Dé Domhnaigh, Bealtaine 30, 2010

M2010.05.17


Seo íomhá thuas mar a fheicim an bhlagmhír thíos.

D'íoslódáil mé Bunchló Ársa ón shuíomh iontach Gaelchló.

Nuair atá sé íoslódáilte d'fhéadfaí an cód simplí a leanas a úsáid i mBlogger chun an cló a úsáid:
N'fheadar an am amú a bheith ag baint úsáide as seanchlónna Gaelacha ach tá rómáns éigin ag baint leis ar aon nós.

7 comments:

aonghus said...

Is féidir níos mó ná ainm amháin a chuir isteach; is fearr roinnt clónna a lua, mar ní bheidh an cló ceannann céanna ag gach duine.

Níl fhios agam an bhfuil cnuas ainm do clónna gaelacha ann (is féidir "Sans Serif" nó "Roman" a chuir isteach agus roghnaítear cló coitianta den aicme sin)

Dubhaltach said...

"Is féidir níos mó ná ainm amháin a chuir isteach; is fearr roinnt clónna a lua, mar ní bheidh an cló ceannann céanna ag gach duine"

Ceart agat. An mbaineann tú úsáid as na seanchlónna?

Go bhfios dom ní sílim go bhfuil cnuas ainm ann. Ach sin smaoineamh maith do lucht Ghaelchló! Bheadh sé an-úsáideach.

aonghus said...

Bainim nuair atá smacht agam ar an rud a dhéanfaidh mé, tríd é a chuir i gcló, íomhá nó pdf a dhéanamh agus rl.

Seachas sin, anois is arís. (Ainneoin go bhfuil an cló ar bhain tú feidhm as agam ar mo ríomhaire, ní sin a chonaic mé san léitheoir Google, ach cló rómhánach sách mór)

Ní fheidhmeoidh cnuasainm gan é beith sainithe ag W3, cé go bhfeadfadh - mar shampla - lucht Mozilla rud éigin a shocrú iad féin a fheidhmeoidh le Firefox.

aonghus said...

Dála an scéil, úsáidim méarchlár a fuair mé ón suíomh úd chun a bheith in ann an ponc séimhithe a úsáid.

Dennis King said...

Is fearr liom Gadelica, clófhoireann álainn a dhear Séamas Ó Brógáin. Tá an kerning níos fearr ann. Bain triail as leis an téacs céanna. Do bharúil?

Dennis King said...

Tá sampla de anseo.

Dubhaltach said...

Má tá muid ag baint úsáide as cló ar leith ba chóir dúinn é a lua sa bhlagmhír ionas go mbeadh léitheoirí in ann an ceann sin a íoslódáil etc.

Grma as an eolas Aonghuis.
Caithfidh mé an méarchlár sin a úsáid, bíonn cuma snasta ar na poncanna.

Grma as an nod Dennis.