Dé Luain, Márta 15, 2010

M2010.03.11



Ábhar machnaimh iontach ó Noam Chomsky thuas, ó agallamh i 2003, nach raibh feicthe agamsa go dtí seo. Is fiú go mór an fhírinne seo a chloisteáil. An fhírinne faoi cad is sóisialachas ann -mar a thuigeann sóisialaithe é- .i. comhionannas, an lucht oibre a bheith i seilbh iomlán ar na meáin táirgeachta, daonlathas tionsclaíoch iomlán chun leas na ndaoine a chruthaíonn an saibhreas, deireadh a chur le tíorántacht lucht gaimbín. Comharchumann oibrithe mar réiteach ar fhaillí an chaipitleachais.

Agus má níos ag teastáil uait.

4 comments:

Dennis King said...

Suimiúil. GRMA. Cá bhfuil sampla maith de industrial democracy ~ daonlathas tionsclaíoch le feiceáil?

Dubhaltach said...

De ghnáth tugtar "comhúinéireacht" nó "comhbhainistíocht" ar an ghné áirithe seo de shóisialachas.
Agus ar ndóigh tá an fíor-dhaonlathas seo le feiceáil go soiléir sna tíortha sóisialacha i Meiriceá Laidineach .i. Cúba, Veiniséala etc.

Féach thíos:

http://www.newsreel.org/nav/title.asp?tc=CN0207

Ar ndóigh tarlaíonn sé seo i dtíortha eile ar ndóigh, an cás seo thíos san Airgintín mar shampla:

http://latinamericansolidaritynetwork.org/node/305

Ar ndóigh freisin is iomaí comhlacht a chleachtann "comhbhainistíocht" - san Eoraip- leis na hoibrithe chun bun a thabhairt dóibh sa chomhlacht sin, le go mbraithfidís páirteach i gcúrsaí an chomhlachta.
Ach ní fíor-chomhbhainistíocht atá i gceist ansin ar chor ar bith. Agus ag deireadh an lae déanfaidh an bhainistíocht a rogha rud mar ní leis an lucht oibre na meáin táirgeachta.

Ní féidir liom teacht ar fhíseán nó leathanach idirlín ach tá sampla iontach ó SAM de ghné seo le feiceáil i scannán is nuaí ó Micheal Moore (Capatilism a Love Story)

Mise Áine said...

Is fiú na rudaí seo a léamh, agus a chloistéail, i mo thuairim. Ábhar machnaimh, gan dabht. Go raibh maith agat.

Dubhaltach said...

míle fáilte romhat a Áine. Fiú mura n-aontaítear le sóisialachas is fiú go mór a bheith ar eolas cad is sóisialachas ann ionas go bhféadfaí tuairim a bhunú air.