Dé hAoine, Bealtaine 07, 2010

M2010.05.06

Bíonn breall ormsa cosúil le cách. Creidim i rudaí a deirtear sna nuachtáin! Agus is duine mé a dhéanann iarracht gan faic a chreidiúint óna meáin chumarsáide. Dá léifinn alt tuairimíochta ó aon nuachtán Éireannach ag maíomh go raibh an spéir gorm bheinn ag ceapadh gur tháinig athrú uirthi thar oíche agus go mbeadh corcra nó dath eile uirthi.

Cúis an-díomá pearsanta a bhí ann dom féin mar sin gur chreid mé an méid a mhaítear sna meáin faoina dúirt Evó Morales uachtarán réabhlóideach na Bolaive maidir le daoine aeracha.

Bhí díomá an domhain orm go bhféadfadh sóisialach a bheith chomh cúngaigeanta agus a bheith glan in aghaidh bunphrionsabal an tsóisialachais fhéin.
Conas is féidir le fear cliste mar Mhorales a bheith ag ceapadh a leithéid? a bhíos féin ag ceapadh
Bhí meas mór -an-mhór ar fad- agam don fhear, agus chaill mé misneach de bharr.
Ní dheachaigh mé ar thóir níos mó eolais, mar níor mhaith liom níos mó a chloisteáil...

Bhí alt san ITar maidin ag tosnú leis an maíomh céanna:
"HOMOSEXUALITY IS caused by eating chickens, according to the Bolivian president"
Á Foc, diomúch arís a bhí mé.
Focain amadán d'uachtarán, a dúirt mé liom féin.
Tá cuma na geilte ort anois agus tharraingt tú do réabhlóid thíos leat a bhíos ag ceapadh.

Ach táim díreach tar éis an bhlagmhír seo a léamh. (Mholfainn é)

Agus tá an sliocht ann faoi cad go díreach a dúirt Morales:

“El pollo que comemos está cargado de hormonas femeninas, por eso cuando los hombres comen esos pollos tienen desviaciones en su ser como hombres”

Nílim diomúch a thuilleadh. Tá níos mó le léamh ina leith ar an bhlag luaite thuas.

Cad é an chleacht atá foghlamtha agam arís!?
Ná creid focal, focal ar bith. Go brách!
Go háirithe maidir le réabhlóidí sóisialacha Mheiriceá Laidineach.

4 comments:

Dennis King said...

GRMA as an scéal seo a chíoradh, a Dh.

Nach bhfuil Evo dathúil ina chuid bling?
:-)

Dubhaltach said...

Tá sé pimped out i gceart :)

Mise Áine said...

Is fearr an rud a léitear a chogaint sula slogtar é, a Dhubhaltaigh - is é an t-amhras eochair na tuisceana...;-)

Dubhaltach said...

Tagaim leat, go huile is go hiomlán. Sin an fáth a raibh chomh mór díomá orm.