Dé Céadaoin, Nollaig 01, 2010

M2010.12.03

Ní fhaca mé bóithre chomh sleamhain i gcathair ariamh.
Deirtear linn go bhfuil a ndóthain salainn agus greanchloiche acu go ceann píosa ach cad a tharlaíonn más fíor go mairfidh an aimsir seo coicís?
Tá an cuma ar Bhaile Átha Cliath anocht nach bhfuil an chomhairle chontae in ann coinneáil suas leis.

6 comments:

aonghus said...

Táimse - buíochas le Dia - i mo chianchomaitéir.

B'éigean dom siúl cúpla ciliméadair abhaile oíche Luain cionn is nach raibh an bus sásta teacht isteach sa bhaile. Táim ann ó shin!

Dubhaltach said...

Tá na busanna curtha ar ceal anois.
Is fearr leat a bheith cois teallaigh.

Dubhaltach said...

Sheachain tú é seo ar a laghad.

Mise Áine said...

Tá sé go dona anseo, freisin, ach níl na bóithre chomh dona le BÁC - fós!

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Smaoinigh ar na hAlbanaigh bhochta sna garbhchríocha. Ag tabhairt amach idir -25 & -30 C anocht!

Dubhaltach said...

-25! Dar fia!

N'fheadar an bhfuil breall orm ach sílim gur chuala mé duine ar an nuacht ag rá go mbainfeadh an teocht -17 amach in áiteanna in Éirinn anocht!