Dé Máirt, Nollaig 14, 2010

M2010.12.16

Chuir mé nasc suas sa bhlagmhír thíos a luann An Shock Doctrine de chuid Naomi Kleine.
Leabhar atá ann, mura bhfuil a fhios agat, faoin chaoi a n-úsáideann "Réabhlóidí ar an Eite Dheis" sceimhle eacnamaíochta, agus fisiciúla ar phobail chun a n-idé-eolaíocht a chur i bhfeidhm, ar son chóras an bhrabaigh.

Tá sceimhle síceolaíochta níos tábhachtaí fós. Rud a úsáidtear in ionsaithe ar thíortha agus i gcéasadh de dhaoine. Níl aon mhaitheas sa ghníomh mura bhfeiceann nó gcloiseann daoine eile é.

Agus, feictear dom, gurb é atá á úsáid ag na Péas i Londain le déanaí le linn agóidíocht na mac léinn, agus ag na Gardaí i mBaile Átha Cliath freisin.
Tá sé an-chosúil le sceimhlitheoireacht. Mo leithscéal. Níl sé cosúil le sceimhlitheoireacht, is sceimhlitheoireacht é.

Tá suaitheadh agus foréigean á n-úsáid mar uirlisí smachta, agus samplaí á dhéanamh de dhaoine, chun an teachtaireacht a sheoladh chuig an chuid eile againn gurb é seo atá i ndán duit má leantar ar aghaidh ar an bhóthair áirithe sin.

Ach. Leanfaidh muid ar aghaidh. Dlúthpháirtíocht le mic léinn agus lucht oibre Shasana.

3 comments:

Anonymous said...

An Shock Doctrine: Ding, ding! Tá an buaiteoir againne! Machnaigh ar phlódú cultúrtha fosta (ach ar mhaithe leofa).

http://en.wikipedia.org/wiki/Culture_jamming

ormondo said...

Teagas turrainge... seans gurb in an fáth a ndearnadh solaoid de Chríocha Fáil le linn na n-idirbheartaíochtaí" leis an IMF.

Cén fáth a bhfuil na póilíní sásta an obair shalach a dhéanamh don dream atá i gcumhacht?

Ní hé gur thuilleann na gardaí an t-airgead mór.

Dubhaltach said...

Mar shóisialaí. Ní hea, mar dhuine. Thar aon rud eile, bhris sé mo chroí leis na focail: Imagine if it was Prince Charles, or Camilla, or a Police Officer, who had been within an inch of their life”

Tá tábhacht níos mó ag saoil dhaoine ná daoine eile sa saol seo.