Dé Luain, Bealtaine 31, 2010

M2010.05.18



Nach bhfuil srian le holc an stáit mhídhleathaigh seo?!
Cúis ceiliúrtha atá sa dúnmharaithe do Iosraelaigh lasmuigh d'ambasáid na Tuirce.

Agóid in aghaidh an áir anocht ag 6pm ón Spíce/Ard oifig an Phoist ar shráid Uí Chonaill agus ag ag dul i dtreo ambasáid Iosrael i mBaile Átha Cliath.

Bhí 12 Éireannach sa gcabhlachán daonnúil; Caoimhe Butterly agus Fiachra Ó Luain ina measc, agus lucht daonnúla sa bhád a ionsaíodh i bhfarraigí idirnáisiúnta ag taisteal faoin bhratach trí dhath Éireannach!

12 comments:

Dennis King said...

Níl an stát sin mídhleathach, ach is léir nach dtuigeann siad caidreamh poiblí / PR ar chor ar bith. B'olc an iarmhairt a bheas ann dóibh.

Dubhaltach said...

"Níl an stát sin mídhleathach"

á! Gaza féin .i. campa géibhinn, agus gach uile dhuine a mharaigh siad ann. Lonnaíocht leanúnach. Imshuí leanúnach..... mar shampla!!

Anonymous said...

A Dhubaltach, aontaím leat faoi Iosrael.Bhí sloinne idirlín san IT an tseachtain seo chaite a dheanann comparáid idir rátaí úis atá a ndíol ag bainceanna. An bhféadfá é a chur in iúil dom ?

Dennis King said...

Déanaim idirdhealú ar “stát mídhleathach” (= níl cead acu a bheith ann ar chor ar bith, mar a deir Hamas) agus stát (eile) a dhéanann rudaí a chuireann déistin orm.

aonghus said...

Aontaím le Dennis.

Tá Stát Iosrael chomh dleathach le haon Stáit eile san Meán Oirthear - déantús na Fraince agus na Breataine nuair a roinn siad impireacht na Tuirce mar a áil leo féin. Agus - ainneoin a gcuid lochtanna - níos daonlathaí agus córa na a gcomharsan.

Is deacair an místuaim a bhain leis an eachtra seo a thuiscint ar chor ar bith - féirín do antoiscigh Hamas atá ann.

Dubhaltach said...

@ Dennis agus Aonghus:
Tagaim libh beirt, ach ní ar dhlisteanacht Iosrael atáim chuige. Bíodh is go bhfuil an dlisteanacht ag brath ar do chreideamh, áit ar dhomhan, agus mheas dá réir ar dhlí an Iarthair.

Is éard atá i gceist agam ná an chaoi a bhfuil sé de pholasaithe ag Iosrael feidhmiú go hiomlán lasmuigh den dlí mar rogha leanúnach. Cosúil le dream sceimhlitheoirí ba chóir go n-aithneofaí mar stát mídhleathach é. Agus an dlí curtha i bhfeidhm air dá réir.
Níl stát níos contúirtí ar domhan ná é.

Dúirt Dennis: "ach is léir nach dtuigeann siad caidreamh poiblí / PR ar chor ar bith"
Dúirt Aonghus: "Is deacair an místuaim a bhain leis an eachtra seo a thuiscint ar chor ar bith - féirín do antoiscigh Hamas atá ann."

Tá sibh ag glacadh leis nár bhain siad amach na torthaí a bhí ag teastáil uathu!
Mhaígh urlabhraí Iosrael inné nach raibh rogha acu ach an méid seo a dhéanamh ionas nach bhféadfadh níos mó cabhlach daonnúla an rud céanna a dhéanamh .i. bia is soláthairtí do mhuintir Gaza atá ag fáil bháis leis an ocras.
Ag déanamh beag dá n-imshuí chun ruaig a chur ar Phalaistínigh trí ghéarleanúint, ocras, easpa leighis, easpa oideachais, tart agus síor-mharú.

Maidir leis an PR agus féirín do Hamas, níl aon ghá le níos mó féirín do Hamas! Agus is cuma sa sioc leo faoi chaidreamh poiblí, go háirithe nuair atá an domhan ag brath ar do bholscaireacht!!

Féach Cogadh fuilteach Gaza atá díreach críochnaithe acu!

Bhí féiríní deasa á dtabhairt do Hamas go laethúil agus bhí sé ina phraiseach caidrimh poiblí...
Mharaigh siad na mílte gan trócaire, páistí, máithreacha daoine óga, othair in ospidéal, leanaí i scoileanna... etc etc

Tarlóidh an rud céanna arís sa chás is nuaí seo. Beidh roinnt tíortha dá cháineadh as gníomhartha mídhleathacha ach ciúnóidh a gcáineadh de réir a chéile go dtí an chéad slad ciníoch eile!

Dubhaltach said...

@ Anonymous.

An bhfuil nasc agat don scéal faoi rátaí úis na mbanc?
Ní thuigim go díreach cad atá i gceist agat.

Fearn said...

Tagaim leat, a Dhuibh,

Tá na Síónaigh chomh mídhleathach le faisisteach ar bith, agus feicter dom, níl srian lena n-olc

Dubhaltach said...

Tá an Rachael Corrie ar a bealach fós agus beidh sí ann i gceann cúpla lá.

Tá rialtas na Tuirce ag rá go mbeidh siad ag tacú go míleata le haon chabhlach ag dul go Gaza le bia etc.

D'iarr Mícheál Martin ar rialtas lofa Iosrael gan chur isteach ar thuras daonnúil na nÉireannach.
Bhí óráid láidir aige sa Dáil ina leith.

Fearn said...

@ Dubh.

Beidh an ciarláil chéanna i ndán do Rachel.

Ní shílim go bhfuil an Tuirc réidh fós a ladar míleata a chur sa scéal go fóill.

téid focal Mhícheáil le gaoith agus níl buille ann le dul go cnáimh.

Beish an lá ag an maistín, monuar!

Dubhaltach said...

Mo léan ach labhraíonn tú an fhírinne shearbh... :(

Fearn said...

Áiméan! mar a deir an Eabhrais.

Cé go b'fhearr liom a mhalairt!