Déardaoin, Nollaig 09, 2010

M2010.12.12

9 lá de Mhí na Nollag, bliain ár dtiarna 2010. Scamallach, fuar, le gaoth aniar, coscairt faoi lán seol.

Chonaic mé dhá scéal ar maidin, faoi dhá aicme.

Scéal amháin anseo, scéal eile anseo.

Ba chóir dúinn a bheith bródúil!
Agus, ar ndóigh, ba chóir an dá scéal thuas a léamh i bpáirt leis an anailís ar an bhuiséad sa dara blagmhír thíos.

Ní athleasú an chórais pholaitíochta atá de dhíth, ach athrú iomlán ar an gcóras eacnamaíochta .i. an ceann reatha a chur de dhroim an tsaoil.

25 comments:

aonghus said...

Tá an dá rud fite fuaite; athnuachan ó bhonn atá de dhíth.

Rud a thosaíonn leis an duine aonair.

Dubhaltach said...

Cad atá i gceist le athnuachan? Dar leat?

Dubhaltach said...

Ceart agat, táid fite fuaite le chéile.
Is dóigh go raibh mé ag smaoineamh faoin chaoi a bhfuil a lán le chloisteáil faoi athleasú polaitíochta le déanaí. Saghas athruithe bunúsacha suaracha ach a fhágann cúrsaí mar atá i ndáiríre.

Tosaíonn sé le an duine cinnte, sin bunchloch sóisialachais .i. forbairt an duine.

aonghus said...

Dá mbeadh freagra na ceiste sin agam!

Ach táimid san áit ina bhfuilimid toisc go ndearna roinnt mhaith daoine rudaí a bhí dleathach, ach mícheart.

Tarlaíonn sé sin i gcónaí; ach ag pointe éigin thrasnaigh muid líne ag a raibh an iomarca nithe a bhí "dleathach, ach mícheart" ag tarlú.

Níl sé indéanta gach rud atá mícheart a dhéanamh mídhleathach.

Ach má tosaíonn móramh an pobal ag diúltú do na nithe seo agus ag diúltú, mar shampla, daoine a rinne na nithe seo a roghnú mar cheannairí....

Sin cinneadh ag leibhéal an duine aonair, le tionchar ar an pobal tré chéile.

aonghus said...

Tosaíonn sé le an duine cinnte, sin bunchloch sóisialachais .i. forbairt an duine.

Sin bunchloch gach uile ruda. An cheist ná conas a thabhairt ar an duine aonair forbairt!

Ní féidir forbairt a bhrú ar dhaoine - ní féidir ach oiriúnú a bhaint amach le lámh láidir.

Feicim gá fós le ceannairí fáidhiúla, a bhfuil an cumas iontu daoine a spreagadh chun an forbairt seo a chuir i gcrích.

Fearn said...

Dúirt gúrú éigin dhá mhíle bliain ó shoin ( Tá a lá breithe ar na bacáin ); dúirt sé go mbeadh na bochtáin ann choíche, agus lig sé le fios gurb amhlaidh do dhaoine rachmasacha.

Mhol sé athrú meoin i leith saoltachta agus ábharachais.

B'fhiú a léamh!

aonghus said...

B'fhiú cinnte.

Dúirt sé fosta gurbh ón gcroí istigh seachas ó amuigh a thagann neamhghlaine. (c.f. Matha 15)

coc said...

Ní aontaím leat a Fhearn, ná leis an ngúrú ach oiread más fíor go ndúirt sé a leithéid. Tá difríocht idir ábharachas agus ocras.

'Séard atá de dhíth anois orainn ná Treacy & Breen. Ní gá a bheith gan peacaí chun an chéad cloch a chaitheamh.

aonghus said...

Tá difríocht idir ábharachas agus ocras.

Tá cinnte, agus ní dúirt an gúrú a mhalairt!

Is fíor go ndúirt sé go mbeadh na bochtáin i gcónaí linn; ní dúirt sé gurbh rud maith é sin, ná nár cheart aon iarracht a dhéanamh bochtanas a mhaolú. (Tabhair faoi ndeara gurbh iad VdeP a thug an chéad scéal sin chun solais; iadsan atá ar thús cadhnaíochta ag dul i ngleic leis, ar chomhairle an ghúrú!)

aonghus said...

Maidir le Treacy & Breen, ní dóigh liom go bhfuil leigheas ár deacrachtaí ag fir ghunna an uair seo; is féidir leo rudaí a scrios, ach nithe eile atá de dhíth san ath-thógáil.

Fearn said...

A choic,
Chead sin agat, dar ndóigh.

Níl luaigh mé ocras, ach bíonn daoine ag smaoineamh go bhfuil an t-ocras seo na bpaistí de dheasca "poilitíochta".

Is dual don Stát a fhiosrú .i. na páistí seo. Ar chuireadh orthu a dhéanamh? An bhfuil locht nó easnamh ar an tuistí? Easpa airgid nó easpa céille?
Ní cuí eiseamláir poilitíochta a dhéanamh as an eachtra gan a thuilleadh fíricí.

Má tá tú le clocha a chaitheamh ná bíodh an páistí seo ina "iarraim cúis" agatsa.


A Aonghuis,
Tagaim leat. Ní dúirt mé a mhalairt.

aonghus said...

Ceist don stáit riar na córa.
Ceist don pholaitíocht is ea conas.

Oilbhéim in aghaidh na córa is ea paistí a bheith ag lorg beatha sa dramhaíl.

In ndiaidh don cóir a bheith déanta is ea thosaíonn an carthanacht - rud nach ceist don pholaitíocht é, ó tharla nach ceist don stáit é.

Dubhaltach said...

"Feicim gá fós le ceannairí fáidhiúla"

Is dóigh go bhfuilim ag breathnú ar chúrsaí trí shúile leathMharxach ach sílim gur féidir leis an bpobal ina iomláine ról na gceannairí fáidhiúla a dhéanamh.
Is fada ó bhí gá le duine leannta seanmóireacht a dhéanamh do lucht féachana gan cumas léamh agus scríobh.

Bheinn an-amhrasach faoi aon ghluaiseacht le ceannaire deisbhéalach agus lucht leanúna díograiseach, sa lá atá inniu ann ach go háirithe.

Tá bearta amhail Claiming Our Future agus An Chomhghuaillíocht Chlé ina n-eiseamláir mhaith don bheart atá i gceist agam.

"'Séard atá de dhíth anois orainn ná Treacy & Breen."

Ní aontaím.

Ar dtús ní bheadh mar thoradh ar fhoréigean ach níos mó foréigin.
Agus sa dara áit ní féidir leis an bpobal dul san iomaíocht leis an stát ó thaobh cumas foréigin de.

Is é an córas daonlathais an baill is laige d'uaillmhianta lucht caipitil. Ní foláir díriú ar sin agus conas is féidir linn baill an chórais a thógáil uathu .i. páirtithe polaitiúla agus an tionchar atá acu ar dhaonlathas etc.

aonghus said...

Cad é do thuairim faoi iarracht na Glasaigh fanacht sa Rialtas go dtí go mbíonn an dlí in aghaidh deontais corparáideacha do pháirtithe rite?

(Agus dála an scéal an mbeidh cosc san dlí sin ar fhógraíocht pholaitiúil indíreach ag dreamanna eile mar a bhíonn sna stáit aontaithe?)

Aontaím leat maidir le ceannairí glice, deisbhéalacha. Oidí agus spreagthóirí atá de dhíth, ní Fuehrer. Aontaím leat freisin maidir leis na gluaiseachtaí úd, cé nach mbeinn ar aon fhocal leo ar gach rud.

Dubhaltach said...

Chonaic mé fíric spéisúil ar Twitter Fintan O'Toole nóiméad ó shin gurb ionann an méid a ghearradh ó dheontas caipitíochta na scoileanna/deontais mhic léinn agus na bónais nua do lucht saibhris AIB.

Pointe maith atá ann cinnte ach níl sé leath chomh ghránna agus an gaol idir cad a ghearradh ó leasa sóisialaigh na bpáistí ag lorg beatha sa bhruscar agus bónais bhoic mhóra AIB.

Tá an scéal seo do-focain-chreidte.

aonghus said...

Níl.

An deacracht atá le seo ar fad ná nach bónas, i. bronntanas atá sna híocaíochtaí sin in aon chor; ach airgead a bhí geallta i gconradh ach spriocanna a chomhlíonadh.

Is amhlaidh go raibh na spriocanna seafóideach; ach comhlíon na daoine an rud a bhí le comhlíonadh, mar sin, tá siad i dteideal an airgead de réir a gconarthaí.

Is cuid den córas lofa é nár briseadh fós; ach is baolach an ní é rudaí a bhí dleathach a athrú i ndiaidh an bhirt.

Má chuirtear an prionsabal sin as a riocht, beimid i bpraiseach eile.

Dubhaltach said...

"Cad é do thuairim faoi iarracht na Glasaigh fanacht sa Rialtas go dtí go mbíonn an dlí in aghaidh deontais corparáideacha do pháirtithe rite?"

Ní raibh a fhios agam gurbh é a bhí ar siúl acu. Tá moladh tuillte acu más é sin atá i gceist acu.
Ach cén fáth anois, cad a tharla le dhá bhliain anuas?
Feicfear anois, leis, nach mbeadh fonn nó deabhadh ar Fhianna Fáil a leithéid de reachtaíochta a chur tríd as ucht ceanndánacht na nGlasach olltoghchán a éileamh.
Ní fheicim aon fhiúntas in olltoghchán, go háirithe nuair atá sé ionann is cinnte go mbeidh rialtas d'Fhianna Gael againn faoi smacht an IMF.


"(Agus dála an scéal an mbeidh cosc san dlí sin ar fhógraíocht pholaitiúil indíreach ag dreamanna eile mar a bhíonn sna stáit aontaithe?)"

Is beag mo chur amach ar an bheart seachas a bhí le maíomh acu roimh an olltoghchán deiridh. Ach is cinnte go raibh rud é mar sin i gceist.

"ní Fuehrer."
Na habair!
Sin an baol go dtiocfaidh ceannaire dá leithéid chun cinn de bharr cúrsaí eacnamaíochta dá leithéid.

Má tá pobal lag scoilte ann tá baol fuehrer ann.

"Oidí agus spreagthóirí atá de dhíth,"
Ach déanann máthair agus athair agus cara agus comharsana oidí agus spreagthóirí maithe

Dubhaltach said...

Tuigim conradh agus dlí agus an ní atá dlite. Ach in ainm Dé, bheadh an banc seo imithe go dtóin poill murach pobal na hÉireann ag íoc as.
Tá an banc go hiomlán dócmhainneach, go díreach cosúil le Anglo, tá sé in ainm is a bheith faoi stiúir an stáit. Chomh luath agus a tháinig an stát isteach bhí gach conradh bónais dá sárobair le linn 2008!! (dhá mhíle agus a focain hocht! Rinne siad an-jab cinnte) Bhí gach conradh curtha ar neamhní, nó ba chóir dó a bheith.

Níl ceist dlí agus an ní atá dlite maith a dhóthain. Ba chóir go mbeadh an banc seo faoi smacht daonlathach an phobail ar son an phobail ós rud é go bhfuil na páistí siúd agus gach mac máthar eile sa tír ag íoc as.

B'fhéidir go bhfuil cumhacht ag na conarthaí sin faoin réimeas reatha, nár mhian leo cur as dá dtacaíocht airgeadais agus foinse maoinithe, ach ba chóir go mbeadh náisiúnú an bhainc i gceart ar bhéal gach duine idir seo agus lá olltoghcháin.

aonghus said...

De réir mo thuiscint, is amhlaidh go raibh na conarthaí ann níos sia siar.

Agus, mar a deirim, bhí na spriocanna seafóideach, i. níor bhain siad le brabach ach le díolaíocht!

aonghus said...

An rud nach dtuigim is conas nach raibh clásal sa chonradh ag leagan síos nach n-íocfaí an bónas dá mbeadh deacrachtaí airgeadais ag an mbanc.

Ach is léir nach bhfuil, nó ní bheadh bua acu sa chúirt.

Dubhaltach said...

Aisteach cinnte, sin conradh deas le fáil.

Ach an bhfuil sé ráite sa chonradh gur chóir airgead a thabhairt?
Mura bhfuil, agus dá mbeadh an banc dáiríre faoin athrú cleachtais a bhfuil sé ag labhairt faoi ba chóir go mbeadh bónas i gcruth scaireanna chun an dlí a chomhlíonadh.

Chomh maith leis sin ba chóir alt eile a chur ar an cháinaisnéis sula dtéann sé tríd an oireachtas a chuireann cáin 100% ar bhónais. Bhí a fhios ag an Aire go raibh an fhadhb seo le teacht chun tosaigh arís ach níor dhein sé faic faoi! Níor mhaith leis aon rud a dhéanamh faoi an dtuigeann tú.

aonghus said...

Más do 2008 na bónais seo, n'fheadar an bhféadfaí cáin a ghearradh orthu.

Néidí said...

Nuair atá cara agat sa chúirt, is féidir leat an bua a bheith agat.
Ba chóir dóibh 99% a íocadh orthu. Tá Chris Andrews (Fianna Fáil gránna)agus duine dena Fianna eile tar éis teacht amach agus é seo a rá go poiblí

coc said...

Ar dtús ní bheadh mar thoradh ar fhoréigean ach níos mó foréigin.

Sin mar a bhíonn de ghnáth. Ach tá tús curtha leis an agóid foréigneach cheanna féin. Ní gá don stát clocha a chaitheamh dár ndóigh chun foréigin a úsáid. Is leor maoine bheatha a dhúiltiú dos na daill agus dóibhsean faoi mhíchumais.

Go dtí go n-aithnítear an forrachtadh seo mar fhoréigin, ní féidir imeacht i ngleic leis.

Dubhaltach said...

Tagaim leat, agus sin an fáth a bhfuil easumhlaíocht sibhialta á moladh agam le déanaí.
Ach luaigh tú an Treasach!