Dé Céadaoin, Bealtaine 05, 2010

M2010.05.04

Mar gheall ar an chúlú tá níos mó spéise á chur in athuair i saothar Mharx ar an gcóras caipitlíoch. De réir dealraimh tá an-tóir ar An Caipiteal i ngach aon teanga timpeall an domhain.
Is dóigh go bhfuil tóir ar an leabhar toisc go míníonn sé an chaoi a mbogann an córas caipitleachais ó ghéarchéim go géarchéim gan réiteach. An chaoi go mbogann an fhadhb sa chóras ó fhoinse na faidhbe .i. ó fhadhb na mbanc go dtí an stát, agus as sin go dtí na hoibrithe sa stát sin. Féach gach tír chaipitlíoch ar domhan mar shampla. Féach An Ghréig agus An Íoslainn.
Féach ar an teilifís anocht agus na cláracha siúd ó Wall Street (CNBC), éist lena nglór fuar agus an chaoi a bhfuilid ag caint faoi dheiseanna infheistíochta agus díolacháin ar dhroim anachain mhuintir na Gréige!

Streachailt aicmeach atá ann

Seo thíos físeán spéisiúil ina bhfuil agallamh le David Harvey ar an streachailt aicmeach atá mar bhunchloch de theagasc Marx ina anailís ar chaipitleachas.

15 comments:

Dennis King said...

Ach... nach raibh beagnach chuile dhuine sa Ghréig comhpháirteach sa mhíbhainistíocht? Admhaíonn siad gur cuid dá gcultúr é an tax dodging? Agus maidir leis an Íoslainn, ní dóigh liom go raibh aon bhochtáin sa tír sin le fada an lá. Ach shíl an pobal go léir cúpla bliain ó shin nach mbeadh deireadh go deo leis an rachmas nua, agus bhí siad uilig á chaitheamh ar nós na mairnéalach ólta.

Dubhaltach said...

"nach raibh beagnach chuile dhuine sa Ghréig comhpháirteach sa mhíbhainistíocht?"

Ní raibh ar chor ar bith. Sin an miotas a luaigh mé sa bhlagmhír eile thíos.
Tá an chuid is mó de sheachaint cánach ag teacht ó lucht gnó agus comhlachtaí móra.
Mhaígh an nuachtán Kathimerini go raibh 15,300 comhlacht sa tír nár íoc cáin ar bith an bhliain seo caite.
Chomh maith leis an tseachaint cánach bhí cáin chorparáideach á hísliú go leanúnach, tá sé ag seasamh ag 25% faoi láthair. Bhí méadú ar bhrabús na gcomhlachtaí móra le linn na tréimhse seo.

Bhí na bainc ag caitheamh creidmheas saor i dtreo muintir na hÍoslainne cosúil le gach uile thír eile.
Táid ag íoc go daor as a bhfiacha féin anois, agus as fiacha na mbanc leis....

Dennis King said...

Nach mithid do na Gréagaigh rialtas a thoghadh a thabharfadh ar na comhlachtaí seo a gcuid cánacha a íoc? Tá an córas briste sa tír sin le fada an lá. Dá mbeadh deis acu an drachma a dhíoluacháil, bheadh na fiacha díoluacháilte freisin agus bheadh a gcuid táirgí níos saoire agus ... ach níl. Chuir siad (.i. na daoine a chuir siad i bhfeidhm ar an tír .i. an rialtas) iad féin i sáinn. Tá trua agam dóibh, mar níl aon bhealach éasca as an tsáinn sin.

Míshásta said...

Tá teoiricí an Mharxaigh chomh ábhartha inniu is atá meon bhanríon Victoria. Cuireann mo dhuine, David Harvey, i gcuimhne dhom bunúsaithe críostaíochta is bunchreidmhigh Islam a bhíonn go síoraí ag quótáil as an dea-leabhar.

Dubhaltach said...

"Tá teoiricí an Mharxaigh chomh ábhartha inniu is atá meon bhanríon Victoria."

N'fheadar cad a bhí ar mheon bhanríon Victoria, ach is ráiteas láidir a dhéanamh nach bhfuil anailís Mharx ábhartha! Ós rud é go mbaineann sé go díreach leis an gcóras atá i bhfeidhm.
Is ráiteas a chloistear go minic, ach gan mórán lasmuigh de mar thacú....

An bhfuil fáth éigin agat é sin a mhaíomh?
An bhfuil rud éigin ina saothair a chuireann in iúl duit nach bhfuil sé ábhartha?
Míníonn sé an gaol idir an t-oibrí agus a shaothar go paiteanta.
Chomh fada agus atá caipitleachas i bhfeidhm beidh Marx ábhartha.

Nó an bhfuil sé ró-shean le bheith ábhartha .i. we are where we are níl aon bhunús le sean-anailís.
Lean oraibh agus ná bígí ag smaoineamh faoi bhur ról sa chóras!

An bhféadfá an rud céanna a mhaíomh faoi Keynes, nó Adam Smith nó aon eacnamaí eile a thug teoiricí faoi chaipitleachas, a mhúnlaigh nua-liobrálachas agus a chruthaigh na fadhbanna eacnamaíochta atá againn gach glúin eile.
Tá daoine de shíor ag quótáil as a dea-leabhair .i. Brown, Obama etc.
Ach táid inghlactha óir ní cheistíonn siad áit na n-oibrithe sa chóras céanna.
An bhfuil Smith, abair, chomh ábhartha inniu is atá meon Rí Seoirse II?

Tá mo dhuine ag quótáil as leabhar eacnamaíochta Mharx toisc gur léacht ar an ábhar atá ann. Ní rud crábhaidh é.

Dubhaltach said...

"Nach mithid do na Gréagaigh rialtas a thoghadh a thabharfadh ar na comhlachtaí seo a gcuid cánacha a íoc?"

Thogh siad. Sin an fáth gur cuireadh ruaig ar an pháirtí den eite dheis a bhí ann le fada.
Toghadh an páirtí Sóisialach ina n-áit. Mo léan bhí sé ródhéanach óir bhí an geilleagar scriosta ag na nua-liobrálaithe roimhe agus ní raibh aon ní i ndán dóibh ach an méid atá le feiscint againn inniu.

Ba mhaith leis na Gréagaigh (oibrithe na Gréige nár chruthaigh an fhadhb) an drachma a chur ag obair arís, agus droim láimh a thabhairt don Euro, agus a rá "téigh trasna ort féin" don AE agus an IMF. Éist lena bhfuil a rá ag na daoine atá i mbun agóide. Tuigeann siad go bhfuil cliseadh ag teastáil má tá siad le teacht slán.
Faraor má tharlaíonn sé sin bheadh cúrsaí níos measa san Eoraip. Bheadh caillteanais ollmhóra ag na bainc ón Ghearmáin agus ón Fhrainc.
Agus thitfeadh an Euro féin. Faoi rialacha an chórais ní foláir d'oibrithe na Gréige caillteanais na mbanc iasachta a iompair ergo agóid agus suaitheadh sóisialta.
Ní leosan fiacha na mbanc.

aonghus said...

Is dóigh liom go bhfuil fiúntas le hanailís Mharx. Sé an rud atá neamh fhiúntach ná a réiteach ar na fadhbanna, [sa mhéid agus gur fhorbair sé réiteach] toisc nach gcuireann sé san áireamh nadúr an duine.

Dubhaltach said...

Ní saineolaí mé ach ní shílim go gcuireann sé aon réiteach chun cinn. Ní blueprint An Caipiteal.
Is critic é ar chaipitleachas.

Chreid Marx nach mbeadh réabhlóid go dtí tuiscint an lucht oibre ar a n-áit i sochaí.
D'fhorbair sé a chritic mar uirlis don lucht oibre an fhírinne a fheiceáil ionas go mbeadh réabhlóid ina gcuirfear daonlathas iomlán i bhfeidhm (daonlathas sóisialach) ag cur deireadh le dúshaothrú an mhóraimh ar son bhrabús an mhionlaigh.

Nuair a deireann tú nádúr an duine táim ag ceapadh go bhfuil tú ag caint faoi shaint etc.
Go bhfios dom ní bun-ghné den duine saint ach iarmhairt den tsochaí agus an córas eacnamaíochta.
Is é sin le rá níl an cine daonna santach go nádúrtha, níor rugadh santach muid.

aonghus said...

níor rugadh santach muid

Is ríléir tú bheith (fós) gan páistí!

Faraor, feictear dom go bhfuil tú mícheart: tá nadúr gonta ag an duine. Ach sin ceist atá cíortha go minic thall is abhus.

Dubhaltach said...

"Is ríléir tú bheith (fós) gan páistí!"

Is fíor sin :)
Ach lá amháin le cúnamh Dé.

Feicim go raibh caibidil ag Marx i leith nádúr an duine nó "Gattungswesen"

http://en.wikipedia.org/wiki/Marx%27s_theory_of_human_nature

aonghus said...

Is ionann Gattung agus an chine ar fad.

Ní an neach daonna ach an chine atá faoi chaibidil aige, sílim. Ach táim ró thuirseach le bheith ag cíoradh na ceiste anocht.

Dennis King said...

@ Aonghus

“Nádúr gonta”? Sin radharc miotaseolaíoch. Ní raibh Aois Órga nó Éidin ann riamh. Níor goineadh an nádúr atá ionainn. Múnlaíodh é san Afraic fadó fadó le go mbeadh ár sinsir in ann maireachtáil ó ghlúin go glúin go dtí an lá atá inniu ann. Tá muid anseo anois a bhuí leis an nádúr sin. Is work in progess muid, fearacht chuile neach beo eile ar an talamh. Tá an domhan ag athrú in éindí linn féin. An mbeidh muid in ann cos a choinneáil leis na hathruithe, sin í an cheist.

Dubhaltach said...

Ní déarfainn go raibh Aonghus ag maíomh sin.

Dennis King said...

ó Wikipedia:

Augustine held that the effects of Adam's sin are transmitted to his descendants not by example but by the very fact of generation from that ancestor. A wounded nature comes to the soul and body of the new person from his/her parents, who experience libido (or concupiscence). Augustine's view was that human procreation was the way the transmission was being effected. He did not blame, however, the sexual passion itself, but the spiritual concupiscence present in human nature, soul and body, even after baptismal regeneration. Christian parents transmit their wounded nature to children, because they give them birth, not the "re-birth".

Fearn said...

<<"nach raibh beagnach chuile dhuine sa Ghréig comhpháirteach sa mhíbhainistíocht?"Admhaíonn siad gur cuid dá gcultúr é an tax dodging?

Ní raibh ar chor ar bith. Sin an miotas a luaigh mé sa bhlagmhír eile thíos. >>

I gcead duit, a Dhuibh, bhí an ceart ag Dhe'n Fhios: Caitheamh aimsire náisiúnta ag an Gréagach an t-éalú cánacha.
Cogar: de réir staidrimh oifigiúla na Gréige: cé hiad na daoine is mó ioncaim sa tír sin, tír na ngróitíní loingis mara agus na turasóireachta? Sea, an ceart agat: Státsheirbhísigh. Cé'n fáth?: ní thig leo a dtuarastal ceart a cheilt.

Ceist eile: Cad é an meánioncam ag dochtiúirí na Gréige de réir Oifig na gCánach? 20 000 € sa bhliain.
Seo na staidrimh.

Tá duine éigin in áit éigin ag ceilt na fírinne.