Dé hAoine, Nollaig 03, 2010

M2010.12.06

"Tá buíon strainséirí i gceannas na leabhar anois. Cuirimis fáilte rompu mar is chun ár leasa atá siad."

Cheap mé go raibh Páidí bocht ag magadh. Ach tá an t-alt léite agam faoi thrí anois agus is léir dom go bhfuil sé an-dáiríre! Dáiríre píre...
Chuir sé an nath cáiliúil sin ón Simpsons i gcuimhne dom ar an toirt .i. "And I, for one, welcome our new insect overlords"

Tá sé gach phioc chomh ghreannmhar.

Níl an IMF anseo dár leas. A thiarcais!
Táid anseo chun bainc phríobháideacha a chosaint ó loiceadh lucht oibre na tíre ar fhiacha na mbanc príobháideach. Agus chun an méid sócmhainní stáit agus is féidir leo a phríobháidiú, le comhlachtaí móra ilnáisiúnta ag fáil na gconarthaí de ghnáth.

11 comments:

aonghus said...

Is amhlaidh gur cuid den féinfhuath Gaelach é seo: easpa muinín as ár gcumas sin féin a rialú. Tá an ghalar seo coitianta i measc tráchtairí D4 agus Conamara 4.

Maidir leis an rud eile, tháinig ar nath feiliúnach de chuid GK Chesterton ar na mallaibh: "Too much capitalism does not mean too many capitalists, but too few capitalists."

Táimid ag dul sa treo sin go sciobtha, agus is cuid den fhadhb é an deighilt idir úinéirí agus riarthóirí na maoine: sin a pholl a caipitleachas stáit san APSS, agus sin a scriosfaidh an ollchomhluchtachas abhus. Ach is iad an lucht oibre (lean airím an íseal mheán aicme) a íocfaidh as.

Dubhaltach said...

"féinfhuath Gaelach é seo: easpa muinín as ár gcumas sin féin a rialú."

Is é, tá sé i bhfad rófheiceálach na laethanta seo, tá a lán self-flagellation le cloisteáil agus le léamh ón tÉireannach.

"Dá mbeadh ceannairí maithe againn le muid a threorú as an bhfaopach". Sin an freagra a dtagtar air má leantar leis an treo smaointeoireachta áirithe sin.

Is dóigh go bhfeiceann daoine an IMF mar cheannairí láidir chun smacht agus ord a chur ar rudaí arís.

"tráchtairí D4 agus Conamara 4." :)

"nath feiliúnach de chuid GK Chesterton"
Sea, bhí mise agus Seán ag plé dáileachas Chesterton cúpla blagmhír síos.
Ní aontaím ar chor ar bith le GK, ach is cinnte go bhfuil sé i nádúr an chórais (atá i bhfeidhm faoi láthair) go n-íslíonn líon na gcaipitlithe de réir mar a mhéadaíonn agus a threisíonn carnadh caipitil. Sin an dearcadh Marxach ar aon nós, rud a fhíoraíonn an fhianaise!
Dá mbeadh cead a chinn ag an "MHARGADH", mar is mian le caipitlithe a fheiceáil, tharlódh sé níos sciobthaí fós.
Sin caipitleachas foirfe, seilbh maoin táirgiúlachta agus airgid le mionlach.

Fearn said...

Féinfhuath?

Ní chreidim é, ru.

Treall, frustrachas, míchumas, eagla, díomá, diomua , thar dóchas, thar a n-acmhainn , easpa samhlaíochta, seiftiúlacht lag, tuirse, tnáiteacht, imeaglú??????

B'fhéidir. Ach cá bhfuil tú an fhéinfhuarh, a Aonghus?

Fearn said...

Ach cá bhfuair tú an fhéinfhuath, a Aonghus?


...a shíl mé a scríobh.

aonghus said...

Cad eile a thabharfá ar an rá coitianta "ní fiú muid ár neamhspleáchas" ach féinfhuath?

ormondo said...

An bhfuil seachmall ar Pháidí faoi phríomhghnó an IMF? Tá siad tagtha isteach chun airgead na mbanc a tharrtháil... PONC!

Sa mhullach ar an bpraiseach a bhí ann cheana féin nár chuir an EU/IMF iachall ar an rialtas an caillteanas a d'fhulaing na bainc eachtracha mar gheall ar an ngeall a bhí curtha acu a ghlacadh chuige féin agus a íoc ar ais?

Ní máinliacht an "tarrtháil" ach búistéireacht.

Fearn said...

"Cad eile a thabharfá ar an rá coitianta "ní fiú muid ár neamhspleáchas" ach féinfhuath? "

Bhal, thug mé trí nath déag thuas agus d'fhéadfainn smaoineamh ar táin eile.

Seachaint eile uait, a mhic?

Dubhaltach said...

"An bhfuil seachmall ar Pháidí faoi phríomhghnó an IMF?"

Le cead do Pháidí níor thuig sé go díreach cad atá i gceist, agus leis an fhírinne a rá tagann a alt le cad a chreideann formhór na ndaoine sa tír.
Níl seachmall ar leith air sa chás seo.

Agus feicim inniu san eagrán is nuaí de Gaelscéal go bhfuil sé ag foghlaim don chéad uair cad is nua-liobrálachas ann.
Chomh luath is a fhoghlaimítear faoin idé-eolaíocht ailseach sin athraíonn do dhearcadh ar chúrsaí an-thapaidh.

Dubhaltach said...

"Bhal, thug mé trí nath déag thuas agus d'fhéadfainn smaoineamh ar táin eile."

Tá an ceart agat ar bhealach a Fhearn, luíonn freagracht éigin leis an duine ról níos gníomhaí a imirt sa chóras daonlathais .i. a mhachnamh a dhéanamh ar cé agus cén fáth ar vótálann sé am toghcháin etc.
Ach ní fiú locht a chur ar an vótálaí gan an córas a cheistiú go tréan ar dtús.

Mar a dúirt Aonghus; tá a lán le cloisteáil sna meáin le déanaí nach bhfuil neamhspleáchas tuillte againn, go raibh "freagracht ar theaghlaigh a cheannaigh teach cónaithe" agus "a chuaigh ar saoire" le linn na bliana etc.
(Conáil Ó Móráin Gaelscéal mar shampla, lucht "bhí muid go léir sa choisir")

Arís sa chás sin ní bhreathnaítear ar an idé-eolaíocht ina maireann muid, nó an daonlathas buirgéiseach atá i bhfeidhm, rud a chruthaíonn "míchumas, eagla, díomá, easpa samhlaíochta, tuirse srl" ó thaobh na polaitíochta de.

Spreagann an córas leisciúlacht agus meon leithleasach

Dubhaltach said...

"go bunúsach, is ionann an nua-liobrálachas agus polasaithe an Pháirtí Dhaonlathaigh (na PDs), páirtí atá imithe ar shlí na fírinne."

.... agus polasaithe Fhianna Fáil, agus Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, agus na meán agus lucht caipitil. Nach ea?!

Fearn said...

"... luíonn freagracht éigin leis an duine ról níos gníomhaí a imirt sa chóras daonlathais .i. a mhachnamh a dhéanamh ar cé agus cén fáth ar vótálann sé am toghcháin etc.
Ach ní fiú locht a chur ar an vótálaí gan an córas a cheistiú go tréan ar dtús."

Tagaim leat go hiomlán i daobh machnaimh a dhéanamh. Sin an fáth ar cheistigh mé "conclúid" Aonghusa féachaint an raibh teann loighice taobh thiar de. Tús gnímh smaointeoireacht


"Spreagann an córas leisciúlacht agus meon leithleasach"

Ní thagaim leat. Cothaíonn sé é cinnte, ach beireann an duine leisciúlacht agus meon leithleasach leis.