Dé Máirt, Iúil 13, 2010

M2010.07.06

Cúis iontais dom go bhfuil daoine fós ag plé "Climategate" amhail is go raibh, nó go bhfuil go fóill, aon rian den fhírinne ann uathu siúd a chuir na líomhaintí mí-iompair in aghaidh na n-eolaithe aeráide.
Ceistíonn eagarthóir an NYT, anseo, an mbeidh cur is cúiteamh forleathan le léamh ar an fhíric nach raibh comhcheilg ann? Sa chaoi céanna a raibh cur is cúiteamh go tréan sna meáin ag maíomh go raibh rud éigin as ord ar siúl! Beag an baol ar ndóigh.
Agus seo an chontúirt shoiléir faoi amaideacht na meáin chumarsáide, ó gach chúinne, a scaipeann bréaga atá curtha chun cinn agus cruthaithe ag dreamanna le leasanna dílsithe chun plé agus réitigh d'athrú aeráide a chur ó mhaith.

Tá an t-aineolas agus an easpa tuisceana cloiste agam ó mo chairde féin maidir le hathrú aeráide, agus bhí níos mó aineolais ar an cheist le feiceáil agus le cloisteáil ar chlár RTÉ le déanaí .i. Níl aon chomhaontú ann, tharla sé roimhe, tá an domhan ag fuarú, is é an ghrian is cúis leis an ardú i dteocht, nó an laghdú i dteocht!! etc etc etc.
Taispeánann na freagraí spéis áirithe sa cheist. Caithfear rudaí a léamh nó a chloisteáil chun teacht ar na tuairimí siúd. Ar ndóigh tá na rudaí seo léite agus cloiste buíochas le nuachtáin, raidió agus teilifís. Agus ar ndóigh an t-idirlíon, buíochas leis na milliúin á gcaitheamh ag comhlachtaí ola is gual chun eolas bréagach a scaipeadh timpeall an domhain. Ag iarraidh a chruthú in aigne an mhóraimh nach bhfuil gníomhaíochtaí an chine dhaonna cionsiocair leis an méadú ollmhór in C02, agus as sin in ardú teochta de bharr iarmhairt cheaptha teasa, ag cruthú athrú aeráide níos tapúla ná aon tréimhse eile i stair an domhain.

Anois go bhfuil an bhréag amuigh ansin agus creidtear go forleathan é -toisc gur léitear nó gur cloistear é ó dhaoine a bhfuil meas ar a dtuairimí- an féidir an bhréag a bhréagnú?
Déanann cláracha cosúil le clár faisnéise Duncan sa nasc don seinnteoir RTÉ thuas éacht mór in aghaidh na bolscaireachta. Mholfainn go mór é mura bhfuil sé feicthe agat go fóill.
Agus tá ról nach beag le himirt ag an idirlíon ar an cheist chomh maith ar ndóigh.

2 comments:

Dennis King said...

Agus an chéad leath den bhliain seo, ó Eanáir go Meitheamh, níos teo ná riamh.

Dubhaltach said...

Agus tá an méid sin ag tarlú le linn íosghníomhú na gréine a chiallaíonn ba chóir go mbeadh fuarú le feiceáil againn.