Dé Luain, Nollaig 13, 2010

M2010.12.14

Déan dearmad a Éireannaigh ar olltoghchán 2011.
Tá do dhualgas daonlathach le comhlíonadh inniu, agus ní foláir an deis seo a thapú anois. Tá an vótáil is tromchúisí don Phoblacht riamh le reáchtáil Dé Céadaoin seo nuair a vótálfar an Dáil ar an bheart tarrthála ón IMF/AE.
Tá géarghá ann brú ollmhór a chur ar an réimeas reatha gan an treo uafásach pianseirbhíse sin a thógáil, agus gan glacadh leis an bheart seirfeachais chun na bainc mhóra Eorpacha a shábháil le todhchaí ár ndaoine.

Níl an vótáil seo sa Dáil á reáchtáil ar son daonlathais, ach chun cás dlí ón phobal -in aghaidh an bhearta- a sheachaint amach anseo.
Mar sin ní bheidh do sheans agat arís do thuairim a chur in iúil don Theachta Dála agus freagracht chuí a chur air/uirthi as ucht cad atáid ar tí a dhéanamh don ghlúin seo agus do na glúine le teacht.

Tá níos mó eolais agus sonraí teagmhála le haghaidh do Theachta Dála áitiúil ar fáil ar shuíomh ILR.

(Nod leat: ní fiú glaoch a chur ar, nó ríomhphoist agus téacsanna a sheoladh chuig, Teachtaí Dála an fhreasúra ós rud é go mbeidís ag vótáil ina aghaidh.)

6 comments:

Fearn said...

Beish an taiseach ag fáil a chuid 92 000 € sa bhliain mar a bhí, agus an TíDí is slítheánta a 32 000 € sa bhlain mar a bhí in ainneoin géirchéime.

An bhótáilfidh na turcaithe seo ar son na Nollag nó a chur ar an méir fhada? Beag an baol!

Dubhaltach said...

Ní bheinn dóchasach go vótálfadh Teachtaídála Fhianna Fáil in aghaidh aoire an Pháirtí, nó na Glasraí in aghaidh a maistrí ach an oiread. Ach má chuirtear in iúil dóibh go sollúnta nach mbeidh vótaí ag teacht chucu i ngeall ar an chaoi ar vótálann siad ar an Céadaoin tá seans, b'fhéidir, go bhfeicfeadh duine nó beirt roinnt ciall.

Néidí said...

Is féidir freisin, dul go dtí an leathanach ar na Teachtaí Dála ar shuíomh tithe an oireachtais agus ríomhphost a chuir chuig gach teachta ag an am céanna tríd cóipeáil agus pastáil

Dubhaltach said...

Níl an tionchar céanna ag ríomhphost is atá ag glaoch ar an uair gach uair. (i gcúig nóiméad tá cúpla glaoch eile le déanamh agam, agus leanfaidh mé le téacsanna agus ríomhphoist)

Tá ag díriú mo chuid ama ar dhaoine ar leith. Níl mórán cumhachta leis an spam-phoist i ndáiríre.

Féach NAMA mar shampla.

Néidí said...

fair play duit.
An b'fhiú téacs a sheoladh chuccu ag úsáid an idirlíon, níl airgead agam don ghlaoch.

Dubhaltach said...

Is fiú é, go háirithe más rud é nach bhfuil an uimhir fhón póca athruithe acu faoin am seo.

Ní fheadar cén tionchar a bheas acu, ach ar a laghad bheadh do thuairim curtha in iúl dóibh go díreach, agus beidh a fhios acu má dhíolann siad an tír don IMF leis an "phlean" gránna seo nach mbeadh vóta acu uaitse.

Murab ionann agus cás NAMA ar a laghad tá olltoghchán ar na bacáin anois agus bheidh intinní Fhianna Fáil/na nGlasach dírithe air.