Dé Céadaoin, Aibreán 14, 2010

M2010.04.11

Cliceáil chun é a mhéadú.

Íomhá de bheirt cailín ón Chabhán cruthaithe ar stripgenerator .
Smaoineamh ó shaothar Paul Lafargue i 1903.

Tá an chéad chéim cheart eile ag Joe Higgins .i. ba chóir go mbeadh an gnó seo i seilbh na ndaoine a oibríonn ann.
Cosúil leis an gcomhlacht seo óna stáit:
"The Seven Cooperative Principles:

-Open membership - no gender, social, racial, political or religious discrimination
-Democratic control - one member, one vote
-Equitable economic participation among members and distribution of profits based on patronage
-Autonomy and independence - controlled by members
-Education and training
-Cooperation among cooperatives
-Concern for community"
D'fhéadfadh muintir An Chabháin agus rialtas na hÉireann araon a lán nithe a fhoghlaim óna leithéid de bheart.

13 comments:

Dennis King said...

Cuireann na “cinn ag caint” seo “This Modern World” le Tom Tomorrow i gcuimhne dom.

aonghus said...

Ana mhaith. Agus cruinn.

Gnó aisteach is ea árachas, ach is cosúil nach raibh ann ach inneall airgid do cearrbhachas baoth ag Ó Cuinn.

Mise Áine said...

Má oibrionn comharchumainn chomh maith sin, a Dhubhaltaigh, cén fáth nach bhfuil i bhfad níos mó comhlachtaí i seilbh na ndaoine?

An é go bhfuil duine amháin, duine fearacht Quinn agus a leithéid, mar shampla, níos láidre/uaillmhianaí ná grúpa daoine ag obair le chéile?

Níl a fhios agam cén fáth, ach tagann Animal Farm le George Orwell isteach i mo chloigeann, cé go bhfuil sé blianta ó léigh mé é...

Dubhaltach said...

"cén fáth nach bhfuil i bhfad níos mó comhlachtaí i seilbh na ndaoine?"

Mar is sóisialachas é!
Is éard atá i sóisialachas ná daonlathas tionsclaíoch iomlán chun leas na ndaoine a chruthaíonn an saibhreas. Ach ní daonlathas mar a thuigeann muid é, ní bhíonn toghcháin ann gach 5 bliain abair. I sóisialachas bíonn rannpháirtíocht leanúnach agus tionchar díreach ag na hoibrithe ar gach uile ghné den ghnó.
Is éard atá i sóisialachas ná síneadh de dhaonlathas chuig gach gné dár saol.

Tá Animal Farm an-fheiliúnach mar mhíniú.
Is éard atá san úrscéal sin ná aoir ar tíorántacht i bpolaitíocht sa Rúis, ag sóisialaí.
Tá struchtúr san ionad oibre bunaithe ar an bprionsabal céanna .i. tíorántacht, ina bhfuil duine amháin nó grúpa daoine ag reáchtáil obair na n-oibrithe do leas an duine aonar.

Bheadh a leithéid de chóras sóisialach ina bhagairt do stát caipitlíoch agus an chaoi a bhfuil brabús déanta do chomhlachtaí agus daoine le ceangal leis an rialtas caipitlíoch.
Sa tír seo tá cultas an fhiontraí i bhfeidhm go mór mór! Tá sé dochreidte. Smaoiníonn daoine ar an mbonn seo, is é sin le rá tá an chumhacht leis an duine aonar.

Mar mhíniú níos simplí faoi cén fáth a smaoiníonn muid mar seo tá sampla maith maidir le Orwell de, gan fhios dó. San aiste "Why I Write" mhaígh sé:
"The Spanish War and other events in 1936–37, turned the scale. Thereafter I knew where I stood. Every line of serious work that I have written since 1936 has been written directly or indirectly against totalitarianism and for Democratic Socialism as I understand it."

Den leagan a tháinig amach sna stáit i ndiaidh sin bhí:
'Every line of serious work that I’ve written since 1936 has been written directly or indirectly against Totalitarianism ... dot, dot, dot, dot,.'
Fágadh "for Democratic Socialism as I understand it" as an áireamh.

Dubhaltach said...

http://www.youtube.com/watch?v=NZldlyeR8DU

Animal Farm ar You Tube má tá spéis ag éinne ann.

Fearn said...

Bhí comharchumainn feirmeoireachta ar fud na hÉireann go dtí tamall ó shoin. Tháinig an toice feola Goodman is scriosadh iad. Nó, is cirte a rá, thréig na feirmeoirí na comharchumainn ar mhaithe leis an airgead síos thar an airgead i bhfad. Mheall an toice an cumhacht fiontraíochta ó na feirmeoirí, agus shíl said go raibh siad thuas. Rugadh an Tíogar Ceilteach sa tréimhse seo.

Sílim go bhfuil sé furasta dallmhullóg a chur ar dhaoine.

aonghus said...

Tá.

Agus tá sé deacair an maorlathas a choiméad ionraic. Nuair a bhíonn aos ann atá ag reachtáil rudaí, sin an uair go dtiteann an tóin as an Daonlathas Soisialach. Faraor.

Dubhaltach said...

@ Aonghus

An bhfuil maorlathas na Sóivéide i gceist agat?

Dubhaltach said...

"Sílim go bhfuil sé furasta dallamullóg a chur ar dhaoine."

Tá. An-fhurasta.

aonghus said...

Aon maorlathas, áit ar bith.

Ní fada go cheapann aon mhaolathas gur dóibhsean atá an rud atá á reachtail acu ann, seachas an bealach eile thart. Rud is ciontsiocair le a lán olc san Domhan!

Mise Áine said...

An bhfuil aon tír, a Dhubhaltaigh, ina bhfuil, nó ina raibh, an ' sóisialachas ná daonlathas tionsclaíoch iomlán' i bhfeidhm ann, agus ag obair fós 'chun leas na ndaoine a chruthaíonn an saibhreas'?

Dubhaltach said...

Tá.
Sa réabhlóid Rúiseach ar dtús gan amhras, b'shin a thug misneach do lucht oibre na tíre an rud céanna a éileamh mar is féidir a fheiceáil sa chlár sin ar TG4.

I dtíortha sóisialacha i Meiriceá Laidineach .i. Cúba, Veiniséala, an Bholaiv etc.

Féach thíos le roinnt samplaí:

http://www.newsreel.org/nav/title.asp?tc=CN0207

http://www.youtube.com/watch?v=J9GFKX-73WY&feature=player_embedded

Tarlaíonn sé seo i dtíortha eile freisin, an cás seo thíos san Airgintín mar shampla:

http://latinamericansolidaritynetwork.org/node/305

Is iomaí comhlacht san Eoraip a chleachtann "comhbhainistíocht" leis na hoibrithe chun bun a thabhairt dóibh sa chomhlacht sin, le go mbraithfidís páirteach i gcúrsaí an chomhlachta.
Ach ní fíor-chomhbhainistíocht atá i gceist ansin ar chor ar bith. Agus ag deireadh an lae déanfaidh an bhainistíocht a rogha rud mar ní leis an lucht oibre na meáin táirgeachta.

Tá sampla eile de le fáil sa nasc óna stáit sa bhlagmhír freisin.

Dubhaltach said...

http://www.dollarsandsense.org/archives/2006/0706bowmanstone.html