Dé Luain, Nollaig 13, 2010

M2010.12.13

Ní dlí go dlí lucht caipitil.

"Níor aithin an tAire Airgeadais Brian Lenihan" agus Uachtarán an Choimisiún Eorpaigh Jose Manuel Barroso gur cinneadh an bhainc fhéin a bhí ann na bónais a íoc, agus ní an chúirt.

Tá sé ana-dioplómaitiúil ag an SBP a bheith ag maíomh nár aithin an bréagadóir Lenihan gur cinneadh bord bainistíochta AIB a bhí ann gan cosaint a chur suas in aghaidh an ghaimbín shantaigh John Foy.
Thuig sé go maith cad a bhí ag titim amach agus a bhí ag beartú acu, agus thuig sé go díreach gur bréag a bhí á scaipeadh aige nuair a mhaígh sé gur cinneadh na cúirte a bhí ann i ndáiríre.

Féar plé don SBP as an scéal seo a fhiosrú agus a tharraingt chun solais. Sin sampla de na meáin ag comhlíonadh a ról go maith.
Faraor, do phobal na Gaeilge, bhí meascán mearaí d'anailís mhaith agus seafóid cruthanta le léamh acu i nGaelscéal.
Don dara sheachtain as a chéile tá tráchtaire sa nuachtán ag moladh an IMF!: "..caithfidh mé a rá go bhfuil saghas áthais orm go bhfuil an IMF agus an AE ann chun súil ghéar a chóiméad ar an mbealach go bhfuil muid ag déanamh riaradh ar an dtír.."
Tá mo dhuine a mhaígh an líne sin thuas (a) ina amadán aineolach amach is amach, nó (b) ag magadh agus ag iarraidh a bheith conspóideach le haghaidh na conspóide amháin.

Ní comhartha maith d'iriseoireacht an nuachtáin ceachtar den dá rogha thuas.
Ní aineolas go moladh an IMF.

Nílid anseo chun súil a chóiméad ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre ionas go mbeimis ar bhóthar ár leasa arís. Ní leigheas an IMF d'fhadhbanna an chórais chaipitligh, is cuid den fhadhb é.
Tá an IMF anseo chun bainc phríobháideacha a chosaint ó loiceadh lucht oibre na tíre ar fhiacha na mbanc sin.
Agus sa phróiseas sin beidh an méid sócmhainní stáit agus is féidir leo a phríobháidiú príobháidithe acu.

Ar leathanach a 13 den nuachtán bhí grianghraf de pháiste i mbun agóide lena muintir sa Chlochán Liath, bhí plaiceard ina glac a dúirt: "The Pigs Are Out To Make Some Money"; le híomhá de thrí mhuc caipitil air freisin, I,M agus F. Thaispeáin an cailín óg sin níos mó tuisceana de staid na tíre go heacnamaíoch ná mo dhuine a bhfuil in ainm is a bheith ina thráchtaire eacnamaíochta!

Sin ráite, más aineolach amaideach agus cur amú spáis an ailt chéanna ar a laghad bhain sé miongháire amháin asam.
Maidir lena bholscaireacht, sothuartha, in aghaidh rialtas den eite chlé ina mbeadh SF agus LO páirteach ann, mhaíodh maidir le polasaí amháin de Shinn Féin: "tá Sinn Féin ag iarraidh ráta cánach 48% a ghearradh orainn."
Níl a fhios agam cé go díreach atá i gceist aige leis an "orainn" sin, óir is éard atá i gceist leis an ráta cánach 48% ná tríú ráta cánach nua a ghearradh orthu siúd a thuileann thar €100,000 in aghaidh na bliana.
Bheinn measartha cinnte nach mbaineann sé sin le formhór pobal na Gaeilge, in ainneoin na geáitsíochta buirgéisí uathu.

Cheap mé go raibh sé greannmhar go raibh míniú faoin ráta cánach molta sin do lucht saibhris ar fáil ar an anailís ag Treasa Bhreathnach, 3 leathanach níos faide ar aghaidh.
N'fheadar an raibh mo dhuine ag súil go mbeadh a leithéid ann, ag bréagnú a chuid bholscaireachta féinleasach.

Agus breathnaíonn lucht na Gaeilge ar an fhear seo mar shaineolaí airgeadais!

15 comments:

aonghus said...

N'fheadar faoi sin. Ó tharla gur beag iomaíocht atá ann i dtuairimíocht na Gaeilge i bhfoirm clóite, ní ceart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil údarás acu siúd a chuirtear i gcló. Níl ann ach go bhfuilid ann.

aonghus said...

(Ag tagairt don alt deiridh thuas a bhíos)

Dubhaltach said...

Leis an fhírinne a rá nílim ag déanamh tagairt don fhoirm clóite amháin.
Bíonn mo dhuine ar gach saghas meán .i. TG4, RnaG, Raidió na Life, Gaelscéal.

aonghus said...

Ar an gcúis céanna.

Tá Gaeilge aige, agus tá sé ar fáil.

Nó an é go raibh tú ag ionannú "pobal na Gaeilge" agus "iriseoirí na Gaeilge"?

Dubhaltach said...

Tá an ceart agat.
Níl tuairimí phobal na Gaeilge go léir agam.
Ach más rud é go dtagann daoine ar a thuairimí bunaithe ar cad a léann nó a chloiseann siad ó dhaoine a chuirtear os a gcomhair mar "shaineolaithe" bheadh sé measartha le maíomh, sílim, go bhfuil a thuairimíocht shaineolach ag dul i bhfeidhm ar an phobal céanna.

aonghus said...

Is amhlaidh go bhfuil amhras orm go bhfuil aoinne againn ag bráth ar na meáin Gaeilge chun ár dtuairimí a mhúnlú.

Dubhaltach said...

B'fhéidir é. Is cinnte go bhfuil sé mar chuid de.
Ach ní shin le rá go bhfuil siad ag brath air.
Tá an SINDO agus an Sunday World, abair, an-lárnach i múnlú tuairimíocht an phobail i gcoitinne.

Tá Gaelscéal, nó beirt ann ar aon nós, ag teacht a bheag nó mór leis na tuairimí atá le léamh sna nuachtáin Bhéarla.
Mura bhfuil duine le Gaeilge ag teacht ar an tuairim de bharr Gaelscéal sa chéad dul síos is cinnte go bhfuil sé á dhaingniú ina intinn dá bharr.

Fearn said...

Tugaim isteach!

Cé hé mo dhuine?

Dubhaltach said...

Níor mhian liom a ainm a lua ar eagla go gcruthófar sin níos mó "content", mar a déarfá. Ag brú a ainm agus próifíl a chomhlachta PR suas le cuardach Google.

Seo a leanas an t-alt a bhí i gceist mar sin féin: http://www.gaelsceal.ie/alc-laigh-airgeadais

Fearn said...

Maith thú, a dhubhaltach.

is leor nod don eolach!

Dubhaltach said...

Dochreidte
Nó an bhfuil sé?!

aonghus said...

Níl, faraor.

Dubhaltach said...

Tá sé dochreidte nach bhfuil sé dochreidte!

aonghus said...

GUBU, b'fhéidir?

aonghus said...

Seachas an U deiridh.

Monuar, níl faic unprecedented faoi seo ar fad.