Dé Céadaoin, Bealtaine 12, 2010

M2010.05.07

Brúigh an íomhá le méadú.



Is éasca a bheith ciniciúil faoi na daoine a bhris amach ón agóid aréir chun geataí na Dála a shárú. Cad a bhíodar ag iarraidh a dhéanamh? Cad a bhíodar ag iarraidh a bhaint amach?

Ní raibh ann i ndáiríre ach ionsaí siombalach ar chró na cumhachta truaillithe.

Ach ní mór cuimhneamh gur rud cumhacht é féin an siombalachas chun aigní a mhúscailt.

Murach é ní bheadh caint faoin agóid inniu.

7 comments:

aonghus said...

Is fíor dhuit.

Dennis King said...

“geataí a shárú” ? Rith cúpla íomhá áiféiseach trí m'intinn. An féidir "sáraigh" a úsáid mar sin?

Néidí said...

Tá ceann eile eagraithe don Satharn seo.

Fearn said...

Nárbh fhada go mbeidh caitheamh agus tilgeadh Pharlaimint na hÚcráine againn!

Dubhaltach said...

@ Dennis.

Sin an chéad fhocal a rith liom nuair a chonaic mé daoine ag iarraidh siúl trí geataí na dála, seans go bhfuil breall orm faoi. Is minic a bhíonn botún orm.

Dubhaltach said...

@ Fearn

"tilgeadh"
Sin Gaeilge na nGael tuaisceartach?

Dubhaltach said...

@ Néidí.

Tá ceann eile anocht lasmuigh den Dáil arís. Tá súil agam go mbeidh tú ann.