Dé Céadaoin, Bealtaine 19, 2010

M2010.05.10



"Caithfidh duine éigin seasamh suas in aghaidh na saineolaithe"

Sin sliocht beag as alt spéisiúil atá san iris New Scientist. Alt faoi cén fáth a séanann daoine cliste an fhírinne faoi chúrsaí eolaíochta.
Tá an taighde is nuaí ag rá gur meascán d'idé-eolaíocht agus síceolaíocht atá i gceist. Gan a ligean i ndearmad bolscaireacht fhéin, ach is dócha go gcreidtear bolscaireacht áirithe bunaithe ar idé-eolaíocht.

Alt fada a mholfainn atá ann ar aon nós.

Ar nuacht eile tá muid i ndiaidh teacht tríd an Aibreán is teo ariamh ar na taifid domhanda dar le NASA is NOAA, tháinig sé sin ar shála na nuachta go raibh an Márta seo i mbliana an Márta is teo ariamh.
Agus ar ndóigh bhí Eanáir Feabhra níos teo freisin ná aon bhliain roimhe.

In ainneoin seo, agus gach uile rud eile, cloisim daoine fós ag séanadh athrú aeráide!

10 comments:

Míshásta said...

Ní chuirfinn ró-mhuinín sna saineolaithe. Nach iadsan an dream céanna a bhíonn ag iarraidh a chuir ina luí orainn ná fuil an domhan comhréidh in aon chor. A leithéid de thruflais.

Cruthaíochtachas Abú.

aonghus said...

Éiginnteacht agus Easpa muiníne. Cumasc láidir, baolach - go háirithe nuair a bhíonn daoine ar bheagán scrupaill sásta teacht i dtír air.

Dennis King said...

cloisim daoine fós ag séanadh athrú aeráide!

Tá cuid acu ag athrú a scéil anois, ó “níl sé ag tarlú” go “ní muidne is cúis leis”.

Dubhaltach said...

@ Dennis.
Is é. Na daoine siúd san áireamh.

Dubhaltach said...

@ Aonghus
Is fíor go bhfuil an cumasc sin d'éiginnteacht agus easpa muiníne ann i gcásanna áirithe .i. HIV, vacsaíní etc.
Ach maidir le hathrú aeráide agus fliú na muc creideann a lán daoine an bholscaireacht de bharr mothúcháin agus idé-eolaíochta. Cheap mé go raibh sé spéisiúil go bhféadfá tuairim duine ar eolaíocht aeráide a thuar bunaithe ar a thuairim ar phósadh den ghnéas céanna!
N'fheadar mé ón alt an rud nádúrtha é sin nó sóisialta, nó meascán. Is é sin le rá an bhfuil muid cruthaithe le dearcadh ar leith?

aonghus said...

Is dóigh liom féin gur bolscaireacht a bhí sa mhaíomh sin, nó ar a laghad nach riail ginéarálta é.

(Mar shampla, glacaimse leis gur idir bean agus fear, atá tiomáinte dá chéile don saol, agus oscailte do bheatha nua, a bhíonn pósadh. Agus táim measartha cinnte go bhfuil droch thionchar ag ró úsáid an Iarthar ar bhreosla ina (chuid den) chúis le forthéamh Domhanda).

Ní mór cuir san áireamh go bhfuil cogadh cultúir ar móráin frontaí ar bun i SAM; níl rudaí díreach mar an gcéanna san Eoraip.

Ní mór freisin a chuir san áireamh nach gcloistear fíor thuarimí ar móraimh ach go hannamh. Is iad na mionlaigh (glóracha) a chloistear.

Pé scéal é, is ar mhothúchán na daoine, seachas ar a dtuairimí a bhí mise ag trácht. Motháíonn na daoine éiginnte; failtíonn siad roimh tuairimí a thugann suaimhneas dóibh - fiú más suaimhneas bréige é.

Dubhaltach said...

@ Míshásta.
:)

Ach magadh i leataobh ar feadh soicind is rud maith sceipteachas agus ceistiú gach rud a bhaineann le heolaíocht.
Níl sé maith a dhóthain gach uile rud a chreidiúint.
Chreid na saineolaithe céanna go raibh an domhan féin ag croílár na cruinne!

Sin an fáth a gcuireann eolaithe a dtaighde ar fáil i bpáipeirí ionas go bhféadfadh saineolaithe eile a gcuir chuige is torthaí a mheas.
Ag meadú ár dtuiscint ar aon ábhar...

Feicim freisin gur chuid lárnach d'aon ghrúpa atá ag iarraidh eolaíocht nach n-aontaíonn siad léi ag baint úsáide as a gcuid "saineolaithe" féin.
Eg. comhlachtaí ola is guail i leith athrú aeráide, comhlachtaí tobac i leith ailse etc.

Dubhaltach said...

@ Aonghus.
"glacaimse leis gur idir bean agus fear..a bhíonn pósadh. Agus táim measartha cinnte go bhfuil droch thionchar agus ró úsáid an Iarthar ar bhreosla ina (chuid den) chúis le forthéamh Domhanda"

Bhíos ag ceapadh go ndéarfá é sin :)

Is dóigh go mbreathnaíonn tú ar phósadh mar rud naofa seachas beart praiticiúil eacnamaíochta.

Cad atá i gceist agat le "cuid de"
Cuid mór de, cuid beag de nó cuid measartha de?

aonghus said...

Tá níos mó ná naofacht i gceist; ceist "cad é pósadh" atá ann, ceist a tá ró uileghabhálach le plé anseo. Ach tá níos mó i gceist ná lanúin: tá an teaghlach agus an pobal i gceist freisin. Mura mbeahd ann ach an lánúin, ní ceist dlí - stáit ná eaglasta - a bheadh ann a bheag ná a mhór.

Maidir leis an gcuid eile de do cheist; tá daonra an Iarthair - go díreach nó go hindíreach - freagrach as, mar a thuigim, an forthéamh. Ach tá an cuid indíreach ann freisin; dó coillte san Amazóin 7rl. Agus ní chuirfinn bun athrú ar chuinsí eile go hiomlan as an áireamh; ní méann sé sop, áfach - mar ní féidir linn sin a athrú. Is feidir linn ár ndrochnósanna a athrú, agus is mithid dúinn.

Dubhaltach said...

Gan amhras ní féidir an locht a chur ar an "iarthar" amháin. Aon áit a bhfuil an timpeallacht á scriosadh agus CO2 á chaitheamh san aeráid tá locht le cur.

Tá cúinsí eile ann go deimhin, ach tá sé aontaithe gurb iad gníomhachtaí an chine daonna cionsiocair leis an mhéadú leanúnach .i. an teo ag dul i dtreo téamh leanúnach.