Déardaoin, Iúil 01, 2010

M2010.07.01

Spreag coc an íomhá seo. Beagáinín scanrúil!.

"An féidir dhá bhliain eile a sheasamh?": An cheist a chuir sé.
Ní féidir i ndáiríre, ach ba chóir dúinne a bheith ag cur na ceiste faoin am seo, agus ba chóir go mbeadh plé agus díospóireacht faoi, an féidir linn a bheith ag leanúint ar aghaidh ag vótáil isteach páirtithe leis na polasaithe nua-liobrálacha céanna agus a leanann go dlúth agus a chreideann go domhan i gcur cúige an chaipitleachais mar a thuigeann muid inniu é.
An féidir linn a bheith ag leanúint ar aghaidh ag vótáil isteach páirtithe den eite dheis .i. Fianna Fáil/Fianna Gael, ach ag súil le hathruithe dearfacha nua mar thoradh?

Tá an cuma ar chúrsaí anois go bhfuil sé dosheachanta go mbeidh Fianna Gael i gcumhacht mar an páirtí is mó sa tír i ndiaidh an chéad olltoghchán eile. Tá Taoiseach Enda Kenny dosheachanta: lena lucht gaimbín sean-caite cosúil le Noonan agus Ring nó do rogha rud d'Fhine Gaelach sa chomhaireacht.
Agus ar ndóigh le roinnt giollaí ó Pháirtí an Lucht Oibre ag sodar ina ndiaidh freisin.
Mar a thuigim sa chás sin ní athróidh aon ní, agus leanfaidh muid sa treo a bhfuil muid ag glacadh leis faoi láthair go dtí go mbeadh seans arís ag FF i gceann 5 bliana, agus ar aghaidh linn sa bhfáinne fí go deo.

Tá géarghá nach beag le comhaontas den chlé a chinnteodh daonlathas níos folláine agus a d'fheidhmeodh ar son cothromaíochta i sochaí na tíre atá i measc ceann de na pobail is neamhchothrom ar domhan.

Bhí alt ag an iriseoir Vincent Browne faoin gceist seo ag tús na míosa. Ba bheag an spéis a chuir na meáin sa bheart agus mar sin muintir na tíre. Níl sé ach ina thús ach is dóigh go mbailíonn brobh beart.

Bhí alt eile ar an cheist chéanna ag O'Toole sa nuachtán céanna (Tharlódh athruithe móra i bpolaitíocht na tíre dá mbeadh ailt dá leithéidí á léamh i nuachtáin amhail an Sundy World agus Irish Sun etc.) ag maíomh gurbh é seo seans Pháirtí an Lucht Oibre rialtas den eite chlé a bhunú agus deireadh a chur leis an meaisín polaitíochta in Éirinn.

Lasmuigh den bheirt thuas nach spéisúil an easpa anailíse sna meáin (Béarla agus Gaeilge!) faoi fhéidearthachtaí Pháirtí an Lucht Oibre rialtas nua a bhunú?
Tá aer ag teastáil ag an bhladhm nua seo.

10 comments:

Fearn said...

Ó! Deirim scanrúil leat.

Dubhaltach said...

an íomhá nó an easpa athruithe? :)

Fearn said...

An íomhá fhéin.
Is ar éigin a bhí mé inmhe dul tharis.

Beidh tromluí orm anocht!

Dubhaltach said...

goa! :)

Fearn said...

Sea. Bíonn tromluí ar Fhearn :-)

Dubhaltach said...

Scanraigh alt Titley an Dubhaltach seo! :(

http://www.irishtimes.com/newspaper/features/2010/0701/1224273708299.html

Mise Áine said...

Is maith liom Vincent Brown mar ceapaim go dtuigeann sé cás an phobail, nó droch-chás an phobail, más mian leat!

Maidir le Páirtí an Lucht Oibre, a Dhubhaltaigh, ní bheinn róchinnte faoin bpáirtí sin ach oiread, tar éis chomh héasca agus a d'athraigh siad treo ar an mBille Um Fhiadhúlra - bhí sé furasta iad a chur faoi bhrú, shílfeá.

Teastaíonn dream iomlán nua...

Fearn said...

"Scanraigh alt Titley an Dubhaltach seo!"

Sea. Sin scanradh eile a bhfuil mé freisin.

Fearn said...

ó...mo chreach...

"a bhuail mé"

coc said...

Aontóinn leat a Dhubhaltaigh. Níl dóchas ar bith agam go ndéanfaidh aon rialtas nua pioc de dhifríocht in aghaidh ceartchreidmheacht chaipitileach. Nílim cinnte ach oiread gur i bPáirtí an Lucht Oibre a fheicfear smaointe nó polasaithe úr-nua ach oiread. Tá'n sóisialachas tréigthe amach is amach acu agus nach íorónach an scéal é sin, agus na bancanna go léir náisiúnaithe mar a bhí ag súil leo sna seachtódaí!