Déardaoin, Nollaig 02, 2010

M2010.12.04

Tá brat trom sneachta ar Bhaile Átha Cliath anocht, agus níos mó ag titim fós.
Ní raibh aon obair agam inniu cosúil lena lán daoine, mar ba léir dom ó na sráideanna níos ciúine a chonaic mé nuair a chuaigh mé amach dhá uair a chloig ó shin le spaisteoireacht a dhéanamh agus breathnú ar iontas an tsneachta.

Má bhí ciall éigin ag daoine gan an carr a úsáid nó lá saoire a thógáil níorbh amhlaidh le cách:
Chaith mé beagnach leathuair a chloig ag cabhrú le daoine eile ón Rinn carranna a bhí i sáinn sleamhain a bhrú suas droichead na Rinne!
Tháinig mé ar beirt Gharda agus dúirt mé gur chóir dóibh gaineamh agus salann ón gCC a aimsiú le cabhrú, nó an droichead a dhúnadh ar fad. Monuar is beag spéise a bhí acu i mo mholtaí. Bhí cupán tae te ag fanacht dóibh sa Bhaile Gaelach is dóigh!

7 comments:

Fearn said...

Maith thú, a dhubhaltach.

Is Samáireach Fónta thú!

Ach cogar, nach an chomhaire Chathrach atá freagrach as bail na sráideanna?

Ní dóigh liom go ndéanfadh siad rud ar Gharda ná ar Shaoránach!!

Dubhaltach said...

"Is Samáireach Fónta thú!"
N'fheadar!
Chonaic mé daoine eile á dhéanamh ar dtús, agus bhíodar ag streachailt leis, bhí mé in ann cabhair éigin a thabhairt mar geall ar mo mhéid.

"Ach cogar, nach an chomhaire Chathrach atá freagrach as bail na sráideanna?
Ní dóigh liom go ndéanfadh siad rud ar Gharda ná ar Shaoránach!!"

Cinnte, ach bhí sé ag éirí contúirteach le carranna ag sleamhnú thart agus daoine á mbrú. Bhí broidtráth faoi lánseol agus an cuma air go n-éireodh cúrsaí níos measa de réir a chéile.
Mhol mé dóibh glaoch a chur ar an gcomhairle chontae le rá go raibh fadhb ar leith sa Rinn. Nó an bóthar a dhúnadh ar fad agus treo na gcarranna a athrú thar droichead Londain, nó lasmuigh den Aviva

Ba chuma leo! An-ait.

Fearn said...

Maith thú fhéin, fiú más Samáireach Fónta "drogallach" thú.

"Ba chuma leo! An-ait."

Sin a mbíonn a sgagadh agatsa, nach ea, dearcadh poilitíochta phobal na hÉireann?
Is cuma leo a leas ach déanamh de réir a mhéine.

Dubhaltach said...

"Sin a mbíonn a sgagadh agatsa, nach ea, dearcadh poilitíochta phobal na hÉireann?"

Chonaic mé pobal ag teacht le chéile, ag cabhrú le chéile. Ach bhí an tasc thar a chumas i ngeall ar an aimsir agus an líon carranna a bhí ag teacht.
Ní raibh leisce orthu rud a dhéanamh ar son an leas coitinn mar a chonaic siad é.

Níorbh amhlaidh leis an stát áfach.

Fearn said...

Cad a éiríonn sa "phobal" nuair a chasann siad ina "Stát", ní mé, má tá an mianach ann?

Mise Áine said...

B'fhéidir nach raibh siad ag iarraidh a gcultacha a shalú, a Dhubhaltaigh...:-)

Dubhaltach said...

Déarfainn go raibh a shift ag teacht chun deiridh!