Dé Céadaoin, Nollaig 08, 2010

M2010.12.10



Is fiú éisteacht le freagra Phearse Uí Dhochartaigh don cháinaisnéis inné. Tá an chéad deich nóiméad thuas. (Tá sé ar fáil ina iomláine ar shuíomh RTÉ, le roinnt Ghaeilge sa chonclúid)

Tá seans maith ann nach raibh sé feicthe agat cheana, óir níor thug Nuacht RTÉ agus an clár cáinaisnéis speisialta s'acusan aon aird de!

Bhain sé gáire asam lena cháineadh don bheirt Ghaimbín as cúige Mumhan...

Mar mhilseog leis an mbéile blasta sin mholfainn an anailís seo ar "Cháinaisnéis an Mhilliúnaí" agus conas a bheas lucht saibhris ag íoc níos lú cánach, arís, dá bharr.
Ní amháin sin, ach beidh lucht ionnúis níos fearr as....Níos. Fearr. As!

4 comments:

Néidí said...

Ní oibríonn player faoi láthair ar mo ríomhaire ach chualas go raibh sé ar fheabhas cinnte.

Dubhaltach said...

Tá an chéad deich nóiméad le feiceáil thuas. Tá tras-scríbhinn de ar fáil ar shuíomh Shinn Féin freisin.

Fearn said...

Is an-chainteoir é cinnte. Beidh sé ina phoiliteoir maith.

Is eol dó cheana nach bhfuilan Ghaeilge in áit na cumhachta, áfach

Dubhaltach said...

Mura bhfuil an fhíric sin ar eolas aige cheana óna óige bheadh amhras orm faoi.
Ach ní shin le rá nach mbeadh sé mar chara iontach maith do chúis na Gaeilge sa Dáil.