Dé hAoine, Nollaig 03, 2010

M2010.12.05

Ó Dhùn Èideann go Dùn Bheagain ar Eilean Sgitheanach is ea an saothar nua, ealaíne is dóigh, le Danny Mac Ascaill. Thar chionn ar fad ar fad.

Seo cainteoir dúchais Gàidhlig a bhfuil aghaidh mhuintir an domhain air i ngeall ar a thallann dochreidte atá le feiceáil ar a fhíseáin sliabh-rothaíochta ar You Tube.

Cad atá le déanamh chun cúpla focal ina theanga dhúchais a mhealladh as?

11 comments:

John said...

Dochreidte - lá tirim grianmhar ar an Eilean Sgiathanach!

Físeán iontach freisin ;)

Dubhaltach said...

GOA :)

Dennis King said...

a) Bhabh!

b) Ach... a ailt, ailt na glúine go háirithe! Tá sé an-óg fós, ar ndóigh.

c) Cá bhfuair sé a chuid Gàidhlig? Más ar Oileán Sgiathanach a tógadh é is féidir go bhfuair sé Gàidhlig ar scoil, ach ní sheachadtar an teanga ó ghlúin go glúin go nádúrtha ansin go minic anois.

Dubhaltach said...

(c)

Bhíos ag tabhairt buaille faoi thuairim go raibh sé aige ó dhúchais. Bheadh díomá orm mura bhfuil....

Dennis King said...

Is soirbhí thú.

Dubhaltach said...

Ach nach seans i bhfad níos fearr ann go bhfuil Gaeilge aige toisc gurb as Oileán an Cheo dó?

Dubhaltach said...

An bhfuil tuairim ag Fearn faoi?

Dennis King said...

Ach nach seans i bhfad níos fearr ann go bhfuil Gaeilge aige toisc gurb as Oileán an Cheo dó?

Seans níos fearr i gcomórtas le céard? Inis Iocht?
;-)

Ag magadh atá mé, ach mar sin féin, ní raibh ach 34% de na daoine i nDùn Bheagain in ann Gàidhlig a labhairt de réir an daonáirimh is déanaí (2001).

Maidir le Fearn, ba bhreá liom níos mó a chloisteáil uaidh faoi chúrsaí in Albain! Creidim go bhfuil sé ina chónaí i Moireibh agus go bhfuil post aige leis an gcomhairle contae ansin, ach bíonn sé iontach ciúin i gcónaí faoina shaol féin.

À bas l'anonymat!

Dubhaltach said...

Níl spéis agam sonraí pearsanta Fhearn a phlé, ach ba mhaith liom a thuairim a fháil faoi fhear seo as Sciathánach.
An raibh aon ní sa Scotsman, nó nuachtáin eile, nó ar BBC Alba etc?

"ní raibh ach 34% de na daoine i nDùn Bheagain in ann Gàidhlig a labhairt de réir an daonáirimh is déanaí (2001)."

Táim aineolach is léir faoi chúrsaí teangan san Oileán sin. Go raibh maith agat.
Leis an gcéatadán sin bheadh sé cosúil le Gleann Cholm Chille, agus ní ábhar dóchais é sin ar chor ar bith.

Dennis King said...

Is celebrity é Mac Askill. Nach bhfuil suíomhanna ar an idirlíon ar féidir ceisteanna faoi celebrities a chur orthu? “Is is true that Susan Boyle only drinks Brand X tea?” agus mar sin de?

Dubhaltach said...

'Sea, ach n'fheadar an bhfuil sé chomh cháiliúil sin.
Agus gan amhras bheadh agallamh déanta ag BBC Alba leis faoin am seo, agus bheadh rian de ar fáil áit éigin ar líne. Ach níl.