meáin cumarsáide príomhshrutha amháin.

Maidir le Carson, caithfidh mé a rá nach bhfeicim nach bhfeadfaí grá agus dílseacht a bheith ag duine do dhúchas na hÉireann ach fós féin a bheith dílis don Ríocht Aontaithe.

Dubhaltach said...

Tagaim leat faoi Charson, ach is dóigh go bhfuil sé spéisúil toisc nach labhraítear faoina Ghaelachas.

aonghus said...

Tharla sin do scata thart ar an am sin, nuair a chuaigh an IRB i gceannas ar an gConradh.

Ní leas na Gaeilge a rinne sé na duine sin a scríobh as stair an náisiúin...

Dubhaltach said...

Níl sé ariamh ródhéanach iad a scríobh ar ais arís.
Monuar, mar a chonaic tú ón t-alt sin san IT a chuir tú suas is beag aird a thugtar ar an nGaeilge i stair na hÉireann.

aonghus said...

I gcloigne Gaeilgeoirí is mithid iad a chuir ar ais ar dtúis. Tá an iomad daoine inár measc a shíleann gur cuid de phacáiste idéanna is ea grá don Ghaeilge, agus gur gá glacadh gan cheist leis an pacáiste iomlán!