Dé Céadaoin, Nollaig 08, 2010

M2010.12.11

Tá cúrsaí go dona abhus le cúpla bliain anuas. Is seirfeach an tÉireannach anois dá mháistrí i mbaincéireacht idirnáisiúnta, lucht ionnúis na hImpireachta nua-aoiseach.

Feictear gur cuma leis faoi sin. Comhartha maith a bhí ann an líon beag daoine a ghlac páirt san agóidíocht lasmuigh den Dáil aréir.
Seo an tÉireannach céanna nach bhfuil meas madaidh aige do theanga dhúchais na tíre, ní ábhar iontais é mar sin a mheon is cuma liom faoina ról nua mar sheirfeach, agus todhchaí a pháistí sa bhruscar, a chomhÉireannaigh ar an mbád bán arís agus flaitheas a thíre i lámha lucht speiciléireachta nua-liobrálacha.
Ach tá troid éigin ann fós. Tá an tÉireannach go soineanta, amhail páiste gan ciall ceannaithe, ag súil leis na hathruithe radacacha is mian leat a fheiceáil ag teacht as rialtas Fianna Gaelach agus giollaí Ghiolla Mhir san athbhliain, faoi stiúir docht daingean an IMF ar ndóigh.

Óir seachas an réabhlóid is mó ariamh i gcúrsaí polaitíochta an stáit is beag baol go mbeidh comhrialtas clé againn. Fiú dá mbeadh seans mar sin ann tá na meáin go léir go hiomlán in aghaidh an smaoinimh. Chuirfidís go tréan a gcumhacht ar fad taobh thiar d'aon fheachtas bolscaireachta chun aon chomhghuaillíocht chlé a chiapadh.

Ach, ag deireadh na dála, is cuma cé chomh dona is atá cúrsaí suaracha anseo, ní Poblacht Bhanana go Stáit Aontaithe Meiriceá.
Nó ní "Stát Faisisteach-nua-Feodach" go SAM!

Ní thuigim ar chor ar bith cén fáth a bhfuil Bloomberg, CNN srl srl ag labhairt fúinne agus an baol don euro?

"the US television “news” media (propaganda) networks just glossed over the whole thing – nothing to see here, just move along, back after a message from our sponsors"

Ó, go raibh maith agat, tuigim. (Chonaic mé cheana thú, arsa an cat leis an mbainne te)

Tá na naimhde ceannann céanna ag lucht oibre SAM is atá ag lucht oibre na hEorpa.
Lucht Oibre an Domhain cuirigí le chéile!

3 comments:

Néidí said...

Bhí níos mó ná líon beag amach aréir.

Míshásta said...

"Tá an tÉireannach go soineanta, amhail páiste gan ciall ceannaithe"

Cár fhaca mé an tagairt úd cheana. Á! sea, in eagrán de Punch ó lár na naoú aoise déag.

Dubhaltach said...

Níl aon chiníochas i gceist.