Dé Sathairn, Bealtaine 22, 2010

M2010.05.13

Bhí athchraoladh den chlár den chéad scoth ar TG4 aréir; Na Bailitheoirí Ceoil.
George Petrie atá faoi chaibidil sa chéad chlár seo.
Is fiú go mór breathnú air le haghaidh na n-amhrán iontach atá caillte dúinn. Nó a bhí caillte dúinn ba chóir a rá. Go háirithe "Sean amhrán treafa". Ar fheabhas.

Tá an clár féin curtha le chéile go han-snasta. Agus baintear úsáid as an fhuaimrian thar a bheith iontach (Another rather lovely thing) ón sár-scannán The Assassination of Jesse James by the Coward Robert Ford le Brad Pitt agus Casey Afflek.

Bhuail mé le hAfflek tráth agus mé ag obair mar fhear dorais i bpub i mBostún -bhí sé ag iarraidh dul amach ar an tsráid lena dheoch.
Fear deas a bhí ann. Gael-Mheiriceánach bródúil.

3 comments:

Dennis King said...

Bhain mé sult as. Níor chuala mé amhrán treafa riamh roimhe seo.

Cailliomachas said...

Ba laoch é Petrie: ceol ealaín seandálaíocht litríocht na Gaeilge léarscáileanna - agus dea-mhéin gach duine. Tá amhrán treafa taifeadta ag Breandán Ó Madagáin freisin.

Dubhaltach said...

An bhfuil amhrán treafa ar fáil ar líne in aon áit, seachas an clár seo ar TG4?

Tá ealaín Petrie thar cionn. Bhí tallann nach beag aige don phéintéireacht.
Ní raibh a fhios agam ach an oiread gurbh é a chuir tús le seandálaíocht in Éirinn!

Spéisúil go raibh Petrie, Ó Comhraí agus Ó Donnabháin ag obair agus ina gcónaí le chéile.
Triúr fíorthábhachtach.
Cá bhfuil a ndealbha!?