Dé Máirt, Bealtaine 18, 2010

M2010.05.09

Buíochas le ormondo tháinig mé ar an mbogearra Gimp.
Clár cosúil le Photoshop atá ann agus gach uile phioc chomh cumhachtach.
Ach tá Gimp saor in aisce.
Le fada an lá bhíos ag baint úsáide as Photofiltre mar uirlis chun bealach a thabhairt do mo shamhlaíoch íomhánna a chruthú. Mo léan, ach tá sé beagáinín teoranta ó thaobh cad is féidir a dhéanamh leis.
Mar shampla bhí sé i gceist agam le fada an lá íomhá "Che-úil" de Shéamus Ó Conghaile a dhéanamh, ach ní rabhas in ann de bharr srianta an bhogearra ar bhain mé úsáid as.

Réitithe faoi dheireadh thiar thall:



Chruthaigh mé ceann díom féin mar is féidir a fheiceáil in aice le m'ainm thuas.
Níl ann ach píosa spraoi, agus tógfaidh mé síos é go luath agus cuirfidh mé Séamus suas ina áit arís.

5 comments:

Dennis King said...

Maith thú. D'íoslódáil mé Gimp níos mó ná mí ó shin ach tá sé fós le foghlaim agam. Caithfidh mé spás a dhéanamh chuige sin lá (nó seachtain!) de na laethanta seo. Go n-éirí an Gimp leat! (Ach ní dia beag domsa é Che, caithfidh mé a admháil.)

Dubhaltach said...

Ní Dia beag domsa é ach an oiread.
Níl aon déithe beaga agam, ach meas agam ar mhacántacht, chrógacht agus dúthracht

Chruthaigh mé íomhá Che-úil de Shéamas mar píosa spraoi.

Mise Áine said...

Táim ag freastal ar chúrsa bunúsach 'Photoshop' i láthair na huaire, é i gceist agam rud beag a fhoghlaim faoin mbogearra sin, le go mbeidh mé in ann íomhánna a chruthú srl.

Is tusa an dara duine a luaigh Gimp liom an tseachtain seo, a Dhubhaltaigh, agus ó tharla tú féin sásta leis, déanfaidh sé mise freisin - go raibh maith agat!

Ach an oiread le Dennis, níl uaim anois ach am a dhéanamh len é fhoghlaim...

Dubhaltach said...

@ Áine.
Ba bhreá liom cúrsa mar sin a dhéanamh.

Tá go leor cleachtadh le fáil ar You Tube maidir le Gimp de.
Go pearsanta ní féidir liom suí síos le bogearra nua agus é a fhoghlaim. De réir a chéile a bheas tuiscint níos fearr agam air.

Dubhaltach said...

Maidir le Che agus a aghaidh ar na céadta míle t-léinte timpeall an domhain.
Bhuail mé le duine atá ar m'aithne ag an deireadh seachtaine agus ceann de na t-léinte seo á chaitheamh aige.

"Á", a dúirt mé, "Ernesto Guevara, nó Che mar a bhaist a chaide air. Ní raibh a fhios agam gur marxach sóisialach thú a Nicholais?"

"Céard?" "Cé?" a d'fhreagair sé. Thugas miniú tapaidh simplí dó.

ó, cheap mé gur sórt Rambo a bhí ann nó rud éigin mar sin....