Tá seanduine a chónaíonn sa Rinn i mBaile Átha Cliath a fheicim go han-mhinic. Rómhinic!
Bíonn sé ag siúl lena bhean chéile go dtí, nó ó, Aifrinn mar shampla. Nó ag dul síos go dtí an siopa áitiúil le haghaidh bosca tae etc.
Níl aon rud ar leith faoi.
Seachas go mbíonn sé ag caitheamh eascainí ciníocha i dtreo aon eachtrannach mí-ámharach a tharlaíonns a bheith i scread asail don sheanbhiogóid amaideach ag an am.
Bogann a sheanbhean chéile bhocht ar aghaidh go ciúin socair é gan focal a rá, amhail is go raibh sé ar tí éirí foréigneach, fiú gan cumas foréigin a bheith ann.
"Na ******* **** siúd thall anseo agus gan post ag na daoine áitiúla" a bheadh sé ag rá, i measc rudaí eile. Níl liosta beacht déanta agam.
Is cuimhin liom an chéad uair a chuala mé é.
Bhíos béaloscailte le hiontas agus náire go bhféadfadh a leithéid d'eascainí teacht as daideo. Bhí náire orm go raibh cailín Áiseach in aice liom ag trasna an bhóthair ag an am céanna freisin. Níor thug sí aon aird de. Easpa Béarla, nó taithí na mblianta de chiníochas is cúis leis an neamhaird iomlán, nó an dá rud is dóigh.
Níor dhúirt mé faic leis an seanfhear i leith a iompair riamh. Theip agus teipeann orm focail a aimsiú a dhéanfadh aon mhaitheas.
Smaoinigh mé faoin seanfocair ar maidin ag léamh an ailt sin atá ar Nuacht24 agus san Indo. "
Ardú ar líon na n-oibrithe eachtrannacha"
.i. Tá na mion-bhuirgéisigh ag iompórtáil na mílte
oibrí sclábhaí ó taobh amuigh den Aontas Eorpach chun sclábhaíocht ar a son. Tá an méid seo at titim amach le linn
cúlú spealadh ollmhór ina bhfuil gá ag 450,000 oibrithe sa tír (tá suas le 60,000 + easpórtáilte cheana) le post a thugann pá.
Mura raibh a dhóthain leithscéil aige roimhe a bheith ag eascainí bheadh sé aige anois.
Agus leis an fhírinne a dhéanamh ní uaibh amháin a chuala mé an t-aon chaint frith-eachtrannach le cúpla mí anuas. Feictear domsa nach bhfuil ann ach go bhfuil sé toilteanach, nó ceanndána go leor, scairt amach os ard cad atá sé, agus an-chuid daoine eile, ag smaoineamh.
Anois ní mór dom a rá go dtuigim buairt agus fearg na ndaoine seo, cairde liom, a bhíonn ag tabhairt amach maidir le cad atá ag titim amach ó thaobh dífhostaíochta de.
Má fheictear duine ón iasacht ag fáil poist luíonn sé le ciall éigin, agus le nádúr an duine, locht a chur ar an oibrí a bhfuil in iomaíocht leis chun an post sin a fháil.
Monuar sin fearg an-thábhachtach imithe amú.
Ní luíonn locht an easpa post, agus na sclábhaíochta, agus na buartha eacnamaíochta, agus na hiarrtha déirce, agus an náire shóisialta le sclábhaithe pá eile, bídís sclábhaithe pá ón iasacht nó ón bhaile béal dorais.
Luíonn an locht ar fad leis an gcóras a thugann cumhacht d'aicme amháin a sclábhaithe pá (aicme oibre) a roghnú, nó "a iompórtáil", bunaithe ar a gcumas an sclábhaí sin a dhúshaothrú le haghaidh brabúis príobháideach níos fearr, bíodh sin trí phá níos ísle, uaireanta oibre níos faide nó cosc ar cheardchumainn (coinníollacha oibre) etc.
Dá gcloisfinn Seanduine na Rinne (Tá dán díreach ann déarfainn!!) ag eascainí faoi chóras agus thíorántacht lucht caipitil a ligeann dóibh bheith ag iompórtáil sclábhaithe isteach sa tír chun iad a dhúshaothrú níos déine, cosúil lena mbráithre Éireannacha, bheannóinn dó agus chroithfinn lámh leis.
Faraor ní tharlóidh sé sin. Tá sé, agus an-chuid eile sa tír, dall ar an bhfíor-fhadhb .i. an córas caiptileach. Mar sin tá a bhfearg dírithe i dtreo oibrithe eile.
Mar fhocal scoir:
Sílim go raibh sé spéisúil nach raibh neart ag an nuachtán buirgéiseach, an Indo, ach a rá an méid seo a leanas san alt:
"In recent years, Irish workers have been rejecting the lowest-paid jobs, although this may change as the labour market continues to worsen." Le cur in iúl mar leithscéal éigin, ar bhealach, nach raibh na mion-bhuirgéisigh a iompórtáil isteach na hoibrithe in ann teacht ar Éireannaigh a bheadh toilteanach an obair a dhéanamh.
Agus seo tír ina mbíonn na mílte mílte oibrí sár-oilte, oilte is neamhoilte ag cur isteach le haghaidh post i sceallóglanna i dTír Chonaill, nó le haghaidh seachtain amháin oibre ag bailiú gloiní le linn rásaí na Gaillimhe mar dhá shampla amháin!