Dé Máirt, Bealtaine 04, 2010

M2010.05.01

Cliceáil le méadú.

---------------------------------------------------
Choinnigh Lucht TG4 an clár nua Dermot Somers Turas Feasa faoi rún!

Chonac ar teilifís ciúin i dteach tábhairne i gCorca Dhuibhne é le linn an deireadh seachtaine. Ag súil go mór féachaint air i gceart anocht.

Scéal Aoidh Rua Uí Dhónaill atá á chíoradh aige .i. Log na Coille agus roinnt sléibhte Chill Mhantáin á siúl aige sa chéad chlár.

Cuid a 1 le feiscint anseo, agus cuid a 2 anseo.

---------------------------------------------------

(Cartún cliste le Ed Stein)

Tá buntáistí eile an tsaormhargaidh le feiscint againn maidir leis an doirteadh ola tubaisteach sin sa Murascaill Mheicsiceo.
Má ligtear don chaipitlí (na bainc mar shampla, agus lucht ola sa chás seo) a rogha rud a dhéanamh le féinrialúchán brisfidh sé rialacha oibre chun brabús sa bhreis a chinntiú.

Agus is é an domhan, muintir an domhain agus an timpeallacht i gcoitinne a bhíonn thíos leis!

Scéal ón NYT anseo

2 comments:

Dennis King said...

1) Nár cheart duit an euro a lua chomh maith? Murach é bheadh an Ghréig in ann an drachma (RIP) a dhíluacháil.

2) GRMA!

3) Is cosúil go bhfuil BP i bhfad níos measa ná comhlachtaí ola eile madir le sábháilteacht. Tá taifead fíor-dhona acu.

Dubhaltach said...

1) Gan amhras. Ní oibríonn an "Onesizefitsall" do thíortha éagsúla le geilleagar difriúla.
Bhíodh idir eacnamaithe den eite chlé is dheis ag maíomh a leithéid le fada.
Tá an cruthú againn anois.
Agus beidh níos measa le feiceáil fós nuair a chinneann na tíortha móra san Eoraip ardú a dhéanamh ar rátaí úis.

Níor luaigh mé an Euro mar is éard atá i gceist agam sa cheann seo iarrachtaí ár rialtas ár máistrí sa mhargadh a cheansú le híobairtí nua-liobrálacha do na daoine is leochailí i sochaí ach ag fánúint lucht an rachmais sochair ag carnadh brabúis.

2) Fáilte romhat.

3) N'fheadar cé acu is measa, táid go léir ar son rud amháin agus sin brabús.
Tharlaigh an tubaiste seo de bharr gháis a phléasc buair a rinneadh iarracht caidhp a chur ar an bpíobán ola.
Anois tarlaíonn a leithéid le taiscéalaíocht ola agus gáis, sin an fhadhb lena leithéid de bhreosla. Sin a amaideacht.
Ach in Éirinn beidh muintir Iorrais ina gcónaí go díreach in aice le píopa gáis amh ag teach go díreach ón talamh!

Sin an fáth gur chruthaigh Ed Stein an cartún sin, níl aon bhaol dúinn nó don timpeallacht ón ghaoth.