Dé Céadaoin, Iúil 28, 2010

M2010.07.11

Bhí mé ar saoire ar feadh seachtaine an tseachtain seo caite. Ní cuimhin liom ar léigh mé nó ar chuala mé nó an ndúirt bean liom an chéad uair é an scéal go bhfuil mo dhuine Colm Mac Carthaigh ag amharc, "ar son an stáit", ar na féidearthachtaí sócmhainní an stáit a dhíol .i. a phríobháidiú!
Bord Soláthair an Leictreachais, Córas Iompair Éirinn, An Post, Bord Gáis, Bord na Móna etc etc.
Theip orm focail a aimsiú an t-iontas a bhí orm a chur in iúl. Teipeann orm fós!
Mar is dóigh go mbreathnaím ar an saol trí dhearcadh go hiomlán éagsúil óna gaimbíní atá i rialtas faoi láthair.
Sa chaoi chéanna atá sé deacair an ciníochaí a thuiscint, nó an homafóib nó an t-éigneoir nó an dúnmharfóir tá sé deacair dom an deargchaipitlí a thuiscint. Ní fheicim ciall nó réasúin nó cumas cognaíoch ina dhearcadh ach idé-eolaíocht agus saint, agus a amaideacht shollúnta.

Ní luíonn plean Fhianna Fail/na nGlasraí le ciall. Cén fáth go gcreidfí fós sa saormhargadh i ndiaidh gach uile rud a tharla dá bharr go dtí seo, agus an cuma air go bhfuil níos mó le theacht?
Tá na comhlachtaí leathstáit a bhfuil Macfocoff ag breathnú orthu ag obair go maith, ag cruthú brabúis. An rud is naofa sin.

Seo an áit a dtagann idé-eolaíocht isteach sa scéal, mar níl aon mhíniú eile ann.
Theip ar an mhargadh, ní teip an chórais fhéin atá ann dar leosan, ach teip tionchair an stáit .i. níl an saormhargadh saor a dhóthain! Ní saoirse go saoirse an tsaormhargaidh! "Murach nádúr daonna bheadh gach uile rud togha!".
Cén réiteach atá ann mar sin? Sócmhainní luachmhara an stáit a dhíol le lucht gaimbín do phraghas an-shaor.

Gach lá, gach, uile, lá, atá Fianna Fáil i gcumhacht tá baol níos mó agus níos measa ann don phobal seo. Táid ar buile. Tá seilbh an tearmainn ag na gealta.

Cíorann Mac Liam an cheist níos cruinne ná is féidir liom a dhéanamh, anseo, fiú má thagann a idé-eolaíocht amach ag deireadh an ailt, ag teacht salach ar an chuid eile de....meon an chaipitlí arís!

No comments: